Bhí talamh slán déanta de ag Caitlicigh i dTuaisceart Éireann le fada go dtiocfadh an Pápa aneas le linn a chuarda ar Bhaile Átha Cliath i mbliana. Measadh go dtabharfadh teacht an Phápa Proinsias uchtach do phobal na hEaglaise agus thairis sin gur thaca agus gríosadh don tsíocháin agus don athmhuintearas a bheadh ann.
Baineadh siar as Caitlicigh agus daoine nach iad nuair nach raibh tagairt ar bith d’ócáid sa tuaisceart sa chlár oibre don turas ar an 26 agus 27 Lúnasa a fógraíodh Dé Céadaoin.
Tá an chléir ó thuaidh ag súil go gcuirfear turas thar teorainn ar an gclár. Leanfaidh siad orthu ag achainí ar an Vatacáin é sin a dhéanamh a dúirt easpag Dhoire, an Dochtúir Dónall Mac Eoin agus ionadaithe eile.
‘Tá gá againne, Caitlicigh abhus, le dearbhú agus misneach ó cheannaire na hEaglaise’. Sin an port a bhí ag beirt bhan agus fear a labhair liom i mBéal Feirste. Bhí siad imníoch faoin bpolaitíocht, faoina bhfuil i ndán dóibh de bharr an Bhreatimeachta ach ba ghoilliúnaí fós iad i bhfianaise an scannail is deireanaí faoi mhí-úsáid ghnéis ar pháistí. Thuairisc an Irish News gur dhúirt eagarthóir an nuachtáin The Irish Catholic, Michael Kelly gur léiriú ar bhodhaire na Vatacáine a bheadh ann mura ngabhfadh an Pápa ó thuaidh.
Aitheantas a bheadh sa chuairt go bhfuil claochlú ó bhonn déanta ar an tsochaí sa tuaisceart, dar leis. Deir daoine óga deabhóideacha go bhfuil siad breá sásta a dhul go Baile Átha Cliath le haghaidh Thionól Domhanda na dTeaghlach ach tá daoine meánaosta agus seandaoine gortaithe.
Shíl siad go mbainfeadh cuairt ó Phroinsias an ghoimh as an mbuille a d’fhulaing siad i 1979. Údar díomá agus domlais do na fíréin ab ea é an t-am sin go mb’éigean cuairt an Phápa Eoin Pól a Dó ar Ard Mhacha a chur ar ceal i ngeall ar fhoréigean. Bhí teannas uafásach abhus an fómhar sin tar éis dhá ionsaí fhíochmhara de chuid an IRA i mí Lúnasa; dhúnmharaigh siad an Tiarna Mountbatten agus triúr dá chomhluadar i gContae Shligigh agus sa dara heachtra ar an lá céanna mharaigh siad 18 saighdiúir in aice leis an bPointe i gContae an Dúin. Chuirfeadh cuairt ó Phroinsias bailchríoch ar an turas nár ligeadh d’Eoin Pól 2 a dhéanamh, a dúradh.
Ba chás le Protastúnaigh aitheanta an neamhaird ar an Tuaisceart chomh maith. Dúirt an t-éacúiméineach iomráiteach, an t-iar-mhodhnóir Preispitéireach, an Dochtúir Ken Newell go mbeadh tionchar chomh domhain ag a leithéid de chuairt abhus is a bhí ag cuairt na Banríona, Eilís 2 ar an bPoblacht.
Tá meas ar an bPápa Proinsias as a dhaonnacht agus chothódh sé tuiscint níos fearr agus athmhuintearas a dúirt sé.
Cén fáth nach bhfuil cuairt ó thuaidh ar an gclár? Mar go bhfuil an turas róghearr? Toisc go bhfuil an Pápa Proinsias 81 bliain d’aois? Mar gur mian le lucht eagair an Tionóil Dhomhanda an aird ar fad a choinneáil ar a bhféile féin?
Seans maith gur mó aird a bheadh ar fud na cruinne ar ócáid a bheadh stairiúil i dtéarmaí eaglasta agus polaitíochta – an chéad chuairt ag Pápa ar Thuaisceart Éireann.
An mbaineann sé le guagacht pholaitiúil? Teip an Fheidhmeannais? Gan aon pholaiteoir logánta a bheith i gceannas? Cé a bhuailfeadh leis thar ceann an stáit? Státrúnaí na Breataine Karen Bradley? Tharraingeodh sé sin rialtas na Breataine isteach sa scéal. Róchasta b’fhéidir .
Nó arb iad fadhbanna na hEaglaise féin is siocair leis? Ceapadh ariamh gur in Ard Mhacha, an phríomhchathair eaglasta, a bheadh an ócáid dá dtiocfadh sé. Le déanaí, áfach, d’éiligh an t-iar–uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa go ngabhfadh an Pápa go hIúr Chinn Trá chun bualadh le daoine a ndearna an tAthair Malachy Finnegan mí-úsáid orthu. Measadh go coiteann gur bheag seans a bhí ann go dtarlódh sé sin agus cásanna cúirte fós á bplé.
Tá sé de nós ag an bPápa Proinsias labhairt go tuisceanach faoi íobartaigh a d’fhulaing mí-úsáid. Ach an bhfuil beart de réir briathair éilithe aige ón Eaglais? Níl, dar leis an bhfeachtasóir thar ceann íobartaigh/mharthanóirí Marie Collins a bhí ar choiste sa Vatacáin ach a d’éirigh as mar agóid in aghaidh easpa gnímh.
Beidh íobartaigh thuaidh agus theas ag faire go géar féachaint an dtiocfaidh beart as an gcuairt ar Bhaile Átha Cliath agus táthar ag tuar go ndéanfaidh roinnt íobartach léirsiú. Cruthúnas, dá mba ghá é, ar an difríocht idir 1979 agus an lá atá inniu ann in Éirinn. Fós féin chuirfeadh Caitlicigh agus go leor Críostaithe eile sa tuaisceart na múrtha fáilte roimh an bPápa – dá bhfaighidís an deis.
Séamas Mac Coitir.
Ba mhór an grá dia don bPápa, dá dtabharfadh sé cuairt thar teorainn, agus castáil leis na híospartaigh gur dearnadh mí-úsáid gnéis orthu. Tá mé cinnte go gcuideodh sé go mór chun an rabharta feirge atá ar na daoine atá i gceist a mhaolú, agus chun athmhuintearas a chothú. Is rómhitid don Eaglais leorghníomh a dhéanamh as an éagóir mhillteanach seo, agus féachaint chuige nach dtarlóidh a leithéid de ghníomhartha gránna go deo arís!