Ag déanamh scléipe

Baineadh ardchaighdeán ceoil, rince agus aisteoireachta amach ag réamhbhabhtaí Scléip Gael Linn 2015 a reáchtáladh in amharclanna ó cheann ceann na tíre le déanaí!

Baineadh ardchaighdeán ceoil, rince agus aisteoireachta amach ag réamhbhabhtaí Scléip Gael Linn 2015 a reáchtáladh in amharclanna ó cheann ceann na tíre le déanaí!

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe.

Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a thabhairt uathu ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta.

Cuireadh tús spleodrach le cúrsaí le réamhbhabhta an oirthir in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Máirt, 25 Samhain.  Bhí neart Gaelcholáistí ó Bhaile Átha Cliath i láthair agus cuireadh míreanna taitneamhacha ar stáitse i ngach comórtas. Thug na moltóirí, Cian Mac Cárthaigh agus Sibéal Davitt, ardmholadh do na ceoltóirí, aisteoirí agus rinceoirí uilig.

Ar an Déardaoin, 27 Samhain, thaisteal scoláirí go Cultúrlann Uí Chanáin, Doire Cholmcille, i gcomhair réamhbhabhta an tuaiscirt.  Ina measc siúd, bhí daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chloich Cheannfhaola, An Fálcarrach, agus Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn.

Arís ar ais, bhí scoth na tallainne le feiceáil ar ardán i rith an lae, a bhuíochas leis na múinteoirí a spreag na daoine óga le bheith páirteach! Mhol na réiteoirí meidhreacha, Lynette Fay agus Tomaí Ó Conghaile, na scoláirí uilig as ardchaighdeán a bhaint amach, agus thugadar aiseolas cuimsitheach dóibh ar ghnéithe dá léirithe.

Bhí atmaisféar iontach ansin sa Firkin Crane, Corcaigh, ag réamhbhabhta an deiscirt ar an Déardaoin, 4 Nollaig. Bhí an halla lán go doras, idir iomaitheoirí agus lucht féachana, don ócáid phléisiúrtha seo.

Chuir scoláirí ó scoileanna i gCiarraí – Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, ina measc, rogha míreanna i láthair i rith an lae.

Bhí comórtais cheoil ann chomh maith le comórtais don rince cruthaitheach, agus sceitseanna ina dhiaidh sin.

Ní mhaífeadh éinne a chuid oibre ar an moltóir, Brian Ó Muirghíosa, agus an rogha dheacair a bhí le déanamh aige idir na míreanna maithe uilig!

Bhí taispeántas tallainne den scoth i dTaibhdhearc na Gaillimhe an lá dár gcionn, Dé hAoine 5 Nollaig,ag réamhbhabhta an iarthair de Scléip Gael Linn 2015. Rinne scoláirí ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Gaelcholáiste Luimnigh, léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol comhaimseartha, agus bhain an lucht féachana ardtaitneamh as na míreanna uilig!

Thug an léirmheastóir, Colm Mac Lochlainn, moltaí do na hiomaitheoirí ar fad, a bheidh ina gcabhair acu amach anseo.

Dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Ghael Linn, “Is é seo an chéad bhliain do Gael Linn a bheith i mbun an chomórtais ‘Scléip’, agus táimid an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag na scoileanna ann, agus leis an talainn iontach atá feicthe againn go dtí seo!

Gabhaimid buíochas le Gaelscoileanna Teo. as tús a chur tús leis agus a bhí ina bun ón mbliain 2005 i leith.”

Bronnadh teastais mholta ar na scoláirí uilig a ghlac páirt sna réamhbhabhtaí, agus rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh go Baile Átha Cliath do chraobhchomórtas Scléip Gael Linn 2015 in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Satharn, 24 Eanáir 2015: