Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Buaiteoir!

Is deas linn a fhógairt gurb í Eibhlín Ní hÍr buaiteoir chomórtas na seachtaine seo caite. Is í an duais atá buaite ag Eibhlín ná cnuasach breá grianghraf le Seán Ó Mainnín dar teideal Áilleacht Chonamara. Go maire tú do nuacht, a Eibhlín!

Comórtas eile!

Is é comórtas na seachtaine seo ná ceithre leabhar ón tsraith Scéalta Scéine. Tá Gaeilge curtha ar na leabhair seo ag Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra agus is iad na leabhair atá i gceist: Lámh mharbh abú, Brú Fola, Mac Tíre Dáiríre agus Taibhse an dá thaobh. Níl ort ach clárú dár Nuachtlitir anseo agus beidh tú istigh ar an gcomórtas!

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agat le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn. 

Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaip an scéal, le do thoil! 

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 

jiving

1. 15 comhartha gur duine as Conamara tú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Conamara tú? Bhuel, bíonn tú go maith ag jiveáil agus…

Fleadh

2. ‘Eisceacht’ a bhí i gcur chuige ‘Beárla-Gaeilge’ láithreoirí Fleadh TV, a deir TG4

‘Formáid ar leith’ a bhí ann seachas ‘athrú polasaí’, a deir TG4 ach ‘Béarla nuair nach raibh gá le Béarla’ a bhí i gceist dar le duine acu siúd a throid ar son bhunú an stáisiúin

Pic Pacáiste

3. 700 pacáiste tacaíochta teanga dáilte ar theaghlaigh go dtí seo i mbliana

Is i mBaile Átha Cliath seachas sa Ghaeltacht is mó atá éileamh ar na pacáistí teanga

No Irish Need Apply2

4. ‘No Irish Need Apply’ – fianaise na nuachtán Éireannach

Tá díospóireacht ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá le tamall faoi cé acu arbh ann nó nárbh ann do na comharthaí ‘No Irish Need Apply’. Chuaigh Tuairisc.ie ag tochailt sa chartlann anseo…

Joe McHugh

5. Deis iontach ligthe le sruth – tugann McHugh na cosa leis ar ‘This Week’

LÉIRMHEAS RAIDIÓ/TEILIFÍSE: Bhí tuairisc shuimiúil faoin nGaeltacht ar an gclár ‘This Week’ inné ach faraor, níor tapaíodh an deis cúpla ceist chrua a chur ar Aire na Gaeltachta ina diaidh

_______________________________________________________________________

A ndúirt siad…

Nuair a scríobhfar stair na tréimhse seo den Ghaeilge, is dóigh liom go dtabharfar suntas don chlaonadh seo i leith na hainmfhoclachta. Braithim lorg an aistriúcháin ar a lán de – murach go bhfuil to unionize a workforce sa Bhéarla, is ar éigean a bheadh foireann oibre a cheardchumannú sa Ghaeilge. 

Antain Mac Lochlainn

Taitníodh sé linn nó ná taitníodh, i ré seo an eolais, is iad ollchomhlachtaí Silicon Valley a mhúnlaíonn meon an phobail. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh sciar mór den chine daonna scoite amach ón bpróiseas sin.

Alex Hijmans

Ar uairibh, caithfear teas polaitiúil a ghineadh toisc gur ón dteas a thagann an solas.

John-Paul McCarthy

…cé is moite de ghrúpaí deonacha, is beag atá déanta le theacht i gcabhair ar íobartaigh. Inniu, is cosúil gur ag dul in olcas atá an scéal; faillí ag cur le fulaingt daoine agus ag teacht salach ar chothú an nuashaoil.

Póilín Ní Chiaráin

Is cuma cén aois thú, tá tú iontach ag jiveáil. Ní cuimhin leat riamh jiveáil a fhoghlaim – seans gur ón gcliabhán atá sí agat nó fiú roimhe sin. Ach a luaithe is a chloiseann tú an chéad bhuille den ‘drumbeat country and western’ ar an keyboard, away leat.

Ar Son Na Cúise

Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'