Ag comhrá le heagarthóir ficsin The New Yorker – i m’aigne féin

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá ár gcolúnaí scríbhneoireachta tar éis dul as a mheabhair go hoifigiúil anois agus ainm fíordhuine baiste aige ar cheann de na glórtha ina cheann

Ag comhrá le heagarthóir ficsin The New Yorker – i m’aigne féin

Ba cheart rabhadh sláinte a thabhairt d’aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar a scríobh. Ceapaim go bhfuilim féin tar éis dul as mo mheabhair go hoifigiúil anois, agus ainm baiste agam ar dhuine de na glórtha i mo cheann a thugann ‘cúnamh’ dom agus mé i mbun eagarthóireachta. Mar bharr ar an donas, ainm fíordhuine atá ann.

Tá Deborah Treisman ina heagarthóir ficsin ar The New Yorker ó bhí 2003 ann agus is í a chuireann an podchraoladh ardráchairte ‘The New Yorker Fiction’ i láthair, sraith mhíosúil ina léann údair ar foilsíodh saothar leo san iris gearrscéalta le húdair eile a foilsíodh san iris.

I ndiaidh an léimh, déanann an t-údar a rinne an léamh agus Deborah anailís ar an scéal.

Má thug tú éisteacht don phodchraoladh seo riamh, beidh a fhios agat go bhfuil Deborah an-ghéarchúiseach agus í ag cíoradh scéil – ach go mbíonn sí an-ghreannmhar freisin. Uaireanta, shílfeá gur ag cabaireacht faoina cuid comharsana a bhíonn sí seachas ag déanamh anailíse ar charachtair fhicseanúla, oiread aithne aici ar na pearsana a bhíonn faoi chaibidil aici. ‘An bhfaca tú an chaoi a ndearna carachtar X a leithéid Y?’ a d’fhiafródh sí den údar a mbeadh sí i mbun plé leis. ‘Díreach mar a bheifeá ag súil leis uaidh siúd.’

Sin é go díreach an cineál tráchtaireachta a dhéanann an glór i m’aigne féin ar bhaist mé ‘Deborah Treisman’ air (agus ós rud é go mbím ag éisteacht le podchraoladh ficsin The New Yorker chomh minic sin, tá glór na fíor-Deborah Treisman ag an nglór sin i mo cheann.)

‘Nach caolchúiseach an chaoi a léiríonn an ráiteas fánach sin ag carachtar Z an tréith atá aige daoine a úsáid mar a bheadh uirlisí iontu?’ a déarfadh an glór seo i mo cheann, nó ‘An bhfaca tú féin an dlúthcheangal idir an radharc ar leathanach 127 ina bhfuil stobhach cloicheán á dhéanamh ag fear inste an scéil agus an radharc ar leathanach 214 ina bhfuil anraith piseanna á mheascadh aige?’

Níl teorainn le díograis ‘Deborah Treisman’ m’aigne féin agus bíonn an-chraic againn ag cúlchaint faoi na carachtair san úrscéal atá idir lámha agam, amhail is gur síocanailísithe muid a bheadh ar bhriseadh caife.

An fhadhb ná go mbímse, an scríbhneoir, ag iarraidh na seoda ar fad a thagann ó bhéal ‘Deborah Treisman’ m’aigne féin a chur isteach san úrscéal atá á scríobh agam, ar eagla go gcaillfeadh an léitheoir amach ar thuiscint íogair éigin a mbeadh sí tar éis teacht uirthi, ar chomhtharlúint aisteach éigin a bheadh tugtha faoi deara aici nó ar shiombalachas domhain éigin a mbeadh sí tar éis a méar a leagan air.

Milleann an t-údar a mhíníonn a scéal féin don léitheoir a scéal. Ba cheart an obair sin a fhágáil faoi Deborah Treisman an fhíorshaoil.

Fág freagra ar 'Ag comhrá le heagarthóir ficsin The New Yorker – i m’aigne féin'