Ag druidim le 100 bliain ó bunaíodh stát an tuaiscirt tá dúshláin roimh aontachtaithe

Má tá aontachtaithe chun a áitiú ar dhaoine eile gurbh fhiú fanacht san Ríocht Aontaithe, beidh gá acu le hargóintí thairis a bheith ag rá gurb é a gceart é

Ag druidim le 100 bliain ó bunaíodh stát an tuaiscirt tá dúshláin roimh aontachtaithe

“Ní géilleadh d’Éire aontaithe é páirt a ghlacadh i gcomhráite chun a dhul i ngleic lena mbeadh i ndán dúinn dá mbeadh reifreann faoin teorainn ann,” a dúirt duine de lucht eagair an chruinniú d’aontachtaithe a thug éisteacht d’uachtarán Shinn Féin i mBéal Feirste oíche Dé Luain.

Teacht le chéile as an gcoitiantacht ab ea é. Aontachtaithe neamhthofa den chuid is mó a bhí taobh thiar de, Terry Wright, iarchathaoirleach an UUP go príomha. Murab ionann agus an DUP a dhéanann beag is fiú den chaint ar reifreann faoin teorainn, mhaígh Wright nach féidir a shéanadh gur beocheist í an teorainn de bharr an Bhreatimeachta.

Bhí thart ar chéad duine i láthair ag an gcruinniú in Ollscoil na Ríona. Ní beag sin. Níl sé inchomparáide leis an ollchruinniú a bhí ag náisiúnaithe ag deireadh na míosa seo caite nuair a bhí 1,500 i láthair, ach rinneadh an-chuid fógraíochta don ócáid náisiúnach rud nach raibh fíor faoin gceann aontachtach. Thairis sin is ceist íogair, chonspóideach i measc aontachtaithe ceist an reifrinn i dtaca leis an teorainn. Measann roinnt nár cheart aon phlé a dhéanamh go poiblí ar an scéal mar gur ionann sin agus comhoibriú le lucht athaontaithe na hÉireann. Mionlach an-bheag is ea iadsan a mhaíonn nach mór d’aontachtaithe aghaidh a thabhairt ar an dúshlán.

Ní léir an síológ a bhláthóidh amach anseo a bhí sa chéad chruinniú sin. Is léir áfach go bhfuil sé riachtanach go mbeadh comhrá i measc aontachtaithe faoin ábhar agus gur thug roinnt acu céim thábhachtach ina threo ar an Luan.

Dúirt uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, leis an slua go raibh athmhuintearas níos práinní ná an cheist bhunreachtúil. Ní rogha idir athmhuintearas agus Éire aontaithe atá le déanamh, ar sí. Ní cleas é cothú an athmhuintearais chun aontas a bhaint amach. Bhí sí deimhin de go raibh an t-athmhuintearas lárnach agus nach bhféadfaí é a chur ar an méar fhada go dtí go mbeadh Éire aontaithe ann. Tá an glór aontachtach chomh riachtanach sa phleanáil d’Éirinn nua is atá an glór náisiúnach, arsa McDonald. Tá, próiseas leagtha amach don aontas, dar léi, agus é riachtanach anois go n-aimseofaí próiseas chun athmhuintearas a chothú.

’Sé an ‘próiseas aontais’ sin an reifreann faoin teorainn, cé go bhfuil an socrú sa Chomhaontú doiléir agus ag brath ar bhreithiúnas Státrúnaí. Ar ndóigh bheadh cinneadh le déanamh ag rialtas na hÉireann chomh maith, cor nach mbíonn mórán cainte ag poblachtánaithe nó náisiúnaithe abhus air. Bealach comhbhách chun déileáil leis an stair, le hoidhreacht na dtrioblóidí a bhí uaithi mar chóras chun athmhuintearas a chothú is cosúil. Ní bheadh sé sin éasca.

Tá deireadh le ‘buanmhóramh na n-aontachtach, bunchloch an stáit sa tuaisceart,’ arsa Mary Lou McDonald. Sin ráiteas a scanraíonn an-chuid sa phobal aontachtach cé gur fíor gur chaill aontachtaithe an móramh in Stormont den chéad uair i dtoghchán an Tionóil dhá bhliain ó shin. D’admhaigh sí go mbeadh aontachtaithe ag iarraidh fanacht sa Ríocht Aontaithe, ach dúirt sí leo go gcaithfidís Plean B a scrúdú. Ba mhaith léi a dtuairimí, a mianta agus a gcúiseanna imní a chlos agus a thuiscint, ar sí.

Beidh le feiceáil cé mhéad muiníne a chuir an dream a bhí i láthair ina cuid cainte. Bhí Terry Wright cinnte roimh ré nár aontaigh sé le hanailís McDonald ar Shinn Féin. Bhí sé den bharúil áfach go raibh seans ann go gcaillfeadh aontachtaithe an reifreann amach anseo. Idir an ghuagacht faoin mBreatimeacht agus an t-athrú deimeagrafach atá á thuar bhí seans ann go vótálfadh móramh d’Éire aontaithe agus níor mhór d’aontachtaithe é sin a aithint, dar leis.

Roghnódh roinnt an tír a fhágáil sa chás sin – leithéidí Arlene Foster a dúirt in agallamh míonna ó shin go n-imeodh sí ach bheadh go leor a d’fhanfadh go deonach nó mar nach raibh sé d’acmhainn acu imeacht. Ní mór a bheith páirteach sna comhráite agus san anailís faoi cad a bheadh i ndán d’aontachtaithe ansin. Caithfimid, a dúirt Wright, scagadh a dhéanamh ar conas a chosnófaí cearta cultúir agus traidisiún na n-aontachtach agus conas a dhéanfaidís a gcion san tír nua a bheadh le forbairt.

Tá Terry Wright ar dhuine den bheagán atá ag tathant ar na páirtithe agus ar ghrúpaí eile sa phobal aontachtach tabhairt faoi mhachnamh agus anailís ar a dhéanamh ar a leagan amach. Tugadh an chluas bhodhar dó.

Má tá aontachtaithe chun a áitiú ar dhaoine eile gurbh fhiú fanacht san Ríocht Aontaithe, beidh gá acu le hargóintí thairis a bheith ag rá gurb é a gceart é. Ag druidim le céad bliain ó bunaíodh stát an tuaiscirt is dúshlán d’aontachtaithe iad an Breatimeacht agus fás an daonra neamhaontachtach. Céim an-bheag san obair sin ab ea cruinniú an Luain.

Fág freagra ar 'Ag druidim le 100 bliain ó bunaíodh stát an tuaiscirt tá dúshláin roimh aontachtaithe'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Ba cheart go mbeadh reifreann sa Deisceart freisean faoi Éire aontaithe sa gcás go mbeadh móramh sa Tuaisceart ina bhfábhar. Níl se soiléar domsa in aon chor go mbeadh muintir an deisceart sásta tuilleadh cáin bhréise a íoch, chun an stáit a bhraith ríomh ar fórdheontias ó císte na Breatainne, a chaoiméad in Éire Aontaithe, taréis deich mbliana de chruatan taeréis an gearrchéim airgeadais.