Acht mór sláinte Obama i mbaol arís i Meiriceá

Tá an beart is mó ag a rinne Barack Obama ag baile agus é ina Uachtarán ar Mheiriceá, agus beart a raibh ceangal mór ag beirt de bhunadh Chonamara leis, i mbaol

D’fhéadfadh sé go bhfuil an beart is mó a rinne Barack Obama taobh istigh den tír mar Uachtarán ar Mheiriceá, agus beart a raibh ceangal mór ag beirt de bhunadh Chonamara leis, i mbaol a scriosta. Rialaigh Breitheamh in Texas an tseachtain seo go bhfuil an tAcht Cúraim Sláinte ar a dtugtar an ‘Affordable Care Act’ (cúram sláinte inacmhainne) míbhunreachtúil go huile agus go hiomlán. Is minic go dtugtar ‘Obama Care’ ar an Acht seo de bharr chomh haitheanta agus atá an reachtaíocht seo leis an Uachtarán Obama. Bhí sé ar cheann de na hathruithe ba mhó riamh a rinneadh ar an gcóras cúraim sláinte agus ar árachas sláinte i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Shínigh an tUachtarán Obama an tAcht in 2011, acht a thugann deis do na milliúin a theacht isteach faoi scáth an chórais árachais.

Ach tá lucht a mholta agus lucht a cháinte ann agus tá an tUachtarán Donald Trump meáite ar dheireadh a chur leis. Chuir cinneadh an Bhreithimh Fheidearálaigh Reed O’Connor in Texas ríméad air.

Dúirt an Breitheamh O’Connor go bhfuil sé míbhunreachtúil go mbeadh iallach ar dhaoine árachas sláinte a chur orthu féin – ceann de na míreanna is conspóidí san Acht. Braitheann an tAcht uilig ar an gceangal sin, a deir an Breitheamh Reed O’Connor agus, dá réir sin, tá an Affordable Care Act uilig míbhunreachtúil.

Chuile sheans nach bhfuil na cásanna cúirte seo ach ina dtús. Tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh achomharc ann. Sa deireadh thiar thall d’fhéadfadh sé gur faoi dhlínse na Cúirte Uachtaraí i Meiriceá a bheadh an cinneadh críochnúil. Sin rud atá ag cur scéine iontu siúd atá ag seasamh leis an Affordable Care Act. Ó ceapadh Brett Kavanaugh ina Bhreitheamh sa gCúirt Uachtarach, tá níos mó luí ag tromlach na Cúirte sin le polasaí na bPoblachtánach agus le leagan amach an Uachtaráin Trump. Tá naonúr Breithiúna ar an gCúirt Uachtarach agus is acu atá an focal deiridh ar an dlí i Meiriceá. D’fhéadfadh a gcinneadh siúd an Affordable Care Act a chur ó rath cé, ar ndóigh, nach féidir a bheith cinnte den treo a rachaidís.

Bhí an Affordable Care Act ar an mbeart ba láidre agus ba réabhlóidí a thriail Barack Obama i gcúrsaí inmheánacha na tíre le linn a thréimhse ocht mbliana sa Teach Bán. Ach an oiread leis an tír seo, níos measa is dóigh i Meiriceá, bhí an bhail a d’fhéadfadh a bheith ar dhuine tinn nach raibh árachas sláinte aige ar an rud ba scanrúla a bhain leis na Stáit Aontaithe. Tá caighdeán iontach leighis, idir shaineolas agus dheiseanna éagsúla, sna Sáit ag daoine a bhfuil airgead agus árachas maith acu. Ach, d’fhéadfadh an chuid eile den daonra a bheith ar an bhfaraor géar. Bhí 30 milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá (daonra 326 milliún) gan árachas sláinte nuair a bhuail Obama faoina pholasaí nua sláinte agus árachais tar éis dó a theacht chuig an Teach Bán in 2009. Ach, caithfear a rá go raibh múnla leagtha síos dó i Stát Massachusetts.

