Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

I dtosach báire, is mian linn beannachtaí na Cásca a ghuí ar ár gcuid léitheoirí uile.

Tá COMÓRTAS eile againn daoibh an tseachtain seo agus deis agaibh cóip d’albam nua RÍS, Yahú, a bhuachtaint ach clárú dár nuachtlitir anseo. Tá a thuilleadh sonraí ar fáil ar leathanach Facebook Tuairisc.ie.

Maidir le comórtas an leabhair, Ceist Eile Agam Ort , is í buaiteoir na seachtaine seo ná Fionnuala Nic Cába. Comhghairdeachas le Fionnuala agus go maire sí a nuacht!

Cé is móite de na fógraí seo, fuaireamar dea-scéal i rith na seachtaine go bhfuil ceithre ainmniúchán faighte ag Tuairisc.ie do Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge, a bheidh ar siúl i nGaillimh an mhí seo chugainn.

Amach ón dea-scéal sin, tá roinnt ábhar suimiúil le foilsiú againn le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Molaimid daoibh súil in airde a bheith agaibh le haltanna spéisiúla ó leithéidí Alex Hijmans, Alan Titley, Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Mac Coille.

I rannóg an spóirt, caithfidh John Allen súil ghéar ar iománaithe Phort Láirge agus a stíl rathúil ‘peile’ agus is faoi ghliceas agus neart Conor McGreogor atá Mártan Ó Ciardha ag scríobh ar an Domhnach.

Ná cailligí ach oiread an leagan nua d’fhorógra na Cásca, atá breactha ag Máire Ní Fhinneadh, ná breithiúnas Dhara Uí Chinnéide ar ‘bhás na caide’.

Ag teacht go luath chomh maith, beidh Sraith Pictiúr 5 agus Sraith Pictiúr 6 i Rannóg na bhFoghlaimeoirí.

I measc na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas, bhí cuntas againn ar agallamh i nGaeilge a rinne an trodaí UFC Conor McGregor le Nuacht TG4.

‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ a d’fhiafraigh fear Bhaile Átha Cliath, agus tharlódh go raibh ceachtanna gramadaí folaithe sa ráiteas sin.


Bhí an-tóir chomh maith ar cholún Antain Mac Lochainn, go háirithe má chuirtear san áireamh líon na ndaoine a léigh an leagan Béarla de FRIOTAL na seachtaine seo agus é aistrithe ag Tuairisc.ie mar chuid de bhob Lá na nAmadán!

D’imigh sin is tháinig seo agus is ár suaimhniú féin atáimid anois, agus aghaidh á thabhairt againn ar dheireadh seachtaine na Cásca, ceiliúradh a mheabhraíonn don duine dá fhaid an oíche, tagann an lá. Ní beag sin.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a bhí i dteagmháil linn ó d’fhoilsíomar ‘Ag cur do thuairisce’ go deireanach.

Go deimhin, bhí scata daoine chugainn ag fiosrú cathain a bheadh Aip ag Tuairisc.ie. Beidh áthas oraibh a chloisteáil go seolfar Aip don suíomh i dtús an Mheithimh.

Neosfaimid daoibh a thuilleadh faoi sin an chéad gheábh eile, le cúnamh Dé, ach idir an dá linn, bíodh Cáisc mhór mhaith agaibh go léir.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'