Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Gan amhras, ba é vóta an lae inniu an scéal is mó a bhí i mbéal an phobail le seachtain anuas agus cuireadh spéis mhór sna hailt éagsúla a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoin reifreann pósta, cuid acu i bhfabhar an leasaithe agus cuid acu ina choinne.

Scagadh ar fhoclaíocht Airteagal 41 de Bhunreacht na hÉireann atá déanta sna hailt is déanaí ina choinne.

Ba é alt alt John Walsh, áfach, is mó a bhain caint as daoine, ar na meáin shóisialta agus ar Tuairisc.ie féin.

“Ná bíodh sé le rá Dé hAoine nach dóigh le muintir na hÉireann go bhfuil an meas céanna tuillte acusan is atá ag gach déagóir eile sa tír,” arsa John agus is léir go ndeachaigh an tslí inar labhair sé óna chroí amach faoina thaithí féin i bhfeidhm go mór ar ár léitheoirí, fiú cuid acu siúd nach raibh ar aon fhocal leis an údar faoin gceist áirithe seo.

Bhain an dara scéal is mó a léadh le seachtain anuas le reachtaíocht teanga agus cúrsaí tumoideachais. Ach fan inti! Tuairisc a bhí anseo ar cheann de na chéad Achtanna teanga sa tír seo, acht ó aimsir Chromail atá anois á chur ar ceal go hoifigiúil sa Dáil, ach más mall is mithid i gcás na reachtaíochta seo, a d’ordaigh i 1656 ‘Children to learn the catechism in English’ agus ‘No Irish to be spoken.’

Ba le linn na seachtaine seo a chuaigh Stephen Fry, aisteoir agus údar, i muinín na Gaeilge chun a thacaíocht a chur in iúl don champa ‘TÁ’ sa reifreann.

B’iad na scéalta eile is mó a léigh daoine ná an réamhthuairisc a bhí againn faoin bhfóram díospóireachta An Ghaeilge idir Réaltacht agus Dóchas a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, agus tuairisc Mhaitiú Uí Choimín faoi easaontas idir lucht bainistíochta agus baill foirne RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag teacht gan mhoill…

Bíodh súil in airde agaibh an deireadh seachtaine seo do cholúin spéisiúla ó leithéidí Chathal Mhic Coille, Póilín Ní Chiaráin, Mártan Ó Ciardha, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha. Beidh tuilleadh againn chomh maith faoin reifreann ach a mbeidh an toradh fógartha agus beidh tuairisc agus gailearaí againn ó Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, atá ar siúl anocht i nGaillimh.

Idir an dá linn, má tá cúis gháirí uaibh, caithigí súil anseo ar an bhfíseán is déanaí ó Ar Son na Cúise agus an tráchtaire is seiftiúla in Éirinn!