Ag ceannach smididh gan stró!

Níor cheart géilleadh don tromaíocht ná don bhulaíocht ag an gcuntar smididh ach an oiread le haon áit eile, a deir ár gcomhfhreagraí

Smideadh

Tharla dhá eachtra siopadóireachta le déanaí a thug tuiscint bhreise dom ar an gcúis gur minic a bhíonn deacrachtaí ag mná agus iad ag ceannach smideadh nó earraí cúram cnis i siopaí, go háirithe siopaí faiseanta ilrannach.

Bhí mé ag taisteal le deireanas agus mé faoi dheifir ach theastaigh bonnsmideadh – foundation – nua uaim agus thug mé cuairt sciobtha ar shiopa faisin mór le rá. Ní raibh smideadh ar bith orm féin agus cé go raibh gléasadh neamhfhoirmeálta orm bhí mé glan agus néata. Ach níor caitheadh liom mar a chaitear de ghnáth.

Labhair mé go cúirtéiseach leis an mbean sa rannóg den siopa a bhí uaim faoi tháirge nua a tháinig ar an margadh go gairid roimhe sin. D’fhreagair sí mé le glór a raibh éirí in airde nó tuin mhórchúiseach ag baint leis, agus a thug le tuiscint dom gur mheas sí go raibh mé aineolach nó dall ar fad ar chúrsaí smididh. Níos measa fós, nuair a thriail sí sampla den bhonnsmideadh nua a chur orm féachaint an raibh an dath oiriúnach, ba ar chúl mo láimhe a thriail sí é. Cur amú ama é sin mar nach ionann ar chor ar bith dath an chraicinn ar do lámha agus ar d’éadan. Ba léir nach raibh sí chun mórán stró a chur uirthi féin.

Seans dá mbeadh smideadh orm féin agus gléasadh galánta orm gur scéal eile a bheadh ann. Ach ar cheart go gcaithfeá cuimhneamh ar chúrsaí stíle agus tú ag caitheamh do chuid airgid ar tháirge smididh?

Níor ghéill mé dá dearcadh ardnósach agus a luaithe agus a thuig sí gur custaiméir mé nach gceannódh ach an rud a bhí uaim d’athraigh sí a port. Nuair a fuair sí amach go n-úsáidim an branda áirithe sin de tháirgí go rialta ní fhéadfadh sí a dóthain a dhéanamh dom. Cuireadh i mo shuí mé agus bhí sí an-lách liom agus míniú eolach aici dom ar an táirge nua. Ar m’éadan a chuir sí an bonnsmideadh ansin agus púdar agus folaitheoir lena chois. Thuig sí go dteastódh uaim an toradh a fheiceáil lasmuigh faoi sholas an lae seachas faoi shoilse láidre an tsiopa agus bhí siad i bhfad níos airdeallaí faoi mo chuid ceisteanna freisin.

Rud eile a tharla le gairid, d’iarr cara liom comhairle orm faoi scáthú súl a cheannach. Chuaigh sí ag lorg an táirge a bhí molta agam agus dúirt sí leis an bhfreastalaí siopa gur beag eolas a bhí aici ar smideadh ach gur suim léi an branda agus an dath ar leith a bhí molta agam. Thriail an freastalaí a chur in luí uirthi nach bhféadfaí an dath áirithe sin de scáthú súl a fháil gan pailéad – palette – iomlán ina raibh 13 de dhathanna éagsúla ann a cheannach. Bheadh uirthi dosaen dathanna nach raibh uaithi a cheannach ar mhaithe leis an aon cheann amháin a theastaigh uaithi a fháil! Bhí bob á bhualadh uirthi mar bí cinnte gur féidir gach dath acu a cheannach as féin.

Is cinnte, mar sin, gur fearr an freastalaí ag an gcuntar smididh a sheachaint mura bhfuil uaithi ach a coimisiún féin as líon na dtáirgí a dhíolann sí a mhéadú. Ba cheart muinín a chur sa duine nach mbeidh ag brú ábhar ná branda ort in aghaidh do thola agus a bheith dílis don duine atá éifeachtach agus cúirtéiseach leat. Níor cheart éisteacht riamh leis an duine a deir leat ‘go gcaithfidh tú’ línitheoir liopaí áirithe a cheannach má roghnaíonn tú béaldath ar leith nó an té a bhrúnna séiream – serum – ort i dteannta an mhaothóra – moisturiser – a bhí uait. Má bhíonn a leithéid mímhúinte leat ná bíodh fuacht ná faitíos riamh ort gearán a dhéanamh.

Bíonn formhór mór na bhfreastalaithe sna siopaí smididh gairmiúil, eolach agus cairdiúil i gcónaí; ní bhíonn i gceist ach an fíorbheagán beag a mbíonn éirí in airde ag baint leo nó a mbíonn dúil ró-mhór acu sa choimisiún a fhaigheann siad trí tháirgí breise a bhrú ort.

Níor cheart géilleadh don tromaíocht ná don bhulaíocht ag an gcuntar smididh ach an oiread le haon áit eile.

Fág freagra ar 'Ag ceannach smididh gan stró!'