Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations
Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agat le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéid, Phóilín Uí Chiaráin, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, Dáithí de Mórdha agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn.
Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaip an scéal, le do thoil!

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo…

Cartún Antain Raidio

1. ‘Tá mo fhoghraíocht chomh maith le do fhoghraíocht!’

FRIOTAL: An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais? Fuair ár gcolúnaí ‘drochbhlas’ ar a lán den Ghaeilge a chloiseann sé


 

LeSamuelBeckett_large
2. Ruaigfear an LÉ agus cuirfear an Irish Ship ina háit’

Is trua le Conradh na Gaeilge an tríú long de chuid an Chabhlaigh a bheith á ainmniú i ndiaidh file Éireannach agus ‘rud beag, ach rud mór’ an t-athrú cúrsa seo a deir Alan Titley


 

subtitles
3. TG4 ag obair ‘síoraí seasta’ ar cheist na bhfotheideal

Thug Leas-Phríomhfheidhmeannach an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil aon athrú tagtha ar scéal na bhfotheideal ar TG4 in ainneoin go ndúirt an BBC go bhfuil na háiseanna teicneolaíochta acu le fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar Freeview


 

Meri Hews 2
4. ‘Foghlaimígí uainne, agus ná deánaigí an botún céanna’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Deir Meri Huws go ráineodh gur rud maith a bheadh sa mhoill fhada ar fhoisliú an Bhille Teanga dá dtapófaí an deis cinnteidil an Bhille leasaithe Teanga a láidriú


 

Craoibhín (2)
5. ‘The League had been steered on the rocks by fools’ – 100 bliain ó shin, d’éirigh an Craoibhín Aoibhinn as uachtaránacht Chonradh na Gaeilge

D’éirigh Dubhghlas de hÍde as Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge ar an 29 Iúil 1915 ag Ard-Fheis an Chonartha i Halla na Maor gCoill i nDún Dealgan


 


A ndúirt siad…

Is dócha go mbeidh an LÉ John Millington Synge, agus an LÉ Lady Gregory agus an LÉ Seamus Heaney againn. Agus ina dhiaidh sin ruaigfear an LÉ agus cuirfear Irish Ship ina háit. Is é sin an IS Lever agus an IS Lover agus an IS John B. Keane…ach IS? Ar éigean é faoi láthair

Alan Titley

An chuid de na daoine a bhí chomh seafóideach agus gur íoc siad an táille, ní cheapfainn go mbeidh fonn rómhór orthu an dara gála a íoc. An chuid againn nár íoc é, tá muid ag gáirí go croíúil inniu

Seosamh Ó Cuaig

Bíonn an banna ceoil Seo Linn ag ceol faoi ‘Gaeilge gan eagla’. Cé mhéad duine eile a mheallfadh muid i dtreo na teanga dá mbeadh dearcadh níos oscailte againn faoi dhaoine nach bhfuil an líofacht chéanna bainte amach acu go fóill?

Cóilín Ó Cearbhaill

Féadann duine blas Bhéal Feirste nó blas Luimnigh nó blas Thóin re Gaoith a bheith ar a chuid cainte agus fuaimeanna na Gaeilge a thabhairt leis go binn is go beacht. Is le muintir na hÉireann uile í an Ghaeilge – ach í a fhoghlaim,

Antain Mac Lochlainn

is í an intleacht shaorga, agus ní géarchéim eacnamaíochta, ionradh teifeach ná fiú athrú aeráide, a athróidh an domhan ó bhun go barr as seo go ceann roinnt bheag blianta.

Alex Hijmans

Náire shaolta é go bhfuil an Státrúnaí Villiers agus Airí eile ag cur laincis ar fheachtas na n-íospartach. Fiosrú neamhspleách le lánchumhacht an rud is lú atá dlite dóibh

Póilín Ní Chiaráin

Is iomaí gealltanas a tugadh do dhaoine faoi mhíchumas agus dá ngaolta san am a caitheadh. Is gá go ndéanfadh lucht déanta an ghealltanais sin beart de réir a mbriathair anois. Is gá dúinn cloisteáil faoi phleananna lánmhaoinithe an Rialtais sa Bhuiséad seo

Martin Naughton

Faraor, ní bheidh a fhios againn go deo céard a tharlódh idir an Piarsach agus de hÍde…Murab ionann agus Ó Ceallaigh, ní bhfuair de hIdé seans lámh an chairdis a shíneadh chuig an bPiarsach riamh

Dr Brian Murphy

Pictiúr na seachtaine

Sheol Austin Gleeson poc taobhlíne den scoth thar an trasnán chun an farasbarr a mhéadú. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Sheol Austin Gleeson poc taobhlíne den scoth thar an trasnán chun an farasbarr a mhéadú. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Sheol Austin Gleeson poc taobhlíne den scoth thar an trasnán chun an farasbarr a mhéadú. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'