‘Ábhar mór díomá’ nach dtugtar ‘aird ar bith’ ar an nGaelscolaíocht i Straitéis na Roinne Oideachais

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna, go bhfuil 'idir mhearbhall agus mhíshástacht' ar an eagraíocht maidir le hábhar na Straitéise. Idir an dá linn, tuairiscítear gur €7 milliún atá á lua mar bhuiséad chun an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

‘Ábhar mór díomá’ nach dtugtar ‘aird ar bith’ ar an nGaelscolaíocht i Straitéis na Roinne Oideachais

Bláthnaid Ní Greacháin. Príomhfheidhmeannach ar Gaelscoileanna Teo

Is “ábhar mór díomá” do Ghaelscoileanna Teo nach dtugtar “aird ar bith” ar thábhacht an chórais oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn sa Straitéis Oideachais a foilsíodh inné.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta, go bhfuil “idir mhearbhall agus mhíshástacht” ar an bhfoireann maidir le hábhar na cáipéise.

“Is léir nár tugadh aon aird ar an aighneacht a chuireamar faoi bhráid na Roinne mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ina leith, cáipéis a shonraigh na bunriachtanais forbartha agus na struchtúir tacaíochta a bhí riachtanach chun críocha forbartha na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta,” a dúirt sí.

Maíonn Gaelscoileanna nach bhfuil “aitheantas ar bith” tugtha ag an Roinn don obair atá ar bun ag na 331 scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta sa stát ná do na “tacaíochtaí atá de dhíth chun go leanfaidís le hoideachas den chéad scoth a sholáthar”.

“Is ionann líon na scoileanna sin agus 8% d’iomlán na mbunscoileanna agus 3.7% d’iomlán na n-iarbhunscoileanna sna 26 contae,” a dúirt an eagraíocht.

Idir an dá linn, ag cruinniú inné le Gaelscoileanna, thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios gur €7 milliún atá á lua mar bhuiséad chun an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. 

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil costasú déanta cheana ag an Roinn Oideachais ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua ach ní fios go fóill céard iad na moltaí a nglacfar nó nach nglacfar leo sa pholasaí féin.

Meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana ar an bpolasaí nua dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad ann.

I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí don pholasaí nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail. 

Bhíothas ag súil go mbeadh an polasaí nua foilsithe roimh thús na scoilbhliana seo, ach tuairiscítear go gcuirfear na moltaí ann faoi bhráid chruinniú de Choiste Gaeilge an Rialtais ar an 5 Deireadh Fómhair.

Cuirfear na moltaí faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin

Trí thagairt ar fad a dhéantar don Ghaeilge sa Straitéis Oideachais a seoladh inné. Baineann an chéad tagairt leis an siollabas don Teastas Sóisearach. Gealltar sa cháipéis go gcuirfear “céim 3” den tsraith nua shóisearach i bhfeidhm roimh thús na scoilbhliana 2017.

Baineann an dara tagairt leis an gcuraclam teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla sna bunscoileanna. Beidh an curaclam sin “á rolladh amach” sna bunscoileanna “ar bhonn céimnithe” ón mbliain seo go dtí deireadh thréimhse na straitéise in 2019. Beidh an curaclam á chur i bhfeidhm i ngach rang ó na naíonáin shóisearacha suas go dtí Rang a 6.

Gealltar freisin sa cháipéis go bhfoilseofar “straitéis” chun foghlaim na Gaeilge “a neartú” i limistéir na Gaeltachta. Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais an straitéis sin a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo agus a chur i bhfeidhm “ar bhonn céimnithe, de réir mar a cheadaíonn acmhainní” roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.

Ní léir an mar a chéile an ‘straitéis’ seo do neartú ‘fhoghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht’ agus an Polasaí oideachais Gaeltachta atá fós le cur faoi bhráid an Rialtais.

 

Fág freagra ar '‘Ábhar mór díomá’ nach dtugtar ‘aird ar bith’ ar an nGaelscolaíocht i Straitéis na Roinne Oideachais'

  • pleidhce

    Ta se in am ‘seibh’ a ghlacadh ar an Roinn aifeiseach leatromach seo tri mhoragoid a eagru ar nos an chinn a rinneadh ar mhaithe le Scoil Dhunchaoin sna seachtoidi. Bhfuil einne amuigh ansin a bheadh sasta me a thionlacan? Ta cos ar bolg a himirt ag an Roinn seo le fada an la leis an Murder Machine a chur i bhfeidhm ar oideachas tri Ghaeilge agus droim laimhe a thabhairt acu do mhianta mhuintir na Gaeilge. Is mithid agus is romhithid duinn sinn fein a chur in iul go neamhbhalbh doibh. Mas speis leatsa cur sa cheannairc seo im theannta seol rphost chugam thuas agus rachaimid ina bhun! Ta deireadh leis na breithre a bhraithre!

  • Seán Mac an tSaoir

    Díomách faoin easpa tuisceana agus tacaíochta a bhí curtha in iúl don Ghaeltacht agus do Ghaeil na hÉireann ón Roinn Oideachais atá mé. Buartha.
    Bhfuil duine ar bith ansin?