Is ionann daoine a bhíonn ag gearán faoi phlandaí ‘ionracha’ agus Donald Trump

Níl aon difear idir daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi phlandaí ‘ionracha’ agus Donald Trump, a deir ár gcolúnaí.

Is ionann daoine a bhíonn ag gearán faoi phlandaí ‘ionracha’ agus Donald Trump

Breis agus tríocha bliain ó shin anois, d’iarr mo mháthair glac síolta blátha ar chara dá cuid a raibh cónaí uirthi i mbaile éigin eile san Ísiltír, i bhfad ó mo bhaile dúchais. Thaitin na bláthanna arda, bándearga go mór le mo mháthair.

Thaitin siad go mór liom féin agus le mo dheartháir óg freisin. An chéad bhliain eile, nuair a bhí na bláthanna bándearga ag fás ar chúl ár dtí féin, fuair muid amach go bpléascadh a gcuid síolta nuair a chaitheadh muid lena chéile iad – nó le daoine a bhí ag dul an bealach. Bhí cuma ghránáid láimhe ar na síolta sin, fiú amháin!

Tráthúil go leor, ‘lus na pléisce’ a thugtar ar impatiens glandulifera i nGaeilge. Tá cúpla ainm orthu i mBéarla; gan dabht ar bith is é ‘jizz poppers’ an ceann is fearr.

Ar ais chuig gairdín mo mháthar. Tar éis bliana nó dhó, thosaigh na comharsana ag gearán. Ní fúmsa agus faoi mo dheartháir a bheith ag caitheamh gránáidí beaga leo, ach faoi na bláthanna féin. Bhí lus na pléisce ag glacadh seilbhe ar a gcuid gairdíní ar fad. Go rímhaith a thuig mo mháthair céard a bhí i gceist acu: bhí ár ngairdín féin plúchta acu. Ní fhéadfaí fáil réidh leo. Iad a stróiceadh amach nuair a bhí siad díreach tar éis a gcloigne beaga a chur aníos os cionn talún an t-aon rud a d’fhéadfaí a dhéanamh chun smacht éigin a choinneáil orthu.

As sléibhte na Himiléithe do lus na pléisce ó dhúchas. Tugadh an bláth chun na hEorpa i lár an naoú haois déag, ach d’éalaigh sé amach as tithe gloine na bplandeolaithe. Ó 1915 i leith tá scéalta cosúil le scéal mo mháthar ag garraíodóirí fud fad na hEorpa.

‘Planda ionrach’ a thabharfadh daoine áirithe ar lus na pléisce agus ar phlandaí eile a thug an bád bán orthu féin – an gunnaire, an ghlúineach bhiorach agus an bhiabhóg fhiáin, mar shampla.

‘Faisistigh’ a thugaimse ar dhaoine mar sin.

Meabhraítear an Tríú Reich dom uair ar bith dá dtagaim ar fhocail ar nós ‘plandaí eachtrannacha ionracha’, ‘speicis neamhdhúchasacha’, ‘ruaigeadh’ agus ‘díbirt’ san abairt chéanna.

Gach seans go measann an dream a bhíonn ag tabhairt amach faoi phlandaí (agus faoi ainmhithe) a théann ar imirce gur saoránaigh mhaithe iad ar cás leo an dúlra.

Níl aon difear idir iad agus Donald Trump.

Ar an gcéad dul síos, ní bhíonn an stair ar eolas acu.

Planda ionrach í an tiúilip san Ísiltír. Tháinig sí ón Tuirc.

Planda neamhdhúchasach é an práta in Éirinn. Tháinig sé as Meiriceá Theas.

Ar an dara dul síos, bíonn an dream seo ag iarraidh fálta a thógáil. Ach níl fál ná sconsa a chuirfeadh bac ar phlanda a bhfuil fonn siúil air. Ná níor cheart go gcuirfeadh. Nár tháinig siad ar an saol ar an bpláinéad seo, cosúil linn ar fad?

Agus leis sin, táimid tagtha chuig croílár na ceiste. An imní a thagann orm uair ar bith dá gcloisim trácht ar ‘phlandaí ionracha’ ná gur daoine, seachas plandaí, a bhíonn á bplé i ndáiríre. Gur meafar atá sa chaint faoi ‘speicis neamhdhúchasacha’ a chuireann ar chumas daoine measúla tuairimí ciníocha nach n-admhódh siad go poiblí a chur in iúl ar bhealach inghlactha. 

Ach tá an nádúr beag beann ar idé-eolaíocht an dúchais, agus beidh an lámh in uachtar ag an bhfiántas ar fhálta i gcónaí. Féach lus na pléisce. Is fada ó stop mo mháthair lena cuid iarrachtaí na bláthanna bándearga sin a choinneáil faoi smacht, agus is fada ó d’éirigh na comharsana as a bheith ag gearán ina dtaobh. Téann an duine i dtaithí ar rud ar bith le himeacht ama, agus sa chás seo, is tuar dóchais é sin.

Fág freagra ar 'Is ionann daoine a bhíonn ag gearán faoi phlandaí ‘ionracha’ agus Donald Trump'

  • Dónall O Cnáimhsí

    Alex a chara, tá difir mhór amháin idir plandaí ‘ionracha’ agus dídeanaí, sé sin is feidir leis an pobal dhúchasach agus dídeanaí maireachtáil go maith le chéile, ní feidir sin a ra fán ghluineach bhiorach, an ghunnaire agus lus na pléisce mar a lua tú féin, ní fhagann siad siúd spas do na plandaí duchásach a bhiodh ag fás ineacht leo, plúchann siad iad.