Ait go leor, bhí Mitt Romney ina Ghobharnóir Poblachtánach ar Mhassachusetts thart ar an mbliain 2004 san am ar thosaigh an iarracht ar mhaithe le hárachas sláinte a leathnú ansin. Bhí seisean ar an intinn gur cheart go mbeadh an córas sláinte níos cothroime. San am céanna bunaíodh grúpa in Massachusetts agus iad ag obair ina threo sin. Ceapadh John E. McDonough ina Stiúrthóir lánaimseartha ar an eagraíocht sin.

Iad siúd a bhfuil eolas ar chúlra an scéil acu, creideann said gurb é John McDonough a leag amach agus a rinne forbairt ar chreatlach an chórais nua a bhfuil cosúlachtaí go leor aige leis an dlí a thug Obama ar an saol sa deireadh.

Ba as Carna i gConamara é athair John McDonough, Josie Joe Phaitsín as an Aird Thiar.

Bhí obair John McDonough chomh molta sin agus gur thug an Seanadóir Edward Kennedy go Washington é le bheith ar dhuine de na comhairleoirí a d’oibrigh ar réiteach ‘Obama Care’. Sna blianta ina dhiaidh sin scríobh John McDonough leabhar dar teideal ‘Inside Health Care Reform’ agus tugtar síos don saothar seo go bhfuiltear gafa go bun an údair ann. Tá John McDonough ina Ollamh le Polasaí Sláinte Poiblí in Ollscoil Harvard anois.

Ach dá inmholta é fealsúnacht Acht Sláinte agus Árachais Obama, ní go maith a glacadh leis i measc go leor Daonlathach agus Poblachtánach ar fud na tíre. Mhéadaigh comhlachtaí árachais a gcuid táillí go mór nuair a chonaiceadar go mbeadh orthu glacadh le daoine a mbeadh tinneas éigin ag dul dóibh cheana féin. Bhaineadar an t-airgead amach ar dhaoine a bhí leo cheana féin le híoc as na billí breise a bheadh orthu. Bhí go leor den dream a raibh árachas maith acu roimhe sin corraithe faoin gcostas breise. Bhí go leor athruithe san Acht agus ceann an-chonspóideach ina measc a d’fhágfadh go gcaillfeadh daoine nach mbacfadh le hárachas sláinte na céadta dollar sa mbliain i liúntais chánach.

Ba ionann é seo agus sórt fíneáil.

Bhí sé seo go léir i gcroílár na ngníomhaíochta cúirte in Texas an lá cheana. Ach, thar rud ar bith eile, chonaic go leor Meiriceánach blaiseadh den sóisialachas san Affordable Care Act. Bheadh Poblachtánaigh ar an dream ba mhó a mbeadh coimhthíos acu leis an bhfealsúnacht sin. Ní thagann sé leis an meon go seasann daoine ar a gcosa féin agus go seachnaítear lámh stiúrtha, agus lámh chúnta, an rialtais chomh maith agus is féidir é.

Cuireadh an Affordable Care Act faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí cheana ach choinnigh na Breithiúna an chuid ba mhó de beo. An uair sin, an fhaid agus a bhí an Chúirt i mbun a gcuid machnaimh, cuireadh an Seanadóir Margaret Craven as Maine, arb as Leitir Ard i gCarna ó dhúchas di, i gceannas ar shlógadh na nDaonlathach in Washington i bhfabhar Acht Obama. Ach, tá athrú ar an gCúirt ó shin agus Neil Gorsuch agus Brett Kavanaugh tagtha isteach ó tháinig Donald Trump go Washington.

Má shroicheann an Affordable Care Act an Chúirt arís d’fhéadfadh droch-chríoch a bheith ar réabhlóid sláinte agus árachais Barack Obama.

Fág freagra ar 'Acht mór sláinte Obama i mbaol arís i Meiriceá'

  • Pól Réamonn

    Cad chuige go bhfuil an scéal seo i nuachtán Éireannach?

    Más cuma le Meiriceánaigh faoin cúram slainte dá gcomhshaoránaigh féin, níl sé ár imní.