Ag cur do thuairisce….

Colún eolais agus plé dár léitheoirí

Quotations

Duaiseanna agus gradaim

Tá cúpla lá fós agaibh chun bhur n-ainmneacha a chur sa hata i gcomhair dhuais Tuairisc.ie na míosa seo, is é sin síntiús don iris Comhar. Dé Céadaoin seo chugainn, an 18 Feabhra, an spriocdháta. Níl le déanamh ach clárú anseo do Nuachtlitir Tuairisc.ie!

Lena chois sin, tá ainmniúcháin á lorg againn faoi láthair le haghaidh Ghael na Míosa, mí Feabhra. Is mian linn comhghairdeachas a dhéanamh leis an gcraoltóir agus an scríbhneoir Cathal Poirtéir, as gradam mhí Eanáir a ghnóthú de bharr Aontas na Scríbhneoirí a bhunú. Go n-éirí go seoigh leis an Aontas.

Na Scéalta is mó a léadh

Ba é scéal Mhaitiú Uí Choimín faoi scannáin phornagrafacha ar youtube an mhír is mó a léadh le seachtain anuas.

Thángthas aniar aduaidh ar Mhaitiú bocht nuair a thuig sé a oiread spéise a cuireadh sa scéal. Go deimhin, scaipeadh an scéal ar fud an domhain agus a lán leaganacha difriúla dá ainm le feiceáil ar mheáin éagsúla ó cheann ceann na cruinne!

Is é a mhian anois filleadh ar scéalta faoi chúrsaí reatha agus ceist na teanga agus dul i dtaithí ar an saol ciúin a bhí aige tráth dá raibh!

Ag “fáil cleachtaithe” le saol nua atá dream beag as Gaoth Dobhair atá bogtha aniar aduaidh chun a gcuid a shaothrú leis an gcomhlacht Largo Foods, ar dúnadh ceann dá monarchana an samhradh seo caite. Ba é an t-agallamh físeán a cuireadh orthu an chéad mhír eile is mó a raibh tóir uirthi le seachtain anuas.

Sa tríú háit, bhí alt faoi phobalbhreith na Gaeilge a reáchtáil Conradh na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas le gairid. De réir thorthaí na pobalbhreithe, tá 70% de mhuintir na Poblachta agus 54% de mhuintir an phobail ó thuaidh den tuairim gur ceart seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge sa dá dhlínse.

Ba dhóigh le duine, mura mbeadh fios a mhalairte aige, nach dtaitneodh an t-aiseolas sin leis an Rialtas ó dheas, arbh fhearr i bhfad leo go ligfí an teanga i ndearmad, fiú an chuid sin dá gcomhaltaí atá ag obair i Roinn na Gaeltachta, mar a léiríodh i nóta a scríobh duine de chomhairleoirí Heather Humphreys mar chuid de chomhfhreagras faoi Chomóradh 1916 agus téama na teanga sa cheiliúradh sin.

“Is cuid d’athscríobh na staire seo gan an Ghaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916,” a dúirt Iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag caint dó le Tuairisc.ie an tseachtain seo. Ba é an t-alt seo a bhí sa cheathrú háit ar an liosta.

Má tá dul amú ar an Rialtas faoi sheasamh agus ceartúsáid na teanga, ní hiad an t-aon dream a bhfuil an galar sin orthu.

Is mó duine a théann amú san aistiúchán chomh maith céanna, mar a léirigh alt Mhaitiú Uí Choimín arís an tseachtain seo, a bhí sa chúigiú háit.

Ní hé gach duine a bhí ar aon fhocal le Maitiú, ámh, ach más fiú dada é a rá, b’fhéidir go mba leor ‘ná caitear tobac’ nó ‘ná caith tobac’ nó ‘ní ceadmhach caitheamh tobac’ (nó ‘tobac a chaitheamh’) a scríobh chun a raibh i gceist a thabhairt slán. Tar éis na mbeart, is istigh in ospidéal nó ina sheasamh ar na ‘tailte’ lasmuigh de a bheadh duine ar fheiceáil comhartha mar sin dó, ach, ar ndóigh, ní lia duine ná tuairim.

Tá ár ndóthain ráite an turas seo, is dócha.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil liomsa, Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie