Acht Gaeilge pléite ag an DUP leis an UDA agus an UVF

Tuairiscítear gur chuir an DUP baill shinsearacha den UVF agus den UDA ar an eolas faoi cheist an achta Ghaeilge sular theip ar chainteanna Stormont

Acht Gaeilge pléite ag an DUP leis an UDA agus an UVF

Thug an DUP le fios do baill shinsearacha den UVF agus den UDA go raibh margadh déanta le Sinn Féin maidir le hacht Gaeilge a thabhairt isteach.

De réir tuairisce ar an Irish News, cuireadh na dílseoirí sinsearacha ar an eolas faoin socrú maidir leis an acht Gaeilge roinnt laethanta sular theip ar an mbabhta cainteanna polaitiúla is déanaí.

Maíonn an DUP nach ndearnadar aon socrú maidir le hacht Gaeilge a thabhairt isteach, ach de réir na tuairisce ar an nuachtán Feirsteach glaodh déanach san oíche ar dhílseoirí sinsearacha chun dréachtréiteach a phlé leo.

D’fhoilsigh an t-iriseoir Eamonn Mallie cheana sonraí faoin dréachtmhargadh a deir sé a chuir an DUP faoi bhráid Shinn Féin Dé hAoine an 9 Feabhra, cúig lá sular fhógair ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh teipthe ar na cainteanna faoi athbhunú Stormont toisc easaontas a bheith ann faoi cheist an achta Ghaeilge.

De réir eolais a d’fhoilsigh Eamonn Mallie, fíorbheagán a bhí fágtha le haontú sa dréachtmhargadh maidir le hathbhunú an fheidhmeannais seachas roinnt ceisteanna faoi chúrsaí friotail agus faoin gcineál teanga a d’úsáidfí leis an margadh a chur i láthair an phobail.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill gur thug Arlene Foster, ceannaire an DUP, cóip ar lámh di den dréachtmhargadh cúig lá sular tháinig deireadh leis na cainteanna.

“Tá mé 100% cinnte, níl amhras ar bith orm ach go raibh dréachtmhargadh againn agus bealach chun tosaigh aimsithe againn,” a dúirt O’Neill.

Dúirt Arlene Foster go mbíodh dréachtcháipéisí á malartú gach lá le linn na gcainteanna ach nach raibh aon stádas ag baint leis na dréachtcháipéisí sin.

“Malartú tuairimí” ag na foirne idirbheartaíochta a bhí i gceist, a dúirt Foster, agus shéan sí arís go rabhthas tagtha ar réiteach.

Tuairiscítear anois áfach gur tugadh le fios do bhaill den UDA agus den UVF go raibh margadh faoin acht Gaeilge déanta agus gur gealladh dóibh nach dtabharfaí isteach reachtaíocht ach amháin do chearta a bhí ag Gaeilgeoirí cheana.

Dúirt dílseoir amháin leis an Irish News gur iarradh orthu muinín a bheith acu as DUP maidir le cás na Gaeilge.

“Iarradh orainn muinín a bheith againn as an bpáirtí, dúradh linn go raibh margadh déanta ach nach acht Gaeilge a bhí ann agus nach mbeifí ag géilleadh d’aon éileamh eile de chuid Shinn Féin.

We were asked to trust the party, that they’d reached a deal but it wasn’t an Irish language act and that Sinn Féin would not be getting any of their other demands,” a senior loyalist said.

“Iarradh orainn daoine dár gcuid féin a chur ar a suaimhneas agus a rá leo nach mbeifí ag géilleadh go bog do phoblachtánaigh,” arsa an dílseoir sinsearach.

Idir an dá linn, de réir pobalbhreithe a rinne an comhlacht Lucid Talk, is daingne fós na tuairimí atá ag ag daoine ó thuaidh faoi cheist an achta Ghaeilge i ndiaidh theip na gcainteanna polaitiúla.

79% de lucht tacaíochta an DUP a deir anois go bhfuil siad i gcoinne an achta Ghaeilge, i gcomparáid le 67% Méan Fómhair seo caite.

76% de lucht tacaíochta Shinn Féin, an SDLP agus Pobal seachas Brabús a thacaíonn anois leis an éileamh ar acht Gaeilge, i gcomparáid le 68% anuraidh.

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge pléite ag an DUP leis an UDA agus an UVF'