Beidh ár gcolúnaithe i mbun pinn mar is gnáth an deireadh seachtaine seo agus ailt againn le Cathal Mac Coille, Póilín Ní Chiaráin agus Mártan Ó Ciardha. Beidh gné-alt le Pádraic Ó Ciardha ar Shraith na gCuradh sa sacar agus ar ar tharla sna cluichí ceannais roimhe seo. Cloisfear an scríbhneoir Pádraic Breathnach i mbun reacaireachta agus sliocht as a ghearrscéal ‘Dritheanna’ á léamh aige.
Bí ag súil leis an méid sin más ea agus scagadh ar na ceisteanna polaitíochta agus nuachta is mó atá i mbéal an phobail ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta.
I mBéal an Phobail…
Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Noel Ó Gallchóir, ag éirí as a phost ag deireadh mhí Lúnasa. Tá aithne mhaith ar Noel le blianta fada mar gheall ar a chuid oibre i gcur chun cinn na drámaíochta Gaeilge agus is léir go raibh ardmheas air mar phríomhoide chomh maith. Dúirt Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, Seosamh Ó Duibhir, go raibh éacht déanta ag Noel sa scoil ó 1977 – mar mhúinteoir den scoth (go dtí an lá deireanach) agus mar Phríomhoide a stiúraigh an fhorbairt i ngach aon ghné de shaol na scoile.
“Chan amháin go bhfuil lorg a láimhe fágtha aige ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair; tá lorg níos doimhne agus níos luachmhara fágtha aige ar mheon is ar intinn, idir leanbh is liath, ina measc, na céadta scoláire a bhí faoi na chúram anuas fríd na blianta”, a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh faoi Noel le gairid.
Cúpla míle siar ó dheas ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus ó phaiste Noel atá Ard an Rátha, mar a raibh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i mbliana. Rinne Pádraic Ó Ciardha cíoradh ar na na himreoirí is fearr a bhí le feiceáil ann; ‘an scór is fearr. An reálta is mó a raibh tóir ag lucht na bhféiníní air’ agus ‘foireann an Chomórtais’. Bhí imreoir Everton, Séamus Coleman, ina measc siúd a bhí i láthair ag an gcomórtas ach mar a dúirt Pádraic seo againne, ‘ní fios cén meas a bhí aige ar chaighdeán na peile’.
Íomhá lucht na Gaeilge a bhí á mheas ag Antain Mac Lochlainn an tseachtain seo, mar a ndúirt sé ‘nach bhfuil smacht iomlán againn ar ár n-íomhá féin mar phobal teanga. Lucht an Bhéarla a ríomhann ár dtréithe agus a insíonn dúinn cé muid féin.’ Deir Antain linn gur ‘de réir a gcuid míthuiscintí féin a mheasann formhór mhuintir na hÉireann cultúr na Gaeilge’.
Ba dhóigh leat go bhfuil tuiscint mar is ceart ar an gcultúr sin ag Zoe Ware, cailín óg a bhfuil an díbirt thar tír amach á bagairt uirthi féin agus ar a muintir. Is sa Choireán in Uíbh Ráthach atá sí féin, a deirfiúracha agus a dtuismitheoirí ag cur fúthu le cúig bliana anuas agus is ar Scoil Mhichíl Naofa atá an chlann óg ag freastal.
Ar an scoil sin freisin a mhúin Seán Garvey an sean-nós agus an veidhlín do Zoe. Tuairiscíodh i rith na seachtaine go raibh Zoe, a bheirt deirfiúracha Gráinne agus Gobnait, agus a dtuismitheoirí Shannon agus Kate, le cur ar ais go Meiriceá Thuaidh mar gheall ar fhadhbanna a bhain lena víosaí.
Agus a feabhas mar dhuine agus mar amhránaí sean-nóis á mholadh aige, dúirt Seán Garvey gur “mhór an trua dá gcaillfí ón scoil agus ón réigiún í. Is ealaíontóir den scoth í i ngach slí, ina cuid cainte agus ina cuid amhránaíochta go háirithe”. Dúirt Laoise Nic Aogáin, príomhoide na bunscoile, gur scéal truamhéalach a bhí ann agus go bhfuil pobal na scoile ar fad “an-cheanúil” ar Zoe agus a deirfiúracha. “Is cailíní an-deasa iad agus iad ag déanamh an-iarracht sa scoil, le cúrsaí ceoil, amhránaíochta agus Gaeilge”, a dúirt sí.
Ag filleadh ar cheist achrannach na teanga agus a lárnaí ba cheart di a bheith ar na meáin Ghaeilge a bhí Breandán Mac Gearailt an tseachtain seo.
Ag díriú go sonrach ar TG4 sa chéad chuid dá alt, d’áitigh Breandán go dteastaíonn ‘breis fócais’ ar an nGaeilge agus ar chúrsaí Gaeltachta seachas a mhalairt. ‘Ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chonlú’ an moladh a bhí aige dúinn.
Sa dara cuid den alt céanna, meabhraíonn sé dúinn go bhfuil Béarla ag cainteoirí laethúla na Gaeilge agus go bhfaigheann siad a gcuid nuachta ón iliomad foinsí. “Nach ar son na cúise-achas eile é bheith ag súil go bhféachfaí ar thuairisc, go n-éisteofaí léi nó go léifí í mar go bhfuil sí as Gaeilge. Nó an coimpléacs ísleachta iarchóilíneach a spreagann sinn le sodar i ndiaidh lucht an Bhéarla? Eagla go mbeimis in áit na leathphingne? Eagla go gceapfadh an saol Fódlach nach bhfuilimid leathanaigeanta, ildánach agus saolta?”
Sin é agat tuiscint an duine ar a chultúr féin má bhí riamh.
Kevin Hickey
Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie