Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

 

Quotations

Faoi mar is gnách, is féidir leat bheith ag súil lena thuilleadh scagadh ónár bpainéal scríbhneoirí thar an deireadh seachtaine ar chúrsaí reatha agus ar chúrsaí spóirt. Caithfidh John Allen súil ar an athrú atá tagtha ar an gcur chuige traenála agus imreoirí á bprapáil féin chun cluichí. Foireann Pro 12 an tséasúir a bheidh faoi chaibidil ag Mártan Ó Ciardha, mar a ndéanfaidh sé cíoradh ar dhul chun cinn Denis Buckley, agus beidh Póilín Ní Chiaráin ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí an Tuaiscirt, mar is dual di a dhéanamh.

COMÓRTAS…

Comhghairdeachas le Seosamh Ó Cuaig, Ciarán Ó Pronntaigh agus Pet Uí Chonaill a bhuaigh dhá thicéad an duine le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, a bheidh ar siúl in óstán an Radisson Blu i nGaillimh Dé hAoine seo chugainn, an 22 Bealtaine. Go maire siad a nuacht!

I mBÉAL AN PHOBAIL…

Dhá cholún tuairimíochta agus dhá alt nuachta faoin reifreann pósta a bhí ar bharr an liosta léitheoireachta againn an tseachtain seo. Screen Shot 2015-05-15 at 10.06.03

Ba é an t-alt tuairimíochta le Pól Ó Meadhra a bhí sa chéad áit. Áitíonn Pól go mbainfeadh an leasú molta an bonn d’Airteagal 41 den Bhunreacht. Deir sé gur mian le lucht tacaíochta an leasaithe ‘a chur ina luí orainne nach bhfuil tréithe ar leith sa bhean nó san fhear, nach bhfuil aon difríocht idir an dá ghnéas, nó gur cuma faoi na difríochtaí’. Braitheann sé go bhfuil srian á chur ar dhíospóireacht mhacánta faoin gceist seo agus ar shaoirse cainte trí chéile.

Ar an taobh eile den argóint bhí colún láidir, pearsanta ag Traolach Ó Buachalla, a d’achainigh ar dhaoine stádas an phósta a bhronnadh sa tír seo air féin agus ar a pháirtí. Tá cur síos brónach ag Traolach ar an rian a d’fhág bás a athar, an tOllamh Breandán Ó Buachalla, air; ‘fear lách, fear séimh, scoláire, ollamh, údar’ a sciobadh óna chuid ‘de gheit i lár na hoíche’. Dá mhéad a ghoill bás a athar air féin, áfach, b’fhacthas do Thraolach gur ag a mháthair a bhí an chailliúint ba mhó, rud a chuir abhaile air tábhacht an chaidrimh idir í féin agus a athair agus gur ‘i dteannta a chéile ab fhearr iad’.

Cuireadh an-suim freisin sa scéal nuachta faoi Scott de Buitléar a chinn éirí as a chúraimí mar láithreoir ar an gclár The Cosmo ar RTÉ Pulse de bharr na srianta a bhain le cothromaíocht le linn fheachtas an reifrinn. Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt sé gur thuig sé an dualgas a bhí ar RTÉ tuairisciú neamhchlaonta a dhéanamh agus go raibh an ceart ag an eagraíocht a bheith ag éileamh go mbeadh cothromaíocht sa díospóireacht, ach ar a shon sin, bhraith sé go mbeadh sé ródheacair air féin ‘cailliúint amach ar an gcomhrá is tábhachtaí do lucht éisteachta mo chláir agus domsa go pearsanta’.

Tarraingníodh aird mhór le seachtain anuas ar an seasamh atá tógtha ag beirt sagart Gaeltachta ar an reifreann, an tAthair Brian Ó Fearraigh agus an tAthair Pádraig Standún. De bhrí gur “ceist shiabhialta” í seo a chaithfidh an tAthair Brian Ó Fearraigh vótá ar son an leasaithe sa reifreann. Feictear don Athair Standún gur “ceist pholaitíochta” í agus is ar an mbonn sin a bheidh seisean ag vótáil ar a shon. Dá mba údar ‘crógachta agus misnigh’ an méid sin do Pat Carey, cathaoirleach an fheachtais ‘Tá Comhionannas’, a dúirt go bhfuil “tuairimí sagart chomh tábhachtach céanna le tuairimí daoine eile”, ní hé gach duine a bhí sásta leis na sagairt. Dúirt Séamas de Barra, Rúnaí ADFAM, nach raibh “ceachtar den bheirt sagart ag cloí le teagasc na hEaglaise Caitlicí” agus nár cheart “do shagairt….a bheith ag cur na dtuataí amú lena gcuid tuairimí príobháideacha féin”.

Amach ón bpolaitíocht, chuir léitheoirí Tuairisc.ie an-spéis i gcomhartha dátheangach a chroch Comhairle Contae Dhún na nGall agus a tugadh faoi deara le gairid i Leitir Ceanainn, ach, ar ndóigh, ní inniu ná inné a chuaigh daoine amú san aistriúchán – ná ní gá bheith in aice foclaíocht reifrinn le dul in aimhréidh ann!

FÍSEÁN…

Bhí roinnt ábhar suimiúil á chíoradh chomh maith sna físeain a d’fhoilsíomar le seachtain anuas. Cuirfidh lucht spóirt agus lucht na teanga araon spéis sa mhéid a bhí le rá ag cíoná na dtráchtairí, Brian Tyers, faoina thuiscint féin ar cad is dea-thráchtaireacht ann, agus faoin gcolún conspóideach a scríobh Breandán M. Mac Gearailt ar an suíomh seo. Údar spéise freisin a raibh le rá ag cuid de cheannairí earnáil na Gaeilge i dtuairisc físe Mhaitiú Uí Choimín ar sheoladh tuarascála an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill.