Affleck ag broic le scéal a bhfuil coiscéim bhacaí ann ón tús

LÉIRMHEAS: Ní saothar é ‘Triple 9’ atá teann as féin, cúis iontais agus é léirithe ag fear atá breá in ann táirgí téagartha a láimhseáil go cáiréiseach

maxresdefault

Triple 9
Stiúrthóir: John Hillcoat
Cliar: Casey Affleck, Chiwetel Ejiofar, Aaron Paul, Kate Winslet, Anthony Mackie, Gal Gadot, Norman Reedus, Woody Harrelson.

Camastaíl, caimiléireacht, feillbhearta, foréigean, robáil, slaiseáil, comrádaíocht, aighneas agus go leor rudaí eile nach iad. Tá meascán mearaí de chomharthaí sóirt agus téamaí sa saothar seo agus iad ar fad caite i ngabhal a chéile. Saothar é seo a bhain macallaí as Training Day(2001) agus Heat (1995) ar uairibh, ach gan a bheith leath chomh cumasach leo. Cliar chuidsúlach ach ní i dteannta a chéile is fearr iad. Taispeántais nach bhféadfaí a cháineadh ach gur mór an trua nach raibh scéal níos fearr ag éirí thiar astu. Carachtair gur cuma ann nó as iad agus an chuma ar an scéal go bhfuil aisteoirí a bhfuil an cháil amuigh orthu i láthair na huaire (Reedus, Paul agus Harrelson) bailithe le chéile ach gan tuiscint ar cad ba cheart a dhéanamh leo.

I dtosach an scannáin címid na saighdiúirí tuarastail Russel (Reedus) agus Terrell (Ejiofor) i mbun beartaíochta dá gcéad jab gadaíochta eile. Tá deartháir le Russel, gur dul amú é, caite chun deiridh. Earcaíonn siad beirt phóilíní eile leis an jab a thabhairt chun críche. I radharc snasta, lán teannais cítear iad i mbun a gcúraimí go slachtmhar. Ar an drochuair téann an scannán ar bóiléagar agus chun leadráin ina dhiaidh sin. Cuirtear in iúl dúinn go bhfuil an bhuíon faoi bhos cait ag buíon choiriúlachta ón Rúis, atá faoi stiúir an Ghiúdaigh Irina (Kate Winslet.) Le scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh den chúram tá páiste ag Terrell le deirfiúr Irina.

Ina dteannta siúd ar fad tá póilín le Casey Affleck againn, an carachtar is suimiúla agus is stuifiúla acu. É díreach tosnaithe i rannóg na bhfearann feadhna. Faoi mar a bheadh an nimh ar an aithne tá duine de na póilíní cama mar pháirtnéir aige, dá ainneoin.

Níor taibhsíodh dom gur saothar é seo a bhí teann as féin, cúis iontais agus é léirithe ag stiúrthóir The Road (2009), Lawless (2012) agus The Proposition (2005), fear atá breá in ann táirgí téagartha a láimhseáil go cáiréiseach.

Níorbh fhiú an deich triuf carachtair le Paul, Harrelson agus Reedus, ba chuma ann nó as iad i ndáiríre. Go deimhin bhí Reedus curtha de dhroim seoil tar éis ceathrú uaire nó mar sin.

Is aisteoir iontach é Affleck, níos fearr ná a dheartháir, dar liom, agus bhíos ana-thógtha lena thaispeántas in The Killer Inside Me (2010) agus  Gone Baby Gone (2007). Arís eile tugann sé taispeántas muiníneach, stuama uaidh. Is mór an trua nár baineadh a thuilleadh adhmaid as a charachtar seachas dul sa bhfraoch leis na comhchealga ar fad.

Tá radharc iontach lena pháirtnéir ar a gcéad mhaidin le chéile is iad ag imeacht i muineál a chéile agus buíon choirpeach. Radharc a bhain macalla as an gcuid is fearr de Training Day. Bhí cliar iontach anseo leis na máithreacha a leagadh do scannán iontach ach ní raibh ach carachtar amháin le dealramh agus é ag broic le scéal a raibh coiscéim bhacaí ann ón tús.

Fág freagra ar 'Affleck ag broic le scéal a bhfuil coiscéim bhacaí ann ón tús'