‘Ábhar machnaimh’ san achrann faoin nGaeilge san UFC – dlúthchara de chuid McGregor

Deir Tom Egan, trodaí MMA agus Gaeilgeoir, go bhfuil lón machnaimh sa chaint atá ar siúl ag céile comhraic Conor McGregor do phobal na Gaeilge, don phobal trí chéile agus do McGregor féin

‘Ábhar machnaimh’ san achrann faoin nGaeilge san UFC – dlúthchara de chuid McGregor

Tom Egan / Conor McGregor

Tá ráite ag Tom Egan, trodaí MMA, Gaeilgeoir agus dlúthchara le Conor McGregor, go bhfuil ábhar machnaimh san achrann faoi chúrsaí teanga a bhí go mór sa treis san UFC le seachtain anuas.

Khabib a chuir tús leis an achrann teanga roimh a bhabhta troda le McGregor nuair a mhaígh sé le déanaí gur Gaeilge seachas Béarla a labhródh fear Átha Cliath dá mbeadh grá dáiríre aige dá thír. Dúirt fear na Rúise chomh maith go mbeidh sé ag spochadh as McGregor faoina easpa Gaeilge le linn an troda féin Dé Sathairn i Las Vegas agus dhírigh sé arís ar cheist na Gaeilge nuair a thug sé faoi lucht tacaíochta McGregor a bhí ag déanamh faireach faoi ag seisiún oscailte traenála.

“I have a question for Ireland, What about your language? What about the Irish language? Where is your language right now? You guys change it? Please someone give me an answer. Are you guys with England right now?” arsa Khabib.

Dar le Tom Egan, a d’fhreastail ar an scoil lán-Ghaeilge chéanna le McGregor agus atá aitheanta mar cheannródaí i measc na nÉireannach san UFC, go bhfuil go leor “fimíneachta” ag baint le caint Khabib ach go bhfuil lón machnaimh inti mar sin féin do phobal na Gaeilge, don phobal trí chéile agus do McGregor.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Egan go bhfuil “neart fimíneachta” ag baint leis an méid a dúirt Khabib faoin nGaeilge agus gan í a bheith á labhairt ag muintir na hÉireann agus mhaígh sé nach labhraíonn Khabib féin a theanga dhúchais agus go bhfuil Dagestan faoi smacht ag an Rúis.

Ar a shon sin is uile, dúirt Egan go raibh “pointe maith” ag Khabib fiú mura dtuigeann an Rúiseach féin é. 

“Is ceist mhaith í d’Éireannaigh atá bródúil as a gcultúr: céard a tharla do theanga na nGael? Agus creidim faoin am seo go bhfuil an locht orainn féin nach bhfuil an teanga comh láidir agus ab fhéidir agus gur chóir dúinn é sin a plé nó a cheartú.

“Ní cheapaim nach mbeidh tacaíocht ag McGregor ó phobal na Gaeilge, faoi mar a dúirt Khabib. Tá mé cinnte, áfach, go bhfuil pobal na Gaeilge curtha ag smaoineamh aige. Cén fáth nach bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ag McGregor agus neart Gaeilge aige ó bhí sé i scoil lán-Ghaeilge? Nach bhfuil sé bródúil as a theanga féin? B’fhéidir gur cuma leis agus tá sé sin togha freisin. Ach cinnte chuirfeadh sé pobal Gaeilge ag smaoineamh.”

Dar le Egan, gur chóir do McGregor an deis a thapú an Ghaeilge a labhairt níos minice agus an teanga a chur i lár an aonaigh.

“Ba bhreá liom dá labhródh Conor níos mó Gaeilge mar bheadh sin ar feabhas don teanga,” a dúirt Tom Egan le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Ábhar machnaimh’ san achrann faoin nGaeilge san UFC – dlúthchara de chuid McGregor'