Achomharc á dhéanamh ag an Stát in aghaidh cinneadh faoi Ghaeilge ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Is é achomharc an Stáit an cor is déanaí i gcás arbh é an chéad chás ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis i nGaeilge

Achomharc á dhéanamh ag an Stát in aghaidh cinneadh faoi Ghaeilge ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Bhí plé sa Chúirt Achomhairc i mBaile Átha Cliath inniu faoi achomharc atá á dhéanamh ag an Stát in aghaidh cinneadh Ard-Chúirte go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Is é achomharc an Stáit an cor is déanaí i gcás arbh é an chéad chás ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis i nGaeilge.

Sa Chúirt Achomhairc ar maidin, dúirt an Breitheamh Cian Ferriter go bhféadfaí an cás a éisteacht mí an Mhárta seo chugainn, ach d’áitigh foireann dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit an chéad lá, go gcaithfí an cás a éisteacht ar bhonn éigeandála.

Ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Ní bheadh aon fheidhm ag aon rialacháin nua a thabharfaí isteach ó mhí Eanáir seo chugainn dá réir agus sin an fáth go bhfuiltear ag iarraidh go n-éistfí an cás ar bhonn práinne.

Deir an Stát nach mbaineann an cheist le hábhar mar go bhfuil an treoir ag dul in éag agus nach bhfuil aon éifeacht ag an treoir.

Deir lucht dlí Mhic Fhlannchadha go bhfuil an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.

Luafar an cás sa Chúirt Achomhairc arís Dé Máirt seo chugainn agus beifear ag súil le dáta don éisteacht an uair sin.

Rialaigh an Ard-Chúirt mí an Mheithimh seo caite go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus ar phacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg mí an Mhárta go gcaithfeadh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis an treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.  Cinneadh gur gá feidhm a thabhairt don treoir sin láithreach in ainneoin go bhfuil sí le hathrú an bhliain seo chugainn.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt mí an Mheithimh nach aon “phléisiúr” di a cinneadh go gcaithfí na rialacháin nua a thabhairt isteach. D’fhéadfadh, a dúirt sí, “impleachtaí diúltacha praiticiúla” a bheith ag an gcinneadh do ghnó na talmhaíochta.

Bhí a cinneadh bunaithe, a dúirt sí, ar an léamh is fearr a bhí aici ar dhlí na hEorpa agus ar an treoir a bhí faighte aici ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Dá mbeadh sí “mícheart” ina  cinneadh gur gá na rialacháin nua a dhéanamh anois, ní raibh aon amhras uirthi, a dúirt sí, ach go gceartófaí í in achomharc.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thug an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.

Cuireadh an cás faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.

Chinn an Breitheamh Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go raibh dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt an bhliain chéanna, áfach, go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh an treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach ó thús 2022.

Fág freagra ar 'Achomharc á dhéanamh ag an Stát in aghaidh cinneadh faoi Ghaeilge ar tháirgí leighis d’ainmhithe'