Colún plé agus eolais dár léitheoirí…
Dé hAoine, Meán Fómhair 11 2015 ag 7:00 am
Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, John Allen, agus Alex Hijmans i mbun pinn againn.
Idir an dá linn, ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter . Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!
Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo
https://tuairisc.ie/15-comhartha-gur-gaeilgeoir-as-beal-feirste-thu/
https://tuairisc.ie/ollscoil-na-gaillimhe-gan-ollamh-le-gaeilge-aris-ag-tus-bliain-acaduil-nua/
https://tuairisc.ie/leanfaidh-kevin-myers-air-ag-cur-oilc-ar-brainless-gaeilgeoir-skinheads/
https://tuairisc.ie/in-eirinn-na-linne-seo-is-e-an-tirghrathoir-is-inchreidte-na-an-duine-a-labhrann-gaeilge/
https://tuairisc.ie/ceim-ar-gcul-don-ghaeilge-o-thuaidh/
A ndúirt siad…
In Éirinn na linne seo, is é an tírghráthóir is inchreidte, dar liomsa, ná an duine a labhrann teanga na tíre seo. Is ionann tírghrá agus teanga faoin am seo. Tá an teanga Ghaeilge i mbaol a báis muna labhartar í.
Mícheál Ó Ruairc
Ba chóir go mbeadh baill an choiste ábalta cur síos géar ar ar tharla a dhéanamh, agus comhairle stuama a chur ar fáil maidir le conas a leithéid de ghéarchéim a sheachaint amach anseo. Is é sin más féidir cúrsaí polaitíochta a chur i leataobh.
Cathal Mac Coille
Tá an síneadh fada tábhachtach; rud eile ar fad is ea bramair , agus gan é a bheith leath chomh rómánsúil: ‘Flatulent fellow, one addicted to farting’
Antain Mac Lochlainn
Go deimhin, ba í an Roinn Gaeilge an t-aon roinn in Ollscoil Uladh a fuair ráta sástachta 100%. Ní foláir nó gur fágadh é sin as an áireamh chomh maith nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh.
Póilín Ní Chiaráin
Chuirfeadh an fháilte a cuireadh roimh theifigh an tseachtain seo sa Ghearmáin agus san Ostair, agus an chaoi ar sheas daoine fud fad na hEorpa gualainn ar ghualainn leis na teifigh i ngníomhartha tacaíochta éagsúla, gliondar ar an gcroí.
Alex Hijmans
Sin é ár gcion-na an babhta seo.
Kevin Hickey
Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie