Ach oiread leis an dornálaí, teastaíonn traenálaí tuisceanach ón scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíodh cró dornálaíochta i gceist nó an leathanach bán, bíonn a stíl féin ag chuile dhuine ó dhúchas

Ach oiread leis an dornálaí, teastaíonn traenálaí tuisceanach ón scríbhneoir

Ar an gCéadaoin, sula dtosaíonn an rang dornálaíochta a mbím ag freastal air, bíonn an traenálaí ag obair le dalta dá chuid a bhíonn ag glacadh páirt i gcomórtais.

Fear óg féitheogach atá sa dalta seo, gan unsa saille air – go díreach an íomhá a rithfeadh leat dá n-iarrfaí ort, i gceardlann scríbhneoireachta mar shampla, cur síos a dhéanamh ar dhornálaí. Tá sé i bhfad chun cinn orainne, rang na dtosaitheoirí, ní hamháin go fisiciúil ach ó thaobh na teicnice de chomh maith.

Ach tá deacracht amháin aige, a mhínigh an traenálaí.

Tá ‘cabhail righin’ aige.

‘Tá sé ar nós Mike Tyson,’ a dúirt an traenálaí. ‘Tá sé in ann buille marfach a thabhairt ach níl luas ná lúbadh ann.’

‘Sin é an stíl nádúrtha atá aige agus ní fiú iarracht a dhéanamh é a athrú; tá an righne sin ann ó dhúchas. Barr feabhais a chur ar a chumas teicniúil ionas go mbeidh sé in ann oiread leasa agus is féidir a bhaint as an mbuille láidir sin an méid atá muid in ann a dhéanamh.’

Bean a bhfuil dúil mhór sa dornálaíocht aici ná an t-amhránaí as Meiriceá, Aimee Mann. Chaith sí féin seal ag traenáil le hiarthraenálaí de chuid Mike Tyson, Freddie Roach, agus thiar in 2005 thaifead sí albam agus an téama faoin spórt, The Forgotten Arm.

Tráthúil go leor, is ag Mann atá ceann de na stíleanna scríbhneoireachta is so-aitheanta ó thús stair an fhocail scríofa (agus seans roimhe sin.) Carnann sí cliché ar cliché, rím chiotach ar rím chiotach agus imeartas focal ar imeartas focal, gach ceann acu níos áiféisí ná a chéile. Ach a bhuíochas le foinn a ghreamódh i d’aigne agus le léargais ghrinne ar staid an duine i gcoitinne agus ar chaidrimh theipthe go háirithe, éiríonn léi an t-éisteoir a mhealladh – an chuid is mó den am.

Bíonn a chuid lámhscríbhneoireachta féin ag chuile pháiste. Is féidir le múinteoir scoile snas a chur ar lámhscríbhneoireacht dalta ionas go mbeidh sí rud beag níos néata, rud beag níos soléite, ach bheadh sé fánach aige nó aici iarracht a dhéanamh deasóg a dhéanamh de chiotóg nó ciotóg a dhéanamh de dheasóg.

Ar an gcaoi chéanna bíonn a stíl nádúrtha féin ag chuile dhornálaí agus ag chuile scríbhneoir. Bheadh sé fánach ag dornálaí a mbeadh ‘cabhail righin’ aige iarracht a dhéanamh stíl a fhorbairt a bheadh bunaithe ar luas agus ar lúbadh, agus bheadh sé fánach ag scríbhneoir a mbeadh dúil mhór in imeartas focal aige tabhairt faoi thragóid.

Ar an drochuair, ní bhíonn sé éasca do stíl féin a aithint.

Teastaíonn traenálaí ón dornálaí agus teastaíonn eagarthóir, nó léitheoirí cabhracha, ón scríbhneoir.

Níl ach seacht nó ocht gcinn de ranganna déanta agam leis an traenálaí dornálaíochta áirithe seo go fóill agus seans go bhfuil sé róluath a rá cén stíl dornálaíochta atá agam (más féidir ‘stíl’ a thabhairt ar an útamáil a bhíonn ar siúl agam ar chor ar bith) ach tá leid nó dhó tugtha aige go bhfuil iarracht den ‘chabhail righin’ ionam féin.

Luífeadh sé sin le réasún, óir bíonn righne de shaghas le feiceáil i mo chuid scríbhneoireachta freisin – más fíor do na léitheoirí cabhracha a léann mo chuid saothar sula gcuirim chuig an bhfoilsitheoir iad, pé scéal é. (An lá cheana, dúirt duine de na léitheoirí cabhracha sin go mbíonn mo chuid próis ‘iontaofa’ – rud a déarfá faoi inneall níocháin a bhféadfaí brath air, seachas faoi phrós a chuirfeadh faoi dhraíocht thú le gaiscí liteartha.)

An claonadh sin chun na foirmeáltachta, ó m’athair a fuair mé le hoidhreacht é – chomh maith le mo chuid lámhscríbhneoireachta sínte, casta, agus an ródhúil, dála Aimee Mann, in imeartas focal áiféiseach. Déarfainn nach mé an t-aon scríbhneoir amháin a mheabhraíonn a stíl scríbhneoireachta stíl chainte a mhuintire, dá dheoin nó dá ainneoin féin.

Ní hionann agus sa chró dornálaíochta, faoin am seo, tá mé féin in ann na laincisí atá orm agus na buanna atá agam ar an leathanach a aithint – a bhuíochas sin le heagarthóirí agus léitheoirí cabhracha. Mo chuid traenálaithe, abraimis.

B’fhiú do scríbhneoir ar bith traenálaí(the) dá chuid féin a lorg a chabhródh leis a stíl féin a aithint, ionas go mbeidh sé in ann na laigí a sheachaint oiread agus is féidir agus teacht i dtír ar na láidreachtaí.

Fág freagra ar 'Ach oiread leis an dornálaí, teastaíonn traenálaí tuisceanach ón scríbhneoir'