Ag ciorrú, ag claochlú agus ag scriosadh

FRIOTAL: Ní thuigimid focail i gceart gan fios a scéil a bheith againn, a deir ár gcolúnaí

14/10/2014 Budget Day 2015

Muidne a bhíonn ag tincéireacht le focail, is maith linn fios a bheith againn cá has ar tháinig siad chugainn, cad é a mbunús nó a sanas. Is foghlaimeoir Gaeilge mise agus is fearr a fhanann focal i mo chuimhne nuair is eol dom cuid dá stair. B’fhurasta dom cuimhneamh ar ‘déirc’ nuair a insíodh dom gur ‘Dia’ + ‘searc’ a bhí ann. As ucht grá Dé a thugtar déirc – simplí.

Tá ‘caidéiseach’ á léamh agus á scríobh agam le fada, agus bhí a fhios agam gur ‘fiosrach’ an chiall atá leis. Bomaite machnaimh ní dhearna mé sa bhreis air sin gur léigh mé míniú an Duinnínigh ar an fhocal chéanna: ‘inquisitive, one constantly asking caidé?’ Dar liom, cuireann an míniú sin brí nua san fhocal. Nárbh aclaí is nár bhisiúil a bhí an Ghaeilge agus í i mbarr a réime? Ar éigean a ligfeadh an faitíos agus an ró-urraim dúinne drannadh le leaganacha mar ‘cadinathaobhach’ nó ‘caduigeach’.

In aimsir seo na déine agus na ngearrthacha siar, níl uair ar bith a chluinim ‘ciorruithe’ nach smaoiním ar bhunbhrí fhuilteach an fhocail mar a mhínítear ar eDIL é: ‘act of mangling, maiming.’ An laoch a dhéanfadh ciorrú ar a chéile comhraic, níor mhaith leat dul ina láthair. Níos faide anonn, samhlaíodh ‘ciorrú’ le foréigean de chineál eile, an dochar a dhéanfadh duine mioscaiseach leis an drochshúil. Tá an bhrí sin luaite in FGB: ‘deformation attributed to evil eye’.

Nuair a bhí FGB á scríobh, shocraigh an fhoireann tús áite a thabhairt don chiall is luaithe a bhaineann le focal agus na cialla nua a greamaíodh de a thabhairt ina dhiaidh sin. Is ait an toradh a bhíonn air sin, thall is abhus. Inniu, is beag duine a chuimhneodh ar chath ná ar an drochshúil ar chluinstin an fhocail ‘ciorrú’ dó. Bíodh sin mar atá, is maith liomsa an léargas a thugann FGB ar éabhlóid focail. D’oirfeadh sé go maith do pholaiteoirí áirithe dá mbeadh ‘ciorrú’ ina fhriotal neodrach státseirbhísiúil feasta ach tá a fhios againn nach amhlaidh atá: is scrios atá á dhéanamh ar an chóras sláinte, ar ghréasáin shóisialta na tuaithe agus ar chéad rud eile, in ainneoin phlásaíocht Mhicheáil Uí Nuanáin agus Brendan ‘Súilnimhe’ Howlin.

Ar ndóigh, is féidir barraíocht ómóis a bheith agat do chiall bhunaidh an fhocail agus a bheith dall ar chialla nua atá i mbéal daoine. ‘Fallás na sanasaíochta’ a thugann lucht teoirice air sin agus is gné an-chaolchúiseach den teangeolaíocht é. Bheinnse in amhras faoi úsáid ‘claochlú’ san abairt thíos, mar shampla:

“Sa daichead bliain sin, tháinig claochlú chun feabhais ar ár gcaidreamh leis an Eoraip agus leis an domhan.”

Malairt chuma nó athrú cló an bhunchiall atá le ‘claochlú’. Is athrú chun donais a bhíonn ann de ghnáth: ‘act of changing… change for the worse, deterioration’ (eDIL). Is iontach liomsa caidreamh a bheith ag ‘claochlú chun feabhais’ ach seans gur tháinig claochlú ar ‘claochlú’ i ngan fhios dom.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ag ciorrú, ag claochlú agus ag scriosadh'