Aengus Ó Snodaigh le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge

Tiocfaidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin i gcomharbacht ar an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly mar chathaoirleach ar an gcoiste

Aengus Ó Snodaigh le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge

Tá urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a ceapadh ina Leas-Cheann Comhairle an tseachtain seo caite.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh cheapachán Uí Snodaigh. Dúirt an eagraíocht teanga go raibh siad “ag súil” le bheith ag obair leis féin agus baill an Choiste “agus iad ag tógáil ar obair Catherine Connolly roimhe seo”.

Ceapadh Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas-Lár, ina urlabhraí Gaeltachta ag Sinn Féin in 2018 agus deineadh é a athcheapadh le déanaí.

Bhí an ról céanna cheana cheana aige idir 2003- 2004 agus arís in 2015.

Tá Buan-Choiste Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ann ó 2016 agus bhí a leithéid i measc na n-éileamh réamhthoghcháin a bhí ag Conradh na Gaeilge le linn fheachtas olltoghcháin na bliana sin.

Fág freagra ar 'Aengus Ó Snodaigh le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge'

  • Des O Murchu

    Maith an buachaill!

  • Éamon Ó Cuív

    Go n-éirí do ghradam nua leat a Aenguis