Ag 4am shuigh siad síos chun dinnéir in Óstán an Sacre Couer i mBóthar na Trá…

Bunáite dhá scór bliain dár gcionn, tá roinnt mhaith cuimhní fanta im’ intinn i gcónaí faoi chluiche ceannais na hÉireann 1980, idir Gaillimh agus Luimneach

Ag 4am shuigh siad síos chun dinnéir in Óstán an Sacre Couer i mBóthar na Trá…

Níl cruthúnas is fearr ar an gcaoi a n-athraíonn bua i gCluiche Ceannais na hÉireann dath na spéire ná comparáid a dhéanamh idir peileadóirí Mhaigh Eo agus iománaithe na Gaillimhe. Naoi n-uaire idir 1989 agus an bhliain seo caite a chinn ar Mhaigh Eo bocht ar an lá mór, an líon céanna cluichí ceannais iomána a chaill Gaillimh san achar céanna nach mór idir 1975 agus 2005. Ach, dar ndóigh fágann na grianghraif de Joe Connolly (1980) agus de Conor Hayes (’87 agus ’88) agus Corn Mhic Cárthaigh ina lámha acu dobrón a muintire siúd cealaithe cuid mhaith fad agus atá a gcuid comharsan fós ag fulaingt.

Tuigim a bpian – tá 13 cluiche ceannais inar theip ar iománaithe na Gaillimhe an bua a thabhairt leo feicthe agam, ach chinntigh lá óráide Connolly nach raibh an briseadh croí chomh dona céanna riamh ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Páirc an Chrócaigh réabtha ó chéile ó shin, ní bheadh aon stró fós orm an spota ina raibh mé a bhaint amach nuair a chaith Noel O’Donoghue isteach an sliotar an tráthnóna sin i Meán Fómhair na bliana 1980 agus cé nach agam atá an chuimhne is grinne, bunáite dhá scór bliain dár gcionn, tá roinnt mhaith rudaí fanta i m’intinn i gcónaí.

Tá caint Joe agus amhrán Joe McDonagh ar phéire acu ar ndóigh, iad á gcasadh chomh minic sa lá atá inniu ann fiú gur pheaca nach raibh cóipcheart acu orthu.

Imirt ghéarchúiseach níos mó ná iománaíocht shnasta ba chúis leis an dá chúl a bhí faighte ag Gaillimh nuair a bhíodar 2-7, 1-5 chun cinn ag leath ama in aghaidh Luimnigh i gCluiche Ceannais 1980.

Ba as buille de chuid John Connolly a bhlocáil Leonard Enright a tháinig an chéad cheann – Bernard Forde gaibhte isteach sna cosa in airde agus cic go cúl na heangaí tarraingthe ar an sliotar níos túisce ná a d’ardódh sé í.

I mo chuimhne freisin tá dhá iarracht a choinnigh Michael Conneely as eangach na Gaillimhe sa gcéad leath sin – ceann agus flic tugtha ag Éamonn Cregan a d’athraigh treo na liathróide agus ceann eile ó Willie Fitzmaurice.

As buille a raibh beagán iomarca teannaidh leis a bhuail Michael Connolly a tháinig an dara cúl.

Bhí P.J. Molloy ar dhuine de na himreoirí ba lú ar an bpáirc agus is ag Dia féin atá a fhios cén chaoi ar éirigh leis í a gheafáil san aer – agus sin déanta aige rinne sé a bhealach chun na cearnóige áit ar tugadh chun talún é. Is iomaí duine eile a d’iompódh ar an réiteoir ag éileamh buille éirice ag tráth dá leithéid, ach nuair a d’éirigh Molloy ar a chosa arís is éard a rinne seisean ná an sliotar a bhá san eangach.

Ar atosú dóibh, faoi dhó arís a shábháil a gcúl báire na Gaillimhigh nó gur éirigh le Joe McKenna é a shárú, rud a d’fhág nach raibh eatarthu ach trí  chúilín.

Nuair a tháinig buille éirice ba iad Luimneach a fuair é agus scóráil Cregan cúl a d’fhág nach raibh eatarthu ach an bhearna ba lú (2-13, 3-8).

