Ag Cluichí Oilimpeacha 1984 a scríobh mé ‘Okira’ in áit Ó ‘Ciardha’

Maidir le laochra spóirt, ainmneacha gearra gonta a ghreamódh i d’aigne is fear

Ag Cluichí Oilimpeacha 1984 a scríobh mé ‘Okira’ in áit Ó ‘Ciardha’

Davis Love III Pictiúr: INPHO/Allsport

Chaith mé seal i dtús mo shaoil agus cineál aiféala orm faoi m’ainm. Sa scoil bheag ba bheag de dhifríocht idir é agus iad siúd a bhí suite i mo thimpeall – Cualánaigh, muintir Chonghaile, Fáthartaigh, Curraoinigh, Coistealbhaigh ab ea a mbunáite.

Ní hé go dtuigfeadh an strainséir a chuirfeadh a thóin leis an gclaí a bhí ar chlós na scoile ag am sosa gur i measc Gael a bhí sé. Ba é ba dhóigh go gceapfadh an créatúr go mba sa Rúis nó sa tSín féin a bhí sé landáilte – gan le cloisteáil aige ach ‘buail an ball a bhitch’, nó ‘an-scór a mhac’. Ach sin scéal eile.

Na sloinnte ba choitianta in iarthar na hÉireann agus na hainmneacha baiste a bhí i mo thimpeall sa mbaile a bhí freisin sa scoil chónaithe a ndearna mé freastal uirthi – Seán, Pádraig, Séamus. Micheál, Seosamh agus mar sin de.

Ceart go leor bhí buachaill ann a raibh Lúcás air, ach bhíodh sin á fhógairt den altóir chuile dhara lá i gcuideachta Mharcais agus Eoin. Cheap muide a bhíodh ag éisteacht go mba dhream iad a bhí ar bheagán scíthe más iad a scríobh an ceathrú cuid dá raibh curtha síos leo.

Ógánach a tháinig thar teorainn isteach go Maigh Eo ba ghalánta sloinne. Orr a bhí air siúd ach bhain a ainm baiste (ceann de na cinn atá luaite thuas) cuid den snas de – cé gur fearr an leathbhuilín ná a bheith gan arán.

D’fhág an leanbaíocht seo ar fad gur nós liom fiú sa lá atá inniu ann suntas faoi leith a thabhairt do na hainmneacha a bhí ar mhórphearsana spóirt na linne sa mbaile agus i gcéin.

Ní gá gur ollamh ollscoile a bheadh i nduine go dtuigfeadh sé nó sí go mbeadh ainmneacha laochra spóirt na hÉireann, fadó agus inniu, le fáil freisin i measc na gcomharsan – ainmneacha dúchasacha. Ag an am céanna braith mé go raibh beagán ceoil ag baint le Christy Ring agus le peileadóir de chuid Thír Eoghain a raibh Iggy Jones air. Ach bhí an chuid eile acu chomh simplí sothuigthe leis na cinn a bhí i mo thimpeall sa rang – Ronnie Delaney, Seán Purcell, Des Foley, Paddy Doherty agus Willie John McBride cuir i gcás.

Lena cheart a thabhairt don spórt a chleacht Mac Giolla Bhríde ba é an rugbaí ba mhó a thugadh ábhar machnaimh do dhuine. Bhí fear ann a raibh Dion Glass air a d’imir d’Éirinn trí nó ceathair de gheábhanna i ndeireadh na 1950idí agus fear eile a raibh Harry Rea air a tháinig an bealach deich mbliana dár gcionn.

Tá an patrún léite faoi seo agat – ainmneacha gearra, gonta a ghreamódh i d’aigne ina leaba siúd a bhí fadálach agus a chuir anró an diabhail ar théada an ghutha agus ar an scornach. Iad siúd ar theastaigh an dara hanáil lena gcríochnú go minic.

Denis Law, Gordon Banks, Alan Ball, Terry Paine – nach mba dheas simplí an rud é ceachtar acu sin a scríobh ar an leabhairín a shínfeadh an gasúr chugat ar thaobh na páirce théis na himeartha seachas a bheith ag dul ó thaobh go taobh an leathanaigh le do ‘Mártan Ó Ciardha’!

