Ag dréim le dianchoimhlint i dtoghlaigh Ghaeltacht Dhún na nGall

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin áitiúla na seachtaine seo sna ceantair Ghaeltachta. Toghlaigh Ghaeltacht Dhún na nGall atá á scagadh againn an geábh seo…

Ag dréim le dianchoimhlint i dtoghlaigh Ghaeltacht Dhún na nGall

Tá roinnt athruithe móra ar leagan amach na gceantar bardais i nDún na nGall don toghchán seo, i gcomparáid leis an toghchán deireanach in 2014. Níl aon athrú sna Gleannta, i nDún na nGall ná i Srath an Urláir.  Tá an dá cheantar bardais eile roinnte ina dhá gcuid. Is dhá cheantar bardais atá i gceantar Inis Eoghain anois, Carn Domhnach agus Bun Cranncha, agus mar an gcéanna le ceantar Leitir Ceanainn, áit a mbeidh seacht suíochán i Leitir Ceanainn féin agus trí cinn i mBaile na nGallóglach.

Tá ceantair Ghaeltachta Thír Chonaill scaipthe ar fud ceithre cheantar bardais, Na Gleannta, Dún na nGall, Srath an Urláir agus Baile na nGallóglach. Tá Gaeilge ar a dtoil ag dosaen do na hiarrthóirí as na ceantair bhardais sin.

Srath an Urláir

Aon iarrthóir déag atá ar thóir sé cinn de shuíocháin i Srath an Urláir. Baineadh stangadh as daoine nuair a fógraíodh le gairid go mbeadh an Comhairleoir Contae Frank McBrearty mar iarrthóir ag Fine Gael, i ndiaidh dó cúig bliana a bheith caite aige mar Chomhairleoir Neamhspleách, agus tréimhse roimhe sin mar Chomhairleoir do Pháirtí an Lucht Oibre. Ní mó ná sásta a bhí Comhairleoir reatha Fhine Gael sa cheantar, Martin Harley faoin scéala seo. Ba é páirtí Shinn Féin ba mhó a fuair vótaí sa cheantar seo an uair dheireanach, nuair a bhí 28% de sciar na vótaí acu. Tá seisear comhairleoirí contae reatha san iomaíocht anseo, agus seans maith gurb iadsan a thoghfar in athuair. Táthar ag tuar gur ag an Chomhairleoir Gary Doherty, Sinn Féin, a bheas an chéad suíochán anseo, agus gur ag na Comhairleoirí Frank McBrearty, Fine Gael, Gerry Crawford, Fianna Fáil, Patrick McGowan, Fianna Fáil, Martin Harley, Fine Gael agus Liam Doherty, Sinn Féin, a bheas na suíocháin an turas seo.

Dún na nGall

Beidh sé ina dhianchoimhlint go deo i gceantar bardais Dhún na nGall. Naonúr déag atá ar thóir sé shuíochán ansin, agus gach cosúlacht nach ar an Domhnach a chríochnófar an cuntas sa cheantar bardais seo. Tá scoilt i bpáirtí Fhianna Fáil faoi chinneadh cheannáras an pháirtí an ceathrú iomaitheoir a chur ar an ticéad, agus d’fhéadfadh siad íoc go daor as an chinneadh sin. Bhí triúr iarrthóirí roghnaithe ag coinbhinsiún an pháirtí, sular chuir ceannáras an pháirtí Eimear McGuinness as na Cealla Beaga ar an ticéad.  Táthar ag dréim go mbeidh an chéad suíochán ag Noel Jordan, Sinn Féin, agus go mbeidh an dara suíochán ag Michael McMahon do Shinn Féin chomh maith. Toghadh an Comhairleoir Contae Neamhspleách as na Cealla Beaga, Niamh Kennedy ar an chéad chuntas in 2014. An iarraidh seo déanfaidh iarrthóir Fhianna Fáil, Eimear McGuinness damáiste éigin di, mar gurb as na Cealla Beaga iad beirt. Ach, ní leor an damáiste sin le suíochán a bhaint di, agus beidh suíochán ag Niamh Kennedy arís an uair seo. Meastar gurb é an t-iarchomhairleoir contae John Boyle an t-iarrthóir is láidre de chuid Fhine Gael, agus tá an páirtí dóchasach go n-éireoidh leis suíochán a thógáil.  Táthar ag dréim le dianchoimhlint don dá shuíochán dheireanacha idir seachtar, an Comhairleoir Contae Micheál Naughton, Fianna Fáil, Billy Grimes, Neamhspleách, Eimear McGuinness, Fianna Fáil, Pauric Kennedy, Neamhspleách, John McNulty, Fine Gael, agus na Comhairleoirí Contae Neamhspleácha Tom Conaghan agus Séamus Maguire.