Bhí cúilín eile curtha ag Joe Connolly le  líon iomlán na Gaillimhe nuair a tharla an eachtra eile is mó a fhanann i mo chuimhne, mar aon le cuimhní an bheirt Joe.

Dhá nóiméad a bhí fágtha agus gan de rogha ag Luimneach ach cúl a scóráil leis an mbua a thabhairt leo. Chrom Cregan leis an sliotar a gheafáil agus mar a dhéanfadh lántosach maith ar bith d’éalaigh McKenna i ngan fhios laistigh de na cosantóirí ar fad. Thug a leathbhádóir faoi phas láimhe a chur chomh fada leis, ach díreach agus an fear mór ar tí breith uirthi, siúd trasna Conor Hayes agus shábháil an lapa mór, a chroch an corn ina dhiaidh sin, an lá.

Cúpla uair an chloig tar éis do Joe Connolly iad siúd a bhí ar imirce a lua ina óráid, bhailigh 8,000 acu sin isteach in Gaelic Park in Riverdale sna Bronx. I mbruachbhailte San Francisco, Chicago, Sydney, Pittsburgh agus Melbourne bhí bratacha marún agus bán ar foluain. In Islington, Holloway, Highbury, Finsbury Park bhí tithe ósta an Angel, an Crown, na Twelve Pins agus an Cock agus an Park Tavern ag dul thar maoil le Gaillimhigh, mar a bhí an Olton i Solihull agus tábhairní ar a mbíonn aghaidh imircigh de chuid na hÉireann ar fud an domhain.

Ar bhealaí shílfeá gur an lá faoi dheireadh a tharla sé. Is í an fhírinne go bhfuil athrú as cuimse feicthe ag an nglúin a tógadh ó shin.

Ar an mbóthar abhaile dóibh i 1980 stop iománaithe na Gaillimhe i gCionn Átha Gad, i gCill Bheagáin, i mBealach an Tirialaigh (áit a dtáinig fear amach as óstán gur leag sé cás seaimpéin isteach doras an bhus), i Móta Gráinneoige, Baile Átha Luain, Béal Átha na Sluaighe, Cill Rícill, Baile Locha Riach, Creachmhaoil, Órán Mór gur bhaineadar Faiche Mhór na Gaillimhe amach ag 2.30am, áit a raibh Méara na cathrach agus 30,000 duine eile ag fanacht leo.

Ag 4am shuigh siad síos chun dinnéir in Óstán an Sacre Couer i mBóthar na Trá agus dhá uair an chloig ina dhiaidh shlog siad an spúnóg dheireanach den Baked Alaska.

Tá a ré siúd é féin caite faoi tráth seo. Chocolate Panna Cotte nó a leithéid, seans, a bheas ar bhiachlár na mbuaiteoirí inniu.

Thiomáin cuid d’imreoirí an lae sin gluaisteáin de dhéanamh Datsun – cinn nach raibh chomh galánta ná chomh cumhachtach leis an Datsun ZX a bhí ag Paul Newman sa Le Mans – agus nuair a chasfaidís ar an teilifís tráthnóna go bhfeicfeadh siad leithéidí The Waltons agus Here’s Lucy, ba í Kathleen Watkins agus ‘RTÉ anseo agaibh’ a chuireadh fáilte rompu.

Idir an Fhaiche Mhór agus Bóthar na Trá bhailigh siad cuid de na hárasáin nua-aimseartha a bhí á dtógáil i nGaillimh ag an am agus ar díol ar phraghas £25,000.

Ba mhaith a d’oirfeadh ceann acu an Mátrún Cúnta a bhíothas a earcú in Ospidéal Réigiúnach na cathrach ar phá £8,000- £9,000 sa mbliain.

Ag Mary Hopkin nach ea a bhíodh an t-amhrán ‘Those Were the Days’.

Fág freagra ar 'Ag 4am shuigh siad síos chun dinnéir in Óstán an Sacre Couer i mBóthar na Trá…'