Ábhar mór misnigh ag na cúigí go léir

Rinne na cúigí éacht an tseachtain seo caite ach tá dúshláin mhóra roimh chuid acu arís

Ábhar mór misnigh ag na cúigí go léir

Is ábhar mór misnigh an sárchur chuige a chonaic muid ó na ceithre chúige agus iad ag imirt i mBabhta 17 de chluichí réamhbhabhtaí an URC seachtain ó shin. Bhí dearcadh agus imirt na gcúigí ar fad ar chuid de na taispeántais ab fhearr le fada an lá agus é ag tarlú roimh imirt an bhabhta deiridh den URC an deireadh seachtaine seo.

Ní raibh aon imní ann maidir le toradh chluiche na nUltach agus iad sa mbaile i gcoinne na nDragons. Chinntigh an bua le hos cionn scór pointe go mbeidh cluiche ceathrú ceannais baile acu beag beann ar thoradh chluiche an lae inniu i gcoinne Dhún Éideann i mBéal Feirste. Sin í an fhírinne maidir leis an gcluiche seo ach is fíor freisin go bhfuil Dún Éideann deich n-áit níos ísle ná Cúige Uladh ar an tábla. Ní hamháin sin agus níos tábhachtaí fós, níl seans ag na cuairteoirí iad féin a bhrú isteach san ochtú háit agus sna babhtaí ceathrú ceannais dá réir, fiú dá mbuafadh siad an cluiche seo le ceithre úd, rud nach dtarlóidh. Bua eile do Chúige Uladh.

Bhí neart ábhar imní ann maidir leis na trí chúige eile, faoi Chúige Laighean agus faoi Chúige Mumhan go háirithe, agus iad ag imirt san Afraic Theas. Mar a tharla, rinne an dá fhoireann éachtaí agus bhaineadar geit as na Stormers agus na Lions sa mbaile. Seans go mbeidh torthaí na gcluichí sin mar chineál foláirimh ag na Bulls agus ag na Sharks roimh chuairt na gcúigí amárach.

Tá dúshlán ollmhór eile roimh ógánaigh Leo Cullen amárach agus iad ag tabhairt faoi na Bulls i Pretoria. Chláraigh na Bulls 78 pointe i gcoinne Zebre i mBabhta 17 agus beidh siad ag iarraidh cur lena gcáil sa mbaile i gcoinne Chúige Laighean. Tá na Bulls sa 7ú háit ar an tábla faoi láthair agus iad cinnte go mbeidh siad san imirt sna cluichí ceathrú ceannais. Má fhanann siad san ionad sin beidh orthu taisteal go dtí an limistéar seo. Ach má éiríonn leo Cúige Laighean a chloí agus ag brath ar chéard a tharlóidh i gcluichí na Mumhan agus Chonnacht, dream atá chun cinn orthu faoi láthair, tá seans ann gur san Afraic Theas a bheidh an chéad chluiche eile. Sin spreagadh iontach do na Bulls, rud a ciallaíonn go bhfuil ochtó nóiméad crua roimh fhoireann Chúige Laighean.

Níl ach cúpla seachtain caite ó thug na Sharks ceacht rugbaí do Chúige Mumhan i gcomórtas na gCuradh agus iad ag clárú bua maith ina raibh cúig phointe dhéag le spáráil acu (50-35). Beidh le feiceáil cé acu foireann is mó a d’fhoghlaim ceacht ón gcluiche sin. Tá mise ag súil le cluiche fisiciúil ina mbeidh sár-iomaíocht ach seans go sáróidh an buntáiste baile atá ag Sharks cumas na Muimhneach.

Cúige Chonnacht agus Glaschú a imreoidh an cluiche deiridh de réamhbhabhtaí URC an tséasúir seo. Is in Albain a bheas an cluiche sin á imirt san oíche amárach. Níl tada le tabhairt leo ag Glaschú as an gcluiche seo. Tá siad cinnte sula dtosóidh sé go mbeidh buntáiste baile acu sna cluiche ceathrú ceannais. Beidh lucht leanta Chonnacht, mé féin ina measc, ag súil go mbeidh aird Ghlaschú ar chluiche leathcheannais Chorn an Dúshláin a bheas á imirt faoin cheann seachtaine. Níl bealach ar bith ann nach mbeidh Cúige Chonnacht sna cluichí ceathrú ceannais ach ní dhéanfaidh bua amháin eile nó fiú cúpla pointe bónais dochar ar bith mar go bhfuil spás i gComórtas na gCuradh an chéad séasúir fós le freagairt agus níl fir na Gaillimhe sa rás sin fós. Ní hamháin sin ach má sciorrann Connachta go dtí an t-ochtú háit ar an tábla is i gcoinne Laighean a bheas siad sa gcluiche ceathrú ceannais. Níl aon dabht ach gur fiú tréan-iarracht a dhéanamh chun an choimhlint sin a sheachaint!

 

 

Fág freagra ar 'Ábhar mór misnigh ag na cúigí go léir'