Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Comórtas

Tá comórtas breá againn daoibh arís an tseachtain seo. Roinnt cóipeanna de sháralbam nua Choilm Mhic Con Iomaire, And now the weather (Agus anois an Aimsir), atá le buachtaint an turas seo, ach clárú dár nuachtlitir.

Seo blaiseadh beag d’albam den scoth:

https://soundcloud.com/colm777 

And now the weather (Agus anois an Aimsir) á sheoladh Tigh Whelan i mBaile Átha Cliath anocht. Ná cailligí ach oiread agallamh Mhéabh Ní Thuathaláin le Colm a foilsíodh ar maidin.

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéid Chathail Mhic Coille, Póilín Ní Chiaráin agus Mártan Ó Ciardha i mbun pinn againn.

Cúrsaí staire a bheidh á gcíoradh ag Alex Hijmans an Domhnach beag seo agus fiafraíonn sé an bhfuil gá le hathscríobh ‘aerach’ ar an stair?

Tá ceist chonspóideach eile ag Alex dúinn chomh maith dúinn: 

Ar lanúin fear iad Cú Chulainn agus Fear Diadh a raibh dúil acu i ngnéas foréigneach?

I mbéal an phobail…

Ba iad Pobalscoil Chorca Dhuibhne an chéad scoil Mhuimhneach a chroch leo Ardán Uí Ógáin dhá bhliain as a chéile i mbliana. 

‘De dhroim comhnascadh agus coimhlinte’ idir Scoil na mBráithre Críostaí agus Meánscoil na Toirbhirte sa Daingean a tháinig ann don Phobalscoil, mar a mheabhraigh Dara Ó Cinnéide dúinn i rith na seachtaine.

Cé go raibh sé de phribhléid ag an gCinnéideach, iarscoláire de chuid na mBráithre Críostaí é féin, a bheith i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite lena chlann iníonacha, is cosúil nár cuireadh bua stairiúil a chomhpharóisteach abhaile air nó go bhfaca sé an Corn féin á nochtadh sa Phobalscoil, é maisithe le brat na scoile agus suite go maorga ag féachaint amach air. Faoi mar a dúirt an t-údar féin, ‘toirtín gleoite earraigh má bhí a leithéid riamh ann’.

B’in an uair go dtáinig ‘cnapán ina scornach le racht bróid’ as an méid atá bainte amach ag peileadóirí óga Chorca Dhuibhne.

Bhí bród nach beag as an bparóiste céanna ar Phádraig Ua Maoileoin nó ‘Paddy a’ Dúna’, mar a ghlaoití air go háitiúil.

Más fíor d’Antain Mac Lochlainn, ‘udar ba ea Pádraig Ua Maoileoin…nár bhreac líne ar pár riamh nach raibh seolta, aclaí’. Fear a bhí ‘teann as a Ghaelainn’, mar a dúirt Máire Mhac an tSaoi tráth, agus dóthain tuisceana ar an teanga aige chun ‘bheith istigh’ a thabhairt d’abairtí ar nós ‘bhí a n-aigne déanta suas acu’.

Ba dhóigh leat go bhfuil a n-aigne déanta suas ag Fáilte Éireann dearmad a dhéanamh ar Ghaeltacht Ghlas na Mí agus Gaeltacht na Rinne agus cosán ‘Sean-Oirthear na hÉireann’ á leagan amach acu, mar atá tuairiscithe ag Maitiú Ó Coimín. Ní léir dóibh fós cén luach a bhainfeadh le ceantair dá leithéid a chur san áireamh i bplean nua turasóireachta don oirthear ach más mar sin atá, tá dul amú orthu.

Is dealraitheach go bhfuil cuid den daille chéanna ar lucht Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i Sligeach. Meon ‘ar nós cuma liom’ atá acu, shílfeá, i leith an chuid sin den phobal arb í an Ghaeilge a rogha teanga.

Drochmheas a léiríonn a leithéid gan amhras, dála mar a léirigh Roinn na Gaeltachta ar fhoireann Cormac ag a Cúig Dé hAoine seo caite, más fíor do Chormac féín..

Ach oiread le comharthaí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i Sligeach, ‘mishmash de bhladar’ a bhí sna freagraí a thug an Roinn chéanna ar cheisteanna a chuir a chomhghleacaithe orthu.

Má fuair an fhearg an ceann is fearr ar Chormac seo againne, ba dheas linn a cheapadh gur saor óna leithéid de mhíshásamh atá Máiréad Breathnach, ó Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne, a bhuaigh comórtas Miss Kerry in óstán an Killarney Plaza Dé Luain seo caite.

Go maire sí féin agus scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne a nuacht.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.