Achtú an Bhille Teanga an phríomhsprioc Ghaeilge agus ‘súil ghéar’ le coinneáil ar RTÉ

Deir an Rialtas agus an freasúra gurb é achtú an bhille teanga an obair is tábhachtaí atá le déanamh ó thaobh na Gaeilge agus iad ag filleadh ar Theach Laighean inniu

Achtú an Bhille Teanga an phríomhsprioc Ghaeilge agus ‘súil ghéar’ le coinneáil ar RTÉ

An Bille Teanga a achtú an sprioc is mó atá le baint amach ó thaobh an Gaeilge de an téarma seo, a deir an rialtas agus an freasúra agus Teachtaí Dála ag filleadh ar Thithe an Oireachtais inniu.

Cuirfear tús le téarma Dála nua inniu agus is ar an obair ar an reachtaíocht nua is mó atá polaiteoirí ag díriú maidir le ceist na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie gurb iad a “phríomhthosaíochtaí sna seachtainí amach romhainn” tús a chur le Céim na Tuarascála de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, an dara tuarascáil bhliantúil faoi Phlean Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge a fhoilsiú agus tús a chur leis an athbhreithniú ar cheist an toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá beagnach deich mbliana ann ó tosaíodh ag caint, ag Oireachtas na Samhna 2011, ar bhille teanga nua chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú.

Tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar an reachtaíocht sin ach tá dul chun cinn déanta le tamall.

Tá an bille teanga á chur trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire agus súil ann go mbeidh sé achtaithe taobh istigh de chúpla mí.

Deir Éamon Ó Cuív Fhianna Fáil, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly uile gurb é achtú an bhille an obair is tábhachtaí atá le déanamh ó thaobh na Gaeilge agus iad ag filleadh ar Theach Laighean.

“Tá an Bille Teanga nua ar bharr an liosta,” a dúirt Connolly le Tuairisc.ie, “sin é an rud is tábhachtaí. Is gá é a láidriú agus na leasuithe atá molta againn chun é sin a dhéanamh a chur isteach ann.”

Mheas Aengus Ó Snodaigh gurb é achtú an bhille an phríomhsprioc a bhí le baint amach maidir le cúrsaí Gaeilge freisin agus dúirt Éamon Ó Cuív gur gá an bille a achtú “thar aon rud eile”.

Caitheadh 25 uair an chloig ag plé na leasuithe a moladh ar an mbille le linn an téarma Dála dheireanaigh agus tá an bille anois ag Céim na Tuarascála.

Foilsíodh ceannteidil na leasuithe ar an mbille atá á gcur chun cinn ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers mí Iúil seo caite ach tá cruinniú fós le socrú idir an tAire Stáit, a oifigigh agus baill Choiste Gaeilge an Oireachtais chun na leasuithe sin a phlé.

Tá sé i gceist ag polaiteoirí díriú ar stádas na Gaeilge i gcúrsaí craoltóireachta Gaeilge freisin.

Dúirt Catherine Connolly go raibh súil aici go bhfeicfí lucht bainistíochta á dtabhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais “chomh luath agus is féidir” chun dualgais an chraoltóra i leith na Gaeilge a phlé.

Cuireadh stop le cruinniú den choiste sa Dáil faoi chúrsaí craoltóireachta mí Iúil seo caite nuair a dúirt feidhmeannaigh ó RTÉ nach raibh ar a gcumas ceist a fhreagairt faoi sholáthar Gaeilge an stáisiúin.

“Ní mór dúinn súil ghéar a choinneáil ar RTÉ,” a dúirt Connolly. “Tá sé soiléir nach bhfuil a ndualgais faoin reachtaíocht comhlíonta acu agus tá súil agam go mbeidh siad ar ais os ár gcomhair sa choiste chomh luath agus is féidir. Ní raibh sé sásúil beag ná mór nuair a bhí siad os ár gcomhair an uair dheireanach.”

Dúirt Éamon Ó Cuív gur gá féachaint an bhfuil an reachtaíocht sách láidir maidir le dualgas a leagan ar RTÉ i leith na Gaeilge agus ar “chóras maoinithe cothrom” don chraoladh trí Ghaeilge a thabhairt isteach.

Maidir le cúrsaí Gaeltachta, dúirt Catherine Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, go raibh sí chun leanúint uirthi ag plé ceist chuan domhainfharraige a fhorbairt i Ros an Mhíl.

Tá breis is trí bliana ann ó tugadh cead pleanála le cuan nua a thógáil ann ach thug an tAire Mara le fios mí Bealtaine go raibh sé chun tuarascáil eile a mhaoiniú chun an togra a fhiosrú tuilleadh.

“Ceapaim go bhfuil forbairt Ros an Mhíl thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht agus d’inmharthanacht na Gaeltachta,” a dúirt Connolly. “Tá muid arís ag fanacht ar thuarascáil nuair atá sé ráite cheana go neamhbhalbh i dtuarascáil eile go mbeadh an oiread sin buntáistí i gceist leis an bhforbairt.”

Fág freagra ar 'Achtú an Bhille Teanga an phríomhsprioc Ghaeilge agus ‘súil ghéar’ le coinneáil ar RTÉ'