Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Níl aon ghanntanas ábhair ar an suíomh againn an aimsir seo i dtaobh thorthaí olltoghchán na Breataine agus is féidir leat bheith ag súil lena thuilleadh ónár scríbhneoirí as seo go ceann cúpla lá.

An fhaid is a bheidh aird an phobail ar Shráid Downing, is ar Downing Stadium a bheidh Mártan Ó Ciardha ag caint ag an deireadh seachtaine. Féachfaidh John Allen siar ar bhua na nDéise ar an Satharn agus fiafróidh an bhfuil tuilleadh gradam i ndán don fhoireann seo.

Lena chois sin, caithfidh Dara Ó Cinnéide súil ar thús an chraobhchomórtais caide. Bí ag faire amach don méid sin más ea.

I mBÉAL AN PHOBAIL…

Ba í tuairisc Sheáin Tadhg Uí Ghairbhí ar phlean oideachais Gaeltachta Jan O’Sullivan is mó a mheall aird léitheoirí le cúpla lá anuas. Is ann a nochtadh den chéad uair cuid de phríomhphointí pholasaí oideachais an Aire i leith na Gaeltachta.

Tumadh iomlán sa teanga a mholtar a theastaíonn ó ghasúir Ghaeltachta anois, dúshlán nach beag i bhfianaise uileláithreacht an Bhéarla sa lá inniu.

Ag dul i ngleic leis an uileláithreacht chéanna a bhí Antain Mac Lochlainn an tseachtain seo. In ainneoin go moltar ina lán téacsleabhair aistriúcháin gan ‘téarmaí cultúrtha’ a thiontú, deir Antain linn go mbraitheann sé nach bhfuil an dara rogha ag lucht na Gaeilge ach déanamh amhlaidh le téarmaí cultúrtha Béarla, ‘ar eagla ár mbáite’.

Thuigfeadh meitheal aistrithe Twitter an ghné sin den obair go rímhaith, shílfeá, agus tá súil acu an leagan Gaeilge den suíomh a sholáthar ar aip go luath.

Ba fhlaithiúil an focal é ‘aistriúchán’ le cur síos a dhéanamh ar an méid a rinneadh lenár logainmneacha dúchais, ceist atá cíortha ag Dáithí de Mórdha an tseachtain seo.

Meabhraíonn Dáithí dúinn nuair a bhailigh Tomás Ó Criomhthain an trí chéad go leith ainm a foilsíodh mar Dinnsheanchas na mBlascaodaí thiar in Iarthar Duibhneach, ‘bhí sé ag déanamh cuntais ní hamháin ar ghnéithe tíreolaíoch den oileánrach ar ar mhair sé, ach ar stair an phobail ón gcianaois’. Áitíonn Dáithí ‘Má tá deireadh ag teacht le ré na nGael…bíodh ár logainmneacha beo inár ndiaidh’.

Fear amháin a thiocfadh leis an méid sin go huile is go hiomlán is ea Cathal Ó Feinneadha, Iar-Uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí Na Fianna, a cailleadh ar an Máirt.

Rinne Cathal ráiteas ag Ard-Fheis an Chonartha ar an Spidéal i 1966 nach tír dhátheangach a bhí mar aidhm ag an eagraíocht ach an Ghaeilge “a bheith mar ghnáth-theanga na ndaoine” agus í a bheith mar “ghnáth-theanga an chórais riaracháin, idir Oireachtas, Státseirbhís agus Chúirteanna Dlí”.

D’oibrigh sé féin agus a bhean chéile Carmel ar son daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus bhronn Cumann Cairde Eoin le Dia i gCill Droichid uachtaránacht saoil air. Anuas air sin, ba pheileadóir é a bhuaigh boinn i gCraobh Mionúr na hÉireann lena chontae dúchais idir 1945 agus 1946.

Ar mhachairí neimhe atá an chaid á preabadh anois aige. Go ndéana Dia grásta air.

Maitiú Kominski

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn a mheabhrú duit, a léitheoir, gur féidir leat vóta a chaitheamh do Mhaitiú Ó Coimín seo againne le haghaidh Ghradam ‘Réalta Óg na Bliana’ ag Oireachtas na Gaeilge, a fhógrófar ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an 22 Bealtaine.

Níl ort ach GRADAM105 a sheoladh chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann nó 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór. Is féidir blaiseadh a fháil den méid atá scríofa ag Maitiú ó tháinig ann do Tuairisc.ie anseo.

Sin é ár mbuillne don gheábh seo.