Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Foghlaimeoiri graphic

Rannóg oideachais Tuairisc.ie le seoladh…

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil tús á chur againn le rannóg oideachais Tuairisc.ie arís i mbliana.

Le cabhair ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, tá ábhar spleodrach, taitneamach agus samhlaíoch curtha i dtoll a chéile againn don bhliain atá romhainn.

Beidh tascann idirghníomhacha ag dul leis na míreanna agus beifear in ann iad a íoslódáil.

Féadfar teacht ar an ábhar sin ón Máirt seo chugainn ar aghaidh.

Scaipigí an scéal le bhur dtoil!

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

Dont get me wrong

1. 15 comhartha gur tráchtaire frith-Ghaeilge thú…

o-SEPP-BLATTER-QUEER-facebook

2. Is iad Baile Átha Cliath ‘All-England champions’ na peile dar le Sky Sports News

Screen Shot 2015-09-27 at 13.43.13

3. Scéal faoi TG4 mar phríomhscéal ar an suíomh nuachtáin Béarla is mó tóir ar domhan

facebook

4. Ceist na n-ainmneacha Gaeilge socraithe ag Facebook

Bare135.indd

5. Scéal Gaeilge agus scéal faoi ‘threesome’ i nGaeltacht Chonamara i gcnuasach scéalta gnéis

An ndúirt siad…

Deir an Príomh-Reachtaire Séamus McCarthy nár dearnadh cíoradh ceart ar na costais a bhain le tógáil an phríosúin nua… Caoga milliún euro caite. Is fiú cuimhneamh ar an bhfigiúr agus caiteachas nua rialtais ar bith á mholadh, nó á fhógairt.

Cathal Mac Coille


Thiocfadh le duine a rá gur seift iontach, iontach cliste é togra ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ in iarthar Bhéal Feirste chun uaisliú a dhéanamh ar an gceantar sin.

Alex Hijmans


D’aithneofá ar an bpointe go raibh Fidel Castro agus an Pápa Proinsias ar a gcompord le chéile agus go bhfuil beagán den diabhlaíocht sa mbeirt acu, más féidir é sin a rá faoi Phápa beannaithe. Ní hiontas ar bith go dtuigfidís a chéile: beirt dheachtóirí iad, deachtóirí dea-mhéineacha ar fhaitíos na míthuisceana.

Seosamh Ó Cuaig


Is fada an simpleoir Éireannach ag déanamh grinn do dhaoine ar cheart dóibh tuilleadh céille a bheith acu; ní dochar an comhar a dhíol ó am go chéile.

Antain Mac Lochlainn


Ní raibh lán tacaíocht an pháirtí ag McDonnell ariamh. Bhí mise i measc na dtuairisceoirí a chonaic daoine ag gol nuair a fógraíodh toradh an vóta a thogh ina cheannaire ar an SDLP é.

Póilín Ní Chiaráin


Dar leat ní chaitear airgead ar an nGaeilge; déantar é a shruthlú síos an leithreas. Nuair a fheiceann tú andúileach drugaí gan teach gan treibh táibhsítear duit dlúthcheangal a bheith ann idir a chás-san agus an méid airgid a caitheadh ar Ghaeilge a chur ar thuarascáil bhliantúil Chomhairle Contae an Chláir.

Ar Son na Cúise

Físeán na seachtaine

Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)'