Baile na nGallóglach 

Naonúr atá san iomaíocht do thrí shuíochán i mBaile na nGallóglach.  Ina measc tá beirt iarrthóirí de chuid Fhine Gael, an t-iarchomhairleoir Noel McBride agus Eimear Ní Fhríl as Caiseal, Fánaid. Tá easaontas sa pháirtí faoin chinneadh beirt a chur san iomaíocht. Tá béim faoi leith á chur ag Eimear Ní Fhríl ar athbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cheantar le linn a cuid canbhasála. Is ball gníomhach í den ghrúpa teanga Gaeltacht Beo Fhánada, agus is oibrí oifige í in oifig an Aire Oideachais, Joe McHugh, i Leitir Ceanainn. I measc na n-iarrthóirí sa cheantar seo, tá iarrthóir Shinn Féin, Maria Doherty as Carraig Airt, iníon leis an iarFheisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin. Is í an tuairim go coitianta ná go roghnófar na Comhairleoirí Contae reatha arís sa cheantar seo.  Seans maith go dtoghfar an Comhairleoir Contae Liam Blaney ó Fhianna Fáil ar an chéad chuntas agus sna sála air beidh an Comhairleoir Contae Neamhspleách John O’Donnell. Táthar ag tuar gur ag an Chomhairleoir Ian McGarvey, Neamhspleách, atá 89 bliain d’aois, a bheidh an tríú suíochán agus an suíochán deireanach i mBaile na nGallóglach.

Na Gleannta

Is beag athrú a bheas ar ionadaíocht Cheantar Bardais na nGleanntach i ndiaidh an toghcháin. Beidh ar a laghad comhairleoir contae úrnua amháin ann i ndiaidh an Aoine, de bharr Comhairleoir Contae Fhine Gael, Terence Slowey as Ard an Rátha a bheith ag éirí as an pholaitíocht. Tá seans gur fear eile as Ard an Rátha a líonfaidh an folúntas sin, Anthony Molloy, an t-iarpheileadóir contae atá mar iarrthóir ag Fianna Fáil.  Is é an Comhairleoir Contae Neamhspleách Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig rogha na coitiantachta leis an chéad suíochán a thógáil sna Gleannta. Sna sála air beidh beirt ó Fhianna Fáil, Anthony Molloy agus an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill. Beidh dhá shuíochán sna Gleannta ag Sinn Féin, ag na Comhairleoirí Contae reatha Marie Therese Ní Ghallachóir agus ag John Shéamuis Ó Fearraigh.  Bhí seans maith ag Fianna Fáil ar an tríú suíochán sa cheantar bardais agus triúr iarrthóirí san iomaíocht acu, ach nuair a cuireadh an ceathrú hiarrthóir ar thicéad an pháirtí, rinneadh damáiste mór don seans sin, agus tá beirt iarrthóirí ag an pháirtí anois i bparóiste na Rosann. Beidh an bheirt ó Fhianna Fáil, an Comhairleoir Contae Enda Bonner agus Nóirín Nic Gairbheith san áireamh don séú suíochán agus an suíochán deiridh, agus seans fosta ag iarrthóir Fhine Gael, Evelyn Sweeney ar an suíochán deireanach sna Gleannta.

Fág freagra ar 'Ag dréim le dianchoimhlint i dtoghlaigh Ghaeltacht Dhún na nGall'