Ag déithe na paindéime atá a fhios cén uair a fheicfidh mé mo mháthair arís…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: de bharr an choróinvíris tá bliain ann ó chonaic ár gcolúnaí a mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi

Ag déithe na paindéime atá a fhios cén uair a fheicfidh mé mo mháthair arís…

Bhí mé le bheith san Ísiltír faoin tráth seo chun am a chaitheamh le mo mham, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Sin é an socrú a rinne mé an t-am seo anuraidh léi féin agus le mo dheartháir óg: go dtiocfainn anall as an mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm féin, faoi dhó sa bhliain agus go dtabharfainn aire do mo mham – agus don charn mór millteach páipéarachais a bhaineann léi – ar feadh mí go leith gach cuairt, trí mhí sa bhliain san iomlán.

Ach de bharr an choróinvíris tá bliain ann anois ó chonaic mé mo mháthair san fhíorshaol agus is ag déithe na paindéime agus chúrsaí taistil idirnáisiúnta amháin atá a fhios cén uair a fheicfidh mé arís í.

De réir an sceidil a bhí socraithe bhí mé le dul abhaile i mí Aibreáin, ach nuair a bhí an ticéad eitleáin le ceannacht mheas mé féin agus mo dheartháir óg gur den chríonnacht é an chuairt sin a chur ar atráth ‘go dtí go mbeadh cúrsaí socraithe síos’.

Nuair a bhí an chuma air go raibh, i dtús mhí Iúil, cheannaigh mé ticéad a thabharfadh chun na hEorpa mé i lár mhí Mheán Fómhair. Ach trí seachtaine i ndiaidh dom an eitilt sin a chur in áirithe cuireadh ar ceal í mar gheall ar an gcoróinvíreas – mar aon le chuile eitilt idir an Eoraip agus oirthuaisceart na Brasaíle.

Bhí mé in ann atháirithint a dhéanamh le go dtaistealóinn i dtús mhí na Nollag, gan chostas ar bith, rud a bhí go deas. Ach coicís ó shin, cuireadh an eitilt sin ar ceal chomh maith.

I lár mhí na Nollag atá mé le taisteal anois. Is fíor nach mbeidh ach deich lá moille orm an uair seo seachas trí mhí – ach ní chreidfidh mé go mbeidh mé ag dul abhaile dáiríre go dtí go mbeidh mé san eitleán. Ní hea, go dtí go mbeidh an t-eitleán tar éis éirí ón rúidbhealach.

Idir an dá linn, tá mo dheartháir óg buailte ag an bhfadhb sláinte úd ar a dtugtar traochadh; ní hé cás ár máthar an t-aon chúis amháin atá leis sin, ach is cinnte go bhfuil an cúram a bhíonn air a thabhairt di ar cheann de na cúiseanna. Tuigimid ar fad nach ormsa an locht go bhfuil cúrsaí taistil curtha as a riocht, ach ualach ar mo choinsias mar sin féin nach bhfuilim in ann faoiseamh a thabhairt dó; bhí tromluí agam aréir inar ionsaigh mo dheartháir óg go fisiciúil mé.

Ar ámharaí an tsaoil beidh an bheirt chúramóirí proifisiúnta a thugann cuairt ar mo mháthair faoi dhó sa tseachtain faoi láthair ag tabhairt cuairte uirthi gach lá feasta.

Murach iad níl a fhios agam céard a dhéanfaimis.

Fág freagra ar 'Ag déithe na paindéime atá a fhios cén uair a fheicfidh mé mo mháthair arís…'