Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí...

 

Quotations

Beidh ár meitheal scríbhneoirí i mbun pinn mar is gnách as seo go ceann cúpla lá.

Inseoidh Mártan Ó Ciardha dúinn cén fáth ar mhaith leis go mbuafadh Maigh Eo Craobh Peile na hÉireann agus déanfaidh cur síos ar an gcairdeas atá aige le daoine as an gcontae céanna, cairdeas a théann i bhfad siar go laethanta a óige.

Ar chluichí móra na deireadh seachtaine, idir pheil, iomáint agus sacar, a bheidh súil na gcolúnaithe eile againn, ina measc Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus John Allen.

Ábhar níos tromchúisí a bheidh á chíoradh ag Póilín Ní Chiaráin, a bheidh ag caint faoi chás an déagóra fir, Ronan Hughes, a cailleadh go tubaisteach le gairid, beannacht Dé leis.

Is í tuairim Phóilín go bhfuil sé ‘chomh riachtanach i saol an lae inniu sábháilteacht ar líne a phlé agus a theagasc is atá sábhailteacht ar na bóithre nó ón strainséir a thairgeann milseán do pháiste’ agus is cinnte gur scéal é seo a rachfar níos doimhne ann sna meáin agus i measc an phobail as go ceann roinnt laethanta.

I mBéal an Phobail…(na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)

Tá an dea-aimsir buailte linn an athuair, rud a chiallaíonn go bhfuil na scrúduithe ardteiste ar siúl. Más fíor do Bhreandán M Mac Gearailt, ‘páipéar indéanta’ a bhí i bpáipéar 2 na Gaeilge, Ardleibhéal, áit nach raibh ‘aon rud thar a bheith spreagúil nó dúshlánach’.

Más ea, ní mó ná sásta a bhí Máire Ní Fhinneadha leis. Deir Máire go bhfuil ‘an cur chuige maidir le Gaeilge na hArdteiste diúltach’ agus go bhfuil ‘an bonn atá faoi bréagach’ de bharr ‘go bhfuil sé dírithe go hiomlán ar fhoghlaimeoirí agus go gcaitear leis an nGaeilge mar dhara teanga, mar phidsean…’ Ba iad scéalta seo Mháire agus Bhreandáin an dá scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas.

Ba dheacair a cheapadh go bhfuil an Stát ar aon bhealach dáiríre faoin teanga cé go bhfuil siad sásta na gothaí sin a chur air féin. A fhianaise sin nach bhfuil sé toilteanach géilleadh do na Náisiúin Aontaithe nár cheart poist a chur ar leataobh do dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu an fhaid is nach raibh riachtanas Gaeilge ag gabháil le hoiread is post amháin den 589 folúntas a líonadh sa státseirbhís anuaraidh.

Idir an dá linn, deir Antain Mac Lochlainn go bhfuil bua na gontachta sa ghiorrúchán nuair a úsáidtear ‘go tuisceanach is go spárálach é’, ach nach fuirist do lucht na Gaeilge sin a dhéanamh ‘gan dul in abar i seancheisteanna atá dár gcrá le fada’.

Dá chastacht an teanga í ar uairibh, ní raibh aon fhaitíos ar Zoe Ware dul i ngleic léi agus í ag cur eolais ar a traidisiún ceoil agus amhránaíochta. Mar is eol do go leor faoi seo, tá an díbirt thar tír amach á déanamh uirthi, a deirfiúracha agus a dtuismitheoirí. In ainneoin go bhfuil faoiseamh gearrthéarmach faighte ag muintir Ware, caithfidh siad a bheith imithe as an tír faoin Déardaoin, an 2 Iúil.

Is í an fhimínteacht a bhaineann le dearcadh mhuintir na hÉireann ar an inimirce agus ar scéalta de chineál scéal mhuintir Ware is mó a bhuail Maitiú Ó Coimín agus é ag cur peann le pár Dé Máirt seo caite.

‘Más ar thóir an fhaoisimh dár ndream féin thar lear atá muid’, a deir Maitiú, ‘tá sé chomh maith againn é a thabhairt dóibh sin atá ar a thóir anseo. Mar a deir an seanrá, ‘nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh’.’

Is críonna an té a dúirt.