Ag croí na faidhbe tá maíomh an DUP nach bhfuil sé bailí a bheith ag iarraidh Éire Aontaithe

Tá nimh sa chaidreamh agus gá le híocshláinte nua, speisialta éigin chun é a cheansú

Ag croí na faidhbe tá maíomh an DUP nach bhfuil sé bailí a bheith ag iarraidh Éire Aontaithe

Chualamar go leor i dTuaisceart Éireann le tamall anuas faoi ‘fhaillí’ Leo Varadkar agus Simon Coveney i ngoilliúnacht na n-aontachtach. Ba cheart dóibh a bheith níos cúramaí faoi íogaireacht pholaitiúil aontachtaithe, a dúradh. Bhí an port sin ag polaiteoirí aontachtacha agus ag an nuachtán The Newsletter.

Feachtas ‘glas’ ag an Taoiseach nua a dúirt Sammy Wilson ón DUP agus ainm an Taoisigh á fhuaimniú mícheart aige – in aonturas, ceapadh.

Cháin scata aontachtach Simon Coveney mar gur dhúirt sé gur mhian leis Éire aontaithe a bhaint amach. Rinne sin Sinn Féin díobh i súile áirithe.

Ábhar fonóide nó trua is ea an cineál sin cainte go hiondúil ach ní hamhlaidh faoi láthair. Tá daoine den uile dhearcadh polaitiúil goillúnach de bharr theip na polaitíochta i Stormont agus de bharr an Bhreatimeachta.

As sin a d’eascair an litir ó ghrúpa náisiúnaithe chuig an Taoiseach, Leo Varadkar á ghríosadh chun cearta daonna agus comhionannais sa tuaisceart a dhaingniú agus a chosaint. Nuair a labhair an Taoiseach an tseachtain seo caite ag iarraidh aontachtaithe a chur ar a suaimhneas, ag rá nach raibh se ag iarraidh leas a bhaint as an mBreatimeacht chun Éire a aontú – ba bheag aird a thug aontachtaithe air. Gheall an Taoiseach do náisiúnaithe nach ndéanfadh an rialtas ó dheas beag is fiú díobh go deo arís. Níor leor sin ach an oiread. Nocht an litir aduaidh chuige míshuaimhneas agus éiginnteacht atá le braith i measc náisiúnaithe le bliain- an sórt corraíl a facthas i measc vótóirí Shinn Féin a thug luach saothair don bpáirtí as siúl amach as Stormont.

Shínigh os cionn 200 an litir a ullmhaíodh sular deineadh an socrú idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach De hAoine seo caite. Bhí lucht acadúil, dlíodóirí, dornálaithe, peileadóirí, oibrithe pobail, tráchtairí agus múinteoirí i measc na sínitheoirí. Orthu sin bhí Peter Canavan, laoch Thír Eoghain, peileadóirí as contae Dhoire, Peter Quinn, Gaeilgeoir aitheanta, James McClean, an t-imreoir sacair, Brian Feeney an tráchtaire polaitiúil agus John Finucane, an dlíodóir a bhí ina iarrthóir toghcháin ag Sinn Fein i mbliana. Dúradar gur mhór acu a gcultúr Gaelach agus bhféiniúlacht mar Éireannaigh. Tá meas acu ar chomhionannas do gach éinne, a dúradar, ach ‘tá cearta á gceilt orainn atá ag gach éinne eile a mhaireann ar na hoileáin seo’.

Mhaígh an litir go bhfacthas le blianta beaga anuas an bonn á bhaint de na hinstitiúidí polaitiúla a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an dá rialtas ar nós cuma liom faoin a ndualgais mar chosantóirí agus rathóirí an Chomhaontaithe. Deir lucht sínithe na litreach gurb í an fhaillí i gComhaontaithe Aoine an Chéasta agus Cill Rímhinn faoi ndear an tsáinn reatha agus ceilt cearta agus measa ar an gcuid den phobal lena mbaineann siad (náisiúnaithe).

