Ag Breatimeacht, ag Breatimeacht, Breatimithe…

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA):  Boris leatBhreatimithe; an cíor Thrumpail; an camán conáilte; agus presstitutes na Gaeilge

Ag Breatimeacht, ag Breatimeacht, Breatimithe…

Agus seo á scríobh, níl an Breatimeacht Breatimithe go fóill. Ná cuireadh sé iontas ar bith ort nó próiseas an Bhreatimeachta atá ann; próiseas a leanfas ar aghaidh agus ar aghaidh a fhad is go bhfóireann sé don dá thaobh. Ní bheidh ceachtar dream ag iarraidh go dtógfar teip orthu. Níl mórán muiníne ag lucht Breatimeachta as Boris; creideann mórán acu – ní hé Nigel Farage amháin – go loicfeadh sé ar an chúis ach an deis a fháil ón Aontas.

Mar sin de, is mór an t-iontas é nár chuir an tAontas an deis sin ar fáil dó. Shílfeá go mbeadh sé ciallmhar ag saoistí an Aontais – má tá Johnson chomh fealltach sin – seans a thabhairt dó feall a imirt ar an Bhreatimeacht, an próiseas ar fad a thabhairt chun críche agus bealach ar ais a chur ar fáil don Bhreatain bhradach. (B’fhéidir go ndéanfaí fós, cá bhfios?)

I ndeireadh thiar thall, má chreideann lucht an Aontais go bhfuil an Breatimeacht ag dul a bheith chomh dochrach sin don Bhreatain, cad chuige nach dtugann siad rith an chladaigh do bhád na Breataine – na hiascairí san áireamh – agus a bheith réidh leo? Más fíor do pholaiteoirí na Bruiséile, ní fada go mbeidh bád na Breataine ag tóin Mhuir nIocht agus go mbeidh bád na Bruiséile ina mháistir ar na farraigí ar fad.

Níl deifir ar cheannairí na Bruiséile sin a dhéanamh. Cad chuige?

Agus an cheist eile is gá a chur arís agus arís eile faoin Aontas, cad chuige nach bhfuil cead agat an club a fhágáil má tá fonn ort?

Beidh sé ina chíor Thrumpail go fóill beag

Agus ag caint ar phróiseas. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil olltoghchán na Stát Aonaithe ag teacht chun deiridh. D’éirigh leis an uachtarán Trump amhras a chaitheamh ar thoradh an olltoghcháin ach níor éirigh leis a chás a chruthú sna cúirteanna. Coinneoidh an iaróg an dé i gcuid mhór tráchtairí báúla dá chuid ar líne go ceann tamaill ach ní dócha go gcuirfidh an dlí na Daonlathaigh dá gcúrsa.

Deireadh ré, mar sin? Bhuel, thug 74 milliún duine (fíordhaoine!) a vóta do DJT agus ní sásta atá siad. Ní sásta atá DJT ach an oiread agus cé a chreideann go leanfaidh sé den ghnás nach ndéanann iar-uachtarán ionsaí ar uachtarán reatha? Níor lean Trump gnás na bunaíochta go dtí seo, cad chuige a leanfadh sé an ceann sin? Cáinfidh sé Biden gach aon deis is féidir leis, mheasfá, agus beidh ábhar scéil i gcuid tvuíteanna Trump go ceann tamaill.

Sea, beidh sé ina chíor Thrumpail go fóill beag.

Ciarraí agus Aontroim i gcluiche ceannais Chorn Mhic Dhonncha. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An camán conáilte

Aisteach agus ró-aisteach a bhí sé bheith ag amharc ar chluichí ceannais iomána agus camógaíochta an t-am seo bliana. Ba cheart go mbeadh sé in éadan an dlí bheith ag rith thart agus contúirt adhmaid ar chraiceann lom a fhulaingt. Ní chuireann duine ar bith fáilte roimh an chamán chonáilte. Moltar na himreoirí ar fad as a ndílseacht don chúis. Ní fhéadfainn féin an íobairt a dhéanamh; is sa bhaile i gcuideachta Jameson’s a bheinn.

Mar sin féin, bhí eagla orm ar feadh tamaill go mbeadh an camán ab fhearr ag Ciarraí ar Aontroim i gcluiche ceannais Chorn Mhic Dhonncha. Níl a fhios agam an mbeadh an fuinneamh ionam tubaiste eile a fhulaingt i mbliana agus fáil amach go raibh Ciarraí chomh cumasach leis an chamán agus a bhíonn siad leis an chaid. Sea, gonc d’iománaithe na Ríochta a bhí ann ach, ó tharla gur Ciarraí atá ann, beidh lá eile acu.

Ach is maith go raibh an bua le hAontroim agus gur seachnaíodh Apacailipsis Iomána.

Presstitutes na Gaeilge

Is léir go bhfuil dímheas ag mórán vótóirí sna Stáit Aontaithe ar iriseoirí gairmiúla. Cróga an té a léifeadh na tagairtí a bhíonn greamaithe ag bun ailt ar líne ag nuachtáin agus stáisiúin ‘mheasúla’. Bíonn neart maslaí ann faoi chinsireacht – scéal Hunter Biden, mac an uachtaráin tofa, a chosc – agus faoi bhréaga – scéalta gan bhunús go raibh Trump ina spiaire ag an Rúis.

Bíonn na maslaí géar ach, anois agus arís, spréachann focal aníos a bhíonn géar agus greannmhar. Tugann mórán vótóirí de chuid an uachtaráin Trump ‘presstitutes’ ar iriseoirí gairmiúla anois, focal a thugann an-léargas ar an ghnó i ndáiríre. Mar bharr ar an ádh, ní doiligh sin a thiontú go Gaeilge. Preastriapach?

Fág freagra ar 'Ag Breatimeacht, ag Breatimeacht, Breatimithe…'