Is diabhaltaí an mac é an damhán alla…

An chéad uair eile a thiocfaidh tú ar dhamhán alla teanntaithe sa dabhach fholctha déan tarrtháil air agus cá bhfios ach go gcúiteoidh sé leat é lá is faide anonn

Spider

Is minic cur amú ama curtha i mo leith agus mé ag iarraidh damháin alla a tharrtháil ón ndamhach fholctha. Cinnte glacann sé roinnt ama, go háirithe ós rud é nach dteastaíonn tarrtháil ón ndamhán alla de ghnáth. ‘Níl ann ach damhán alla,’ a deirtear. Ach ní hionann aon dá dhamhán alla! Cnuasach ar leith de chodanna agus de phróisis í gach dúil bheo, a thagann le chéile in aon bheatha mhíorúilteach amháin, fiú más gearr féin a mhaireann siad. Ní fheicfimid a leithéid arís, agus is boichte an domhan s’againne dá n-uireasa.

Nach boichte fós an domhan má chailltear speiceas ina iomláine – dúil a cruthaíodh agus a múnlaíodh thar na mílte bliain lena phíosa féin den chruinne seo a shealbhú?

Tá an díothú speicis mar a bheadh poll á shracadh in éadach álainn bróidnéireachta. Is léir ar an bpointe boise an dochar a mhilleann áilleacht an phíosa ina iomláine, ach is measa fós roiseadh an éadaigh ina dhiaidh sin agus scrios iomlán an tsaothair.

Tá neart fáthanna eolaíochta ann gur ceart cosaint a thabhairt do gach dúil bheo eile a roinnimid an domhan seo leo – is foinsí bia iad, is soláthróirí seirbhísí, fuinnimh, cógais agus leigheasanna úra iad. Agus is iad a thógann agus a dhéanann cosaint ar an dtimpeallacht dúinne agus do na glúnta atá le teacht.

Cinnte is féidir leis an gcine daonna lá a bhaint amach fós agus níos lú speiceas ar domhan, ach is mór an t-uafás an ráta cailliúna; táimid ag druidim le buaicphointe cinniúnach, tráth a bhfuil folláine an duine féin i mbaol.

Dúshlán ollmhór ar fud na cruinne is ea an laghdú ar bhithéagsúlacht (is é sin líon na speiceas atá beo in áit ar bith). Faoi láthair tá thart ar speiceas amháin as gach ceithre cinn faoi bhagairt a dhíothaithe san Aontas Eorpach, agus róshaothrú nó laghdú suntasach déanta ar nach mór 90% dár stoc éisc. Ní hamháin go bhfuil uisce glan, aer úr, ithir shaibhir, agus bia folláin riachtanach, ach tá luach ollmhór eacnamaíochta ag baint leo chomh maith.

De réir lucht eacnamaíochta, cailltear 3% den olltáirgeacht intíre (GDP), nó €450 billiún, bliain i ndiaidh bliana san AE de bharr laghdú ar bhithéagsúlacht. I bhfianaise na bhfigiúirí seo, sladmhargadh ceart a bheadh ann infheistíocht chóir a dhéanamh ar mhaithe le cosaint agus caomhnú ár speicis éagsúla d’ainmhithe agus plandaí.

Fiú má shocraímid neamhaird a dhéanamh de na hargóintí eolaíocha seo, tá cúinsí mórálta agus mothúchánacha doshéanta i gceist a chuireann iachall orainn gníomhú. Díol iontais agus áilleachta í an bheatha ina hiliomad gnéithe. Níor mhaith liom féin maireachtáil ar domhan monashaothraithe a bheadh breac le cathracha sraoilleacha, fiú dá mbeadh a leithéid inbhuanaithe.

Níl ach céatadán beag (níos lú ná 10%, b’fhéidir) de bheatha uile an domhain aitheanta againn go nuige seo, agus is beag an t-eolas atá againn ar a bhfuil le tairiscint acu. Is beag do mheas b’fhéidir ar an mblár uaine múscáin atá fágtha i dtóin an bhabhla, ach cinnte dearfach ba mhó é dá n-aithneofá gur chuir an fungas beag seo tús le réabhlóid sa leigheas sa bhfichiú haois nuair a thairg sé peinicillin dúinn! Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Ná bímis sotalach. Cé go gcreideann mórchuid de mhuintir an domhain thiar, go háirithe lucht na gcathracha, go bhfuil tiarnas againn ar an dtimpeallacht agus a bhfuil inti, ní hamhlaidh atá. Mar sin, an chéad uair eile a thiocfaidh tú ar dhamhán alla teanntaithe sa dabhach, déan gar dó. Cá bhfios ach go gcúiteoidh sé leat é lá is faide anonn.

Fág freagra ar 'Is diabhaltaí an mac é an damhán alla…'

  • Eoghan ONeill

    píosa maith a thosaíonn le damhan alla agus a leathnaíonn chuig ceisteanna bunúsacha i dtaobh iliomad beatha na cruinne agus an cineál saoil a bheadh ann mura mbeadh fágtha sa deireadh ach nithe a mbeadh cúis eacnamaíochta leo.

  • Micheal mac oireachtaigh

    Taitnionn se go mor liom, an alt seo, cuireann se ar smaoineamh thu, an sli ina dheanann se na pointi. Mar shampla, ‘is beag do mheas b’fhéidir ar an mblár uaine múscáin atá fágtha i dtóin an bhabhla, ach cinnte dearfach ba mhó é dá n-aithneofá gur chuir an fungas beag seo tús le réabhlóid sa leigheas sa bhfichiú haois nuair a thairg sé peinicillin dúinn! Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach’.

    Ta an argoint cosuil leis an argoint ata sa leabhar den scoth le tony juniper ‘what is nature ever done for us?’.