Níor ainmníodh aon pháirtí polaitiúil ach ba léir gur ar an DUP a bhí an locht á chur as an bonn a bhaint den Chomhaontú. Cuireadh milleán ar Bhaile Átha Cliath as siléig ina ndualgas ach léiríodh amhras mór faoi rialtas na Breataine. Bhí cinneadh na Breataine go gcaithfeadh an tuaisceart an tAontas Eorpach a fhágáil d’ainneoin vóta chun fanacht ‘maslach agus doghlactha’ a dúradh. Anuas air sin, mhaígh an litir gur chontúirt mhór don bpolaitíocht abhus é an margadh idir na Tóraithe agus an DUP chun móramh ar éigean a thabhairt do Theresa May in Westminster.

D’fhreagair an Taoiseach an litir agus dúirt go raibh súil aige gur ghearr go n-athbhunófaí Stormont. Caol seans, cé nach féidir aon cheo a chur as an áireamh.

Tá nimh sa chaidreamh agus gá le íocshláinte nua, speisialta éigin chun é a cheansú.

Ba é an dearcadh aontachtach ar an litir gurbh ionann í agus liosta éileamh de chuid Shinn Féin. Thagair an Newsletter do John Finucane a bheith ina bhall de Shinn Féin. Údar imní níos mó ab ea an dearcadh coitianta i measc aontachtaithe gurbh ionann an litir agus diúltú don phrionsabal nach mbeadh athrú ar stádas Thuaisceart Éireann mura mbeadh móramh ina fhabhar.

Ag croí na faidhbe seo tá maíomh an DUP nach bhfuil sé bailí ag náisiúnaithe a bheith ag iarraidh Éire aontaithe. Ní aithníonn a gcur chuige gur cinneadh i gComhaontú Aoine an Chéasta go raibh an dá aidhm pholaitiúla bailí – fanacht san Ríocht Aontaithe AGUS féachaint le hÉirinn a aontú ar bhealaí síochánta, daonlathacha. Séanadh ar bhailíocht an aontachtachais –gur chuid dhílis den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann –  is ea an diúltú don Bhreatimeacht dar le Jim Allister, TUV. ’Sé a bhreithiúnas ar an litir nach nglacann na scríbhneoirí le vóta daonlathach na Ríochta Aontaithe . Dúirt Jeffrey Donaldson , DUP, má airíonn náisiúnaithe “tréigthe” gurb iad a n-ionadaithe tofa faoi ndear é; siad Sinn Féin a dhiúltaíonn glacadh lena suíocháin i Westminster agus atá ag cur bac ar fhilleadh ar Stormont.

Tá an t-easaontas seo lán le domlas. Níl gothaí oibre ar James Brokenshire an Státrúnaí a bhfuil an t-údarás aige chun déileáil le cúrsaí Stormont. Beidh lán a lámh ag an Taoiseach Varadkar nó an Tánaiste Coveney chun sínitheoirí na litreach nó éinne eile a shásamh. Deus ex machina riachtanach seans.

Fág freagra ar 'Ag croí na faidhbe tá maíomh an DUP nach bhfuil sé bailí a bheith ag iarraidh Éire Aontaithe'

  • thar lear

    re an dorchadais romhainn aris….agus mumaigh an DUP ag valcaeireacht thart faoi chlo daonna oraistiuil…chuirfeadh se an galar dubhach ar mhuic…..amhail a bheith ag gabhail de chleite ar chloich aon bhogadh a dheanamh ar an bhfuath agus ar an nimh ata ag puisceadh ina gcroi siud d’aon duine nach mbaineann lena dtreibh na lena ndearcadh fein……

  • MacAnRí

    Ar an drochuair, cuireann meabhrach an buile feirg bréige a bhí ar Wilson agus Dodds orm na lá dorcha sna 80í …tá siad ag lorg “deargnamhad” agus is fusa Vradkar agus Covney chun diriú in ainneoin is May agus an Bhreatimacht an Fhadhb is mó le haghaidh an maragadh atá déanta aici agus an deighilt leis an “Mainland” atá i ndán duinn ins na bliainta atá romhainn.