‘Ag bailiú ‘karma’ a bhí mé i mbliana’ – Diarmuid de Faoite

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2019 le roinnt Gael. An geábh seo, is é Diarmuid de Faoite, aisteoir agus scríbhneoir, atá linn

‘Ag bailiú ‘karma’ a bhí mé i mbliana’ – Diarmuid de Faoite

1. Cén chuimhne is mó atá agat ar 2019?

Nuair a chuir mé lánstad le dréacht de dhráma nuascríofa liom ‘Nóra’, sin an móimint a sheas amach domsa. Tá an dráma bunaithe ar ghearrscéal Phádraic Uí Chonaire, Nóra Mharcais Bhig. Bhí tréimhse sé seachtaine á caitheamh agam mar scríbhneoir cónaithe i dTír na mBascach agus chuir mé críoch leis an dráma taobh istigh de chúig seachtaine. Bhí mé in ann píosa craic a bheith agam an tseachtain dheireanach.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2019?

Nuair a fuair mé páirt sa scannán Foscadh, a taifeadadh anuraidh.

Páirt Steven Lydon atá agam, siopadóir an bhaile, fear gnó an bhaile, is leis an pub freisin agus cúpla rud eile. Tá sé ag iarraidh feirm ghaoithe a fhorbairt. Is fear é a bhfuil a chroí san airgead seachas aon rud eile.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2019?

Aighneas clainne, déarfainn. 

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2019?

Níor fhoghlaim mé mórán i mbliana. Tá mé ag déanamh go raibh mé ag bailiú ‘karma’. 

5. Ar éirigh leat cloí le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2019? Níor éirigh, faraor.

Fág freagra ar '‘Ag bailiú ‘karma’ a bhí mé i mbliana’ – Diarmuid de Faoite'

  • Pádraig

    Anois, seans go dtiocfadh le Diarmuid a insint dúinn cén dóigh gur féidir ‘Karma’ a bhailiú. An leor na málaí athchúrsála a fhaighimid ó na hollmhargaidh nó ar chóir málaí móra taistil a bhreith linn lena leithéid a bhailiú? Nó an é go bhfuil sé chomh luachmhar sin gur féidir é a chur i bpóca i do sparán? …Agus in ainm dílis Dé, ní gá droch-Karma a bhailiú in aon chor?

  • Mairéad

    @Pádraig

    Éist le seandaoine.
    Cuir crainnte.
    Tabhair tacaíocht do dhuine atá ag fulaingt.
    Mol an óige.

    Sin bealaí chun deaKarma a bhailiú.