Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

Comórtas!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil comórtas nua againn daoibh an tseachtain seo!

Is í an tsraith leabhar ‘An Cúigear Cróga’ an duais atá le buachan. Leagan Gaeilge de leabhair Enid Byton, ‘The Famous Five’, atá sa tsraith seo agus is iad na craoltóirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra a chuir Gaeilge orthu. Tá ceithre leabhar nua sa tsraith anois, ina measc ‘Nollaig Shona, a Chúigir’. Le bheith istigh ar an gcomórtas, níl oraibh ach clárú dár Nuachtlitir anseo. Go n-éirí libh!

 


Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, Alex Hijmans agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!

 


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 

Barr Smaise le… Sláine Ní Chathalláin

 

Socruithe sochraide fógraí báis á bplé i Raidió na Gaeltachta

 

Suíomh nua seolta le haghaidh closleabhair Ghaeilge

 

Giolc Gaeilge ó U2 spreagtha ag Conor McGregor

 

Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh arís ar cheist achrannach an tSéala aistriúcháin

 

 


A ndúirt siad…

‘Toisc nach bhfuil páirtithe na heite clé sásta an fód a sheasamh, tá an dream is faide amach ar an eite dheis ag teacht i dtír ar an scéal. Pé cruth a bheidh ar chúrsaí amach anseo, ní mhairfidh an seanfhiontar Eorpach mar a bhí. Mar a dúirt an t-iriseoir Wolfgang Muenchau sa Financial Times, ní bheidh fágtha ach ‘limistéar galánta saorthrádála’.’

Eoin Ó Murchú

‘Beidh breis agus duine as gach cúigear sa Tionól nár thogh vótóirí iad. Rinneadh cuid mhór de na hathruithe mar go raibh stop á chur leis an ionadaíocht dhúbáilte ach is é breith na coitiantachta gur ar mhaithe le polaiteoirí seachas ar mhaithe leis an bpobal a rinneadh iad.’

Póilín Ní Chiaráin

Ná bíodh sé á mhaíomh againne, i gceann deich mbliana, nach raibh a fhios againn céard atá ag tarlú inár dtimpeall faoi láthair. Diúltaímis d’Ioslámafhaisisteachas ISIS, ach diúltaímis chomh láidir céanna don Ioslámafóibe – an faisisteachas frith-Ioslámach – atá ag fás inár measc.

Alex Hijmans

‘Tá úinéiri talún a bhfuil talamh criosaithe acu ag seasamh siar, ag coinneáil na talún bán agus ag fanacht go n-ardóidh luach tithe tuilleadh fós le gur mó an brabach a bheas acu sa deireadh. ‘Sea agus tá Tuarascáil Uí Chionnaith faoi chaonach liath ar sheilf stáit agus dearmad déanta ar a raibh molta inti.’

Seosamh Ó Cuaig


Rogha na seachtaine

 

Litir chuig an Taoiseach ó 2115…

An labhraíonn tú Polaitics?

Lean sé air ag cogaint an tinsil agus ag lorg áite sa stábla do shioráf plaisteach…

Nach deas é? ‘Ón rabharta dtí’n mallmhuir’

Soilse an bhaile: an t-údar ag déanamh a anama ar aistear chun a bhaile

 


 

Físeán na seachtaine…

 

FÍSEÁN: Seoladh ‘Ravelóid’ i mBaile Átha Cliath

 

 


Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)'