Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí...

Quotations

Níl aon amhras ach gurb é scéal mór na seachtaine ná foilsiú an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, mar a ndeirtear nach bhfuil ag éirí le polasaí Gaeltachta an Stáit de bhrí nach bhfuil ‘diagnóis cheart’ déanta ar ‘géarchéim’ na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga pobail.

Bhí na scéalta a d’fhoilsigh Tuairisc.ie faoin tuarascáil ar na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas agus bhí an lá inné ar cheann de na laethanta is mó trácht ar an suíomh ó tháinig ann dúinn.

Deir údair na tuarascála nach bhfuil cur chuige reatha an Stáit “ag tabhairt aghaidh ar an gcreimeadh tréan atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge”.

Deirtear sa saothar taighde, a foilsíodh ar maidin, go dteastaíonn “cur chuige nua, malartach” má tá an pobal agus an Stát “ag iarraidh go mairfidh gnéithe de dhúchas na Gaeltachta ar aon bhealach bisiúil” amach anseo.

Deirtear nach bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ag dul i ngleic le “práinn agus íogaire staid reatha na Gaeltachta”.

“Tá forálacha Gaeltachta na Straitéise agus an Achta róleamh ó thaobh físe de, rólagbhríoch ó thaobh na ceannaireachta de, róthrína chéile ó thaobh straitéise de, rósheachantach ó thaobh a gcuid aidhmeanna de, agus rósheachmallach ó thaobh buntuiscintí de, le tionchar dearfach a imirt astu féin ar chúinsí reatha na Gaeltachta,” a deir údair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach, Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton.

De réir na tuarascála, a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta, níl fágtha sa tír ach aon cheantar ‘láidir’ Gaeltachta amháin – Ros a’ Mhíl i gcontae na Gaillimhe. Deir na húdair gurb ionann anois an patrún labhartha teanga sa Ghaeltacht – í seasmhach i measc an aoisghrúpa is sine amháin – agus “réamhspléachadh ar an mbás teanga”.

Deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, go gcruthaíonn a bhfuil sa staidéar nua ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh ar maidin go gcaithfear an bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.

Ar ndóigh, bhí a léamh sainiúil gonta féin ag lucht Ar Son na Cúise ar an scéal.

I mBéal an Phobail…

Seo iad na scéalta eile ó Tuairisc.ie a bhí i mbéal an phobail le seachtain anuas.

  1. ‘Is mó an dea-thoil a chothaigh ‘Tá Comhionannas’ don Ghaeilge ná scata eagraíochtaí Gaeilge le blianta’ le Alex Hijmans
  2. Gailearaí na nGradam Cumarsáide le Seán Ó Mainnín
  3. ‘Ag Gaelú an Chlocháin – Aldi agus Lidl agus Roinn na Gaeltachta’ le Máirtín Ó Catháin
  4. ‘Amhras mór faoina bhfuil i ndán don scrúdú béil don teastas sóisearach’ le Maitiú Ó Coimín
  5. ‘Ná caill do dhúchas. Ná tógaidís uait é’ arsa an turasóir teanga i gClub Áras na nGael liom le Maitiú Ó Coimín

Sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie