Acht Gaeilge ar cheann de mhóréilimh an IRA — Allister

Mhaígh ceannaire an TUV go mbeidh 'ríméad' ar chomhairle airm an IRA leis an dul chun cinn atá déanta ag polaiteoirí poblachtacha ar cheist an Achta Gaeilge go dtí seo

Acht Gaeilge ar cheann de mhóréilimh an IRA — Allister

Ta ráite ag Jim Allister, ceannaire an TUV, gur ionann Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh agus géilleadh d’éileamh a bhí ag an an IRA le fada an lá.

Tá ráite arís agus arís eile ag Allister gur cheart d’aontachtóirí a machnamh a dhéanamh ar cheist an Achta Gaeilge sula nglacfaidh siad le héileamh Shinn Féin agus grúpaí teanga ar a leithéid agus dúirt go luaitear athbheochan na Gaeilge in An Leabhar Uaine, lámhleabhar an IRA, ar cheann de mhórspriocanna ghluaiseacht na poblachta.

Mhaígh sé freisin go mbeidh “ríméad” ar chomhairle airm an IRA leis an dul chun cinn atá déanta ag polaiteoirí poblachtacha ar cheist an Achta Gaeilge go dtí seo.

Luaitear an Ghaeilge in An Leabhar Uaine mar chuid den athbheochan cultúrtha agus mar chroíchuid den stát nua Éireannach a bhí mar aidhm ag an IRA a bhaint amach.

“Culturally we would hope to restore Gaelic, not from the motivation of national chauvinism but from the viewpoint of achieving with the aid of a cultural revival the distinctive new Irish socialist state: as a bulwark against imperialist encroachments from whatever quarter,” a scríobhadh ann.

Mhaígh Allister gur léiriú an méid sin gur “arm cultúir” de chuid an IRA í an Ghaeilge agus go mbaintear leas aisti le difríochtaí a chruthú idir Éirinn agus an chuid eile de “Oileáin na Breataine”.

“Is arm cultúir de chuid an IRA í an Ghaeilge atá á húsáid le muid a dhéanamh ‘difriúil’ ón gcuid eile d’Oileáin na Breataine. Is éard atá uathu ná go mbeadh an Ghaeilge ina balla cosanta in aghaidh cultúr agus féiniúlacht na Breataine i dTuaisceart Éireann. Ní haon rún é gur sprioc le fada an lá é cur chun cinn na Gaeilge ag poblachtaigh mar uirlis a bhainfeadh an bonn de Bhriotanachas Thuaisceart Éireann,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach mbaineann ceist an Achta Gaeilge le cearta reachtúla ná le cearta an duine ach le héilimh an IRA agus nach ndéanann an IRA aon iarracht an t-éileamh sin a cheilt.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, áfach, gur “ag léiriú a aineolais” faoi staid na Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann atá Jim Allister.

“Tá aineolas agus easpa spéise á léiriú ag Jim sa chur síos atá aige ar an teanga san áit a bhfuil sí sa lá atá inniu ann. Tá tacaíocht leathan ann don Acht Gaeilge, tá móramh na bhfeisirí i Stormont ag tacú leis, tá daoine ó gach traidisiún ag foghlaim na Gaeilge agus is trua go bhfuil Jim ag cailleadh amach ar rud a d’fhéadfadh a bheith an-mhaith dá thuiscint ar a oidhreacht féin.

“Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh láidir agus eagraithe agus iad ag súil leis na cearta céanna atá ag cainteoirí Gaeilge ó dheas, ag cainteoirí Gàidhlig in Albain agus ag cainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag,” a dúirt sé.

Luaigh de Spáinn Linda Ervine as oirthear Bhéal Feirste atá ag foghlaim agus ag múineadh na Gaeilge don phobal aontachtach sa cheantar sin le tamall de bhlianta anuas.

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge ar cheann de mhóréilimh an IRA — Allister'

  • Concubhar

    Gach ráiteas a rinne an IRA riamh ina ré ba i mBéarla a deineadh é. Fiú fuair siad comhalta boird ar Fhoras na Gaeilge an ‘dump arms’ ordú a thabhairt i mBéarla amháin i bhfíseán i 2005.