Is gonta Béarla na Banríona go cinnte, ach ní hé sin nach meallfadh teangacha eile an duine scaití. Bhí Serge Blanco chomh tarraingteach le hainm in aon teanga agus bhí mé an-tógtha freisin leis an gcaoi a mb’fhaisean leis na Francaigh an dara hainm chomh maith leis an ainm baiste a cheangal don sloinne. Jean Pierre Rives cur i gcás. Faraor, fearacht an teanga s’againn féin, ba mhinice ná a chéile ainmneacha Francacha a bheith fada, liopastach – Walter Spanghero cuir i gcás nó Pierre Villepreux.

I ndeireadh na dála freisin nach amhlaidh Pierre agus Peadar, Jean agus Seán. Bhí tú ar ais ar leac na mbonn arís.

Ach fág ag an bPoncánach é. Ansiúd a bhí agus atá an fómhar le baint – an síol curtha i dtalamh ag tír atá níos óige ná go leor agus atá freisin ilchultúrtha agus ilchiníoch. Faoin am a raibh mise ag éirí aníos bhí do chuid John L. Sullivans agus do chuid Jack Dempseys caite i dtraipisí. Ba é seo ré Joe Louis, Babe Ruth, Hank Aaron, Sam Snead, Jesse Owens, Willie Mays, Sugar Ray Robinson, Joe Montana, Mickey Mantle agus na céadta eile.

Más suim leat ainmneacha, bíodh spórt Mheiriceá ar bhos do chamáin agat.

Chuir sé meangadh orm blianta ina dhiaidh nuair a fuair mé amach go mba é ainm mo sheanchomrádaí scoile a bhí ar dhuine de na himreoirí haca oighir ab fhearr dá raibh ann – Bobby Orr, a d’imir do na Boston Bruins idir 1966 agus 1975, ach is in áit na leathphingine atá sé siúd le hais na ngalfairí.

Más ainmneacha faoi leith atá uait tá stór acu le fáil i measc na ngalfairí Poncánacha – Boo Weekley, Brinny Baird, Davis Love, Fuzzy Zoeller, Fred Funk, Duffy Waldolf, Chip Beck, Buddy Allin, Woody Austin, Ben Bates, Jim Furyk, Andy Bean, Fred Couples, Jason Dufner agus go deimhin cá bhfágfainn Tiger Woods é féin.

Ní mba rófhada a mhair an t-achar a raibh mé in éad leo siúd ar baisteadh na hainmneacha orthu a bhfuil sé níos éasca iad a rá. Inniu ní iarrfainn aon cheann eile ach an ceann atá orm, cé nach bhfuil lá dá dtéann thart nach dtarraingíonn sé clampar agus cantal de chineál éicint agus mé ag iarraidh bille a íoc nó mo chearta a chleachtadh mar atá dlite dom.

Is fadó an lá ag Cluichí Oilimpeacha Los Angeles 1984 a scríobh mé ‘Okira’ ar an áit a raibh do shloinne le dul agus mé ag seiceáil isteach san óstán – mo dhúchas tréigthe agam ar son suaimhnis agus simplíochta.

Cúpla uair an chloig dár gcionn d’iarr mé ar an deasc fáilte go dtabharfaí béile suas chuig mo sheomra mar go raibh mé spíonta de bharr na heitilte. Ar theacht dó d’ardaigh mé an cruinneachán a bhí os a chionn agus céard a bheadh leis ach péire ‘chopsticks’.

Nuair a d’iarr mé ar an bhfreastalaí scian agus forc a thabhairt chugam freisin ghabh sí a leithscéal agus dúirt gur thuig sí ón ainm a tugadh di go mba Seapánach a bhí ag dul ag placadh.

Sceallóga agus buidéal beorach a bheadh tugtha aici Chip Beck is dócha, ní áirím a mbeadh i ndán do Davis Love!

Fág freagra ar 'Ag Cluichí Oilimpeacha 1984 a scríobh mé ‘Okira’ in áit Ó ‘Ciardha’'