Ag cur do thuairisce…

Colúin eolais agus plé dár léitheoirí


 

IMG_0102
Na chéad léitheoirí! Bríd de Búrca, Seosamhín Ní Bheaglaoich agus Máire Ní Fhinneadha agus Tuairisc.ie á seoladh i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Ag eascairt as an bplé ar fad faoi Tuairisc.ie le seachtain anuas nó mar sin, mheasamar gurbh fhiú tagairt ar leith a dhéanamh do na ceisteanna is coitianta a bhí ag ár bpobal léitheoireachta.

Na cinn is mó a bhí ag dó na geirbe ag daoine ná an péire seo thíos:

1. An mbeidh áis ann a chuirfidh ar chumas daoine tuairimí a nochtadh faoi na scéalta ar Tuairisc.ie?

Beidh an deis sin ag daoine gan mhoill. Tá fóraim phoiblí mar chuid de chóras oibriúcháin Tuairisc.ie agus osclófar na fóraim sin anois agus an suíomh seolta. Ní fhéadfar trácht a fhágáil le haghaidh gach míre, ach beidh deis ag daoine a dtuairimí a nochtadh faoi scéalta móra agus faoi cholúin tuairimíochta go háirithe. Déanfar athbhreithniú rialta ar pholasaí tráchta Tuairisc.ie, féachaint an bhfuil na hacmhainní againn chun an mhonatóireacht chuí a dhéanamh air a chinnteodh gur fóram fiúntach, tairbheach a bheidh ann. Moltar do dhaoine Téarmaí agus Coinníolacha an tsuímh seo a léamh sula roinnfidh siad a gcuid tuairimí go poiblí ar Tuairisc.ie.

Is féidir trácht a fhágáil ag bun an cholúin seo.

2. An mbeidh aip ag Tuairisc.ie?

Tá freagra simplí air sin: beidh, agus seolfar i mbliana í.


Cé is moite de na ceisteanna sin, is mian le foireann Tuairisc.ie buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig ar cuairt chuig Tuairisc.ie ó seoladh an suíomh Déardaoin seo caite.

Is mór againn go bhfuil spéis léirithe ag a oiread sin daoine san obair atá ar siúl againn agus táimid thar a bheith buíoch den phobal as a gcuid tacaíochta trí chéile.

Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leo sin a chuir teachtaireachtaí dea-mhéine chugainn freisin agus a léirigh a dtacaíocht dúinn go poiblí ar ríomhphost agus ar na meáin shóisialta, a bhfuil a mblaiseadhsean le feiceáil thíos.

Screen Shot 2014-10-17 at 11.12.57 Screen Shot 2014-10-17 at 11.15.52 Screen Shot 2014-10-17 at 11.16.34 Screen Shot 2014-10-17 at 11.16.51

Is mór againn, leis, na léirmheasanna moltacha, tomhaiste atá déanta ag tráchtairí oilte ar ár saothar go dtí seo.

Dúirt Stiúrthóir Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, ar Nuacht TG4, go raibh sé ag súil le hardchaighdeán ón suíomh nua ach go raibh Tuairisc.ie níos fearr ná mar a cheap sé féin, fiú, a bheadh sé.

Mhol sé an réimse leathan ábhair atá le fáil ar an suíomh agus dúirt go bhfuil na scéalta tráthúil amach is amach.

Dúirt sé freisin gurb iontach an rud é go bhfuil greann ann. Dála go leor eile, mhol sé leagan amach agus dearadh an tsuímh.

Dúirt an tuairisceoir Caoimhe Ní Laighin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil an suíomh iontach agus go bhfuil cuma an-snasta air.

Thaitin sé léi go bhfuil scríbhneoirí móra le rá ann ó thaobh na tuairimíochta de.

Dúirt an t-iarléachtóir cumarsáide Íte Ní Chionnaith go bhfuil sé thar a bheith tarraingteach mar shuíomh agus, ach an oiread le daoine eile, mhol sí dearadh an tsuímh agus dúirt go raibh an cló ann an-soiléir agus an-soléite.

Thaitin “téagar agus substaint” an tsuímh le Ceannaire an Aonaid Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Uinsionn Mac Dubhghaill, a bhí i mbun léirmheasa ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ní gach éinne a bhí moltach faoi Tuairisc.ie, áfach, agus an ceart sin acu. Sa tráchtaireacht a rinne Conchubhar Ó Liatháin, a bhfuil an blag igaeilge aige, dúirt sé go raibh tathag agus éagsúlacht san ábhar ar Tuairisc.ie. Má bhí féin, b’údar díomá aige nár deineadh pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown a reáchtáil sna sé chontae. Lena chois sin, thug sé “seandineasáir” ar chuid de mhórscríbhneoirí Tuairisc.ie.

Dúirt an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe ar an gclár Splanc ar Newstalk nach raibh dóthain dó féin ná do mhuintir na Gaeltachta ar Tuairisc.ie agus gurbh fhearr go mór leis nuachtán clóite a bheith ar fáil. Ní lia duine ná tuairim, is dócha.

Thagair Aonghus Ó hAlmhain don mheitheal scríbhneoirí seachtracha atá againn, agus go háirithe do na ‘daoine fóntá’ atá ann ó aimsir Foinse, leithéidí Chathail Mhic Coille, Phóilín Ní Chiaráin agus Alex Hijmans.

Bhí Aonghus thar a bheith sástá go bhfuil spás á chur ar leataobh do scríbhneoirí Gaeltachta amhail Joe Steve Ó Neachtain.

An-smaoineamh, a deir Aonghus, is ea úrscéal na bhfoghlaimeoirí le Pól  Muirí a fhoilsiú ina ghiotaí, agus é le cloisteáil á léamh os ard, i Rannóg na bhFoghlaimeoirí.

I measc na míreanna eile a thaitin leis an bpobal, bhí an ceann grinn ‘MTS vs MTS’, áit a bhfuil an craoltóir Máirtín Tom Sheáinín le feiceáil is le cloisteáil ag cur agallaimh air féin. D’fhéach os cionn 6,000 duine ar an bhfíseán seo in imeacht seachtaine.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leo siúd a chuir ar an eolas sinn faoi mhionbhotúin teicneolaíochta is eile a bhí le feiceáil ar an suíomh.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil liomsa, Kevin Hickey, ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'

  • Kevin Hickey

    Ag cur do thuairisce…

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Comhghairdeachas libh. Tús maith déanta. Ach dá fheabhas é, ní athraíonn sin an fíric nach bhfuil leagan clóite den nuachtán ann le freastal ar an 5 as gach 6 de léitheoirí na Gaeilge, a mb’fhearr leo nuachtán clóite a bheith le léamh acu. Sé an peaca é nach gceadódh Foras na Gaeilge aon chuid den deontas a usáid le leagan clóite a chur ar fáil. Caithfear an socrú éagórach sin a chur ina cheart.