Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí

Quotations

Comórtas – Lóistín do bheirt in Óstán an City West le haghaidh Oireachtas na Gaeilge

Tá duais bhreá le buachtaint acu sin a chláraíonn le Nuachtlitir Tuairisc.ie. Lóistín do bheirt in Óstán an City West le haghaidh Oireachtas na Gaeilge na bliana seo chugainn atá ann. Trí oíche atá i gceist leis an duais agus deis ag na buaiteoirí bheith ar a sáimhín só in óstán galánta le linn mhórfhéile na nGael. Mura bhfuil tú cláraithe linn fós, mar sin, seo do sheans

Ó thrácht tú air…

Dá dheise a leithéid de dhuais mar bhronntanas, ní hé gach duine a fhaigheann an bronntanas a iarrann sé, go háirithe mura mbaineann a litir Saintí amach! Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus tuairscíonn Maitiú Ó Coimín gur bhain litir a scríobhadh i nGaeilge chuig Daidí na Nollag dhá mhí ó shin a ceannscríbe amach maidin inné!

Chuir an scéilín seo amhrán úd Elvis i gcuimhne don scríbhneoir Pádraig Ó Cíobháin a d’fhág ‘Trácht na Seachtaine’ seo ar Tuairisc.ie:

‘Seol thar n-ais í go dtí an té sheol,
Seoladh anaithnid, tír aineoil,
Teanga ná tuigimid a Shaintí a stór,
Gan de thuiscint ar an dteanga san
ach acusan atá fágtha ar a dtóin.’

Na scéalta is mó a léadh

Ar bharr an liosta an tseachtain seo bhí scéal faoin gcúigear a tugadh slán nuair a chuaigh an bád Árannach, an Iúda Naofa, go tóin poill.

Scéal mór ba ea fógairt Leo Varadkar an tseachtain seo gur duine é atá báúil leis an nGaeilge. Ag caint dó le Ar Son na Cúise, dúirt sé gur “rud príobháideach” é dúil a bheith ag duine sa teanga, go mórmhór “más polaiteoir thú a bhfuil tionchar aige ar pholasaí teanga an Stáit”. Cuid “lárnach” dá phearsantacht is ea an dúil chéanna ar a shon sin.

Thuill an dráma ‘Charlie’ idir cháineadh agus mholadh le cúpla seachtain anuas. Taitníodh an fear féin leat nó ná taitníodh, tuairiscítear go ndearna sé a chion ar son an tí foilsitheoireachta ‘Sáirséal agus Dill’ agus é i bhfiacha. Tá cuntas sa leabhar nua Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal foilsitheora ar conas a tháinig Haughey i gcabhair ar mhuintir Uí Éigeartaigh agus iad ar tí a ndoirse a dhúnadh.

Nuair a chas Bríd Uí Éigeartaigh agus a mac Cian le hAire Airgeadais na linne i mBealtaine na bliana 1969, bhí siad “ullamh chun troda”, de réir tuairisce.

Níor ghá dóibh aon chath a chur, áfach, óir thug Haughey le fios dóibh go gcuirfí maoiniú trí bliana ar fáil dóibh nach mbeadh aon “choinníolacha achrannacha” ag baint leis. 

Shílfeá gur thuig sé an tábhacht a bhain leis an gcomhlacht, agus leis an gcineál sin éagsúlachta a bheith le fáil i sochaí na tíre.

Más fíor do staidéar nua atá déanta in Ollscoil Concordia, i Québec Cheanada, d’fhéadfadh go bhfuil blaiseadh den tuiscint chéanna ag gasúir dhátheangacha.

Léirítear sa staidéar céanna go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil. Deirtear ann gur fearr an tuiscint atá ag gasúir a thógtar le dhá theanga ar thréithe an duine dhaonna ná gasúir nach dtógtar ach le teanga amháin, agus gur ón bhfoghlaim seachas ón dúchas a eascraíonn tréithe aigneolaíochta an duine.

Ar aon nós, b’in an ceathrú scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo.

Is maith linn go bhfuil níos mó daoine ag dul chomh fada le Rannóg na bhFoghlaimeoirí ar an suíomh agus thug go leor agaibh aghaidh ar an tSraith Pictiúr an tseachtain seo.

Ba é ‘Sraith Pictiúr 04’ an cúigiú mír is mó ar tugadh cuairt uirthi le linn na seachtaine seo.

Sin é ár gcion-na an turas seo.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'