Ag an mbanc i Sráid Kensington thug sí faoi deara an scríbhinn i nGaeilge ar cheann de na clocha…

Tá stair ríspéisiúil ag baint le dhá theach lóistín Gaeltachta, ceann i gConamara agus ceann i nDún na nGall

Ag an mbanc i Sráid Kensington thug sí faoi deara an scríbhinn i nGaeilge ar cheann de na clocha…

Cad é an ceangal idir an Titanic agus an Brú Óige sna Dúnaibh i gcontae Dhún na nGall?

Agus cén fáth a bhfuil cloch a bhfuil fógra i nGaeilge greanta uirthi i mballa bainc i lár Londan?

Ba é an t-ailtire Sir Edwin Landseer Lutyens (1869-1944) a dhear an teach i gCasla, ‘Costelloe Lodge’, a díoladh cúpla bliain ó shin. Bhí mé féin i measc an tslua mhóir a tharraing ar an láthair lá an cheant. Bhí suim mhór ag an bpobal ann toisc go mba le cathaoirleach an White Star Line, Bruce Ismay, an teach i dtús ama. Agus nuair a chuaigh an long ba mhó cáil de chuid an chomhlachta sin, an Titanic, go tóin poill ar an 15 Aibreán 1912, tháinig Bruce Ismay slán ón tubaiste.

Bhí droch-cháil air i ndiaidh na tubaiste, agus chaith sé go leor ama ina theach saoire i gCasla, amuigh as amharc an phobail. Bhásaigh sé sa mbliain 1937 .

Bhí Sir Edwin Lutyens ar dhuine de na hailtirí ba mhó cáil i Sasana nuair a dhear sé ‘Costelloe Lodge’ nó Teach Mór Chasla mar a thugtaí air. (Bhí sé de cháil air gur leag sé cathair New Delhi amach). Ag siúl thart an lá sin in 2013, thugamar suntas do na seomraí breátha, do sholas na gréine i ngach seomra, do na fuinneoga thuas staighre, do na gairdíní slachtmhara. Bhí an slua mór ag iarraidh an teach a fheiceáil sula ndíolfaí é agus tuairim acu go mb’fhéidir nach dtiocfadh an seans arís.

I nGaeltacht bheag Ros Goill, i dTír Chonaill, tá teach eile a dhear an t-ailtire Lutyens. Nuair a tógadh an teach i dtús an chéid seo caite, ba bheag teach eile a bhí sa gcomharsanacht. Gar don trá cháiliúil Trá na Rosann atá sé suite. Ag an am sin ní bheadh thart air ach na dumhcha agus an cnoc, Cnoc na Sleá, taobh ó thuaidh de.

Is cosúil gur tógadh an teach mar theach saoire agus gurbh í ‘The Honourable Mrs Phillimore’ a thóg é. Bhí sise pósta ar Mr Justice Phillimore Bart.

Bean charthanach a bhí inti agus thug sí faoi deara cé chomh bocht is a bhí muintir na háite ag an am. Thóg sí cros mhór cloiche ar an mbóthar síos go dtí an teach saoire. Is cosúil go raibh trua aici do na daoine áitiúla a raibh bóthar fada le siúl acu chuig an séipéal i gcomhair an aifrinn. D’iarr sí ar an sagart áitiúil a theacht agus an chros a bheannú ach dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh. (Lena cheart a thabhairt dó, b’fhéidir gur cheap sé go raibh deireadh tagtha le ré an aifrinn amuigh ‘faoin aer’.)

Ar aon nós, blianta ina dhiaidh sin, bhí Mrs Phillimore ag iarraidh gníomh carthanachta eile a dhéanamh don phobal. Bhí sí ag iarraidh sin a dhéanamh ar bhealach éigin a rachadh chun sochair don aos óg. Mar sin sa mbliain 1937, bhronn sí ‘Trá na Rosann House’ ar An Óige. Brú óige atá ann ó shin. Ag an am sin, ní raibh aon bhrú óige taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin.

Is fada mise ag tabhairt cuairt ar Ros Goill, ar theach Denis agus Sinéad Boyce. Ba é Denis a thug  an leabhrán Coláiste Ros Goill 1944- 1994 dom. Tá alt suimiúil ann le Conal Ó Gallchóir agus Fiona Chow. Agus ba ansin a tháinig mé ar an eolas thuas faoi Theach Thrá na Rosann.

Ba í an chloch i mballa bhanc Lloyds i Londain a spreag suim Chonail agus Fhiona sa scéal. Sasanach de shliocht Síneach í Fiona agus bhí sí tar éis seal a chaitheamh i gColáiste Ros Goill sna Dúnaibh. Agus bhí beagán Gaeilge aici.

Bhíodar ag fanacht i scuaine ag an mbanc i Sráid Kensington nuair a thug Fiona faoi deara an scríbhinn i nGaeilge ar cheann de na clocha: Baineadh an chloch seo i Ros Guil i dTír Chonaill.

Rinne Conal agus a chara Fiona beagán taighde ina dhiaidh sin agus fuaireadar amach gurbh é Mr Justice Phillimore Bart a chuir suas an foirgneamh sa bhliain 1908. ‘Sun Dial House’ an t-ainm atá air fós agus tá gnóthaí eile ann seachas Lloyds Bank. Ba é Phillimore an conraitheoir tógála agus ba iad Frank Sidney Chesterton agus John Duke Coleridge na hailtirí.

Ach fós ní raibh a fhios ag Conal ná Fiona cén bhaint a bhí ag Ros Goill le scéal na cloiche i Sráid Kensington.

Chuir eagarthóir an leabhráin, Réamann Ó Gallchóir aguisín leis an alt, áfach. Dhearbhaigh sé go raibh Bean Phillimore pósta le Robert, an conraitheoir a thóg Sun Dial House, i Londain. Agus chinntigh sé an ceangal le Teach Thrá na Rosann.

Bhíodh máthair Mhichíl Uí Dhochartaigh, as Dún Dubháin (trasna ó Thrá na Rosann) ag obair i dTeach Thrá na Rosann ina hóige. Dúirt sise gur fear as an áit, Tuathal Mac an tSaoir, a thóg  Teach Thrá na Rosann. Bhí an cháil airsean gur cheardaí den scoth a bhí ann.

Bhaineadh sé cloch eibhir as an gcairéal thíos ag an Mheall Mór i Ros Goill. Agus gach seans, dar leis an eagarthóir, gur bhain sé an chloch atá sáite sa mbanc in Kensington, Londain. Agus gurbh é freisin a ghrean an Ghaeilge air. Bhí iníon le Tuathal fós beo nuair a scríobhadh an t-alt i 1994.

Cuimhním gur cothrom an ama seo, 15 Aibreán 1912, a chuaigh an Titanic go grinneall na farraige. Os cionn 1,500 duine a bádh sa tubaiste.

Teach saoire atá i ‘Lodge Chasla’ anois arís agus is féidir é a thógáil ar cíos – €5,600 a chosnóidh seachtain ort i mí Iúil. Tá rátaí Theach na Rosann le fáil ach glaoch ar an mbrú óige.

Fág freagra ar 'Ag an mbanc i Sráid Kensington thug sí faoi deara an scríbhinn i nGaeilge ar cheann de na clocha…'