Ábhar iontais ár ndúil sa ‘Celebrity architect’ agus an phornagrafaíocht tithíochta

Is léir go bhfuil go leor againn meallta i gcónaí leis an achrann is an fothragadh a bhaineann leis an aistear ó scioból go pálás ar Room to Improve

Ábhar iontais ár ndúil sa ‘Celebrity architect’ agus an phornagrafaíocht tithíochta

Ba i bhfómhar na bliana anuraidh a seoladh an dara sraith déag de Room to Improve; sraith atá sa tsiúl ó 2007, tráth a raibh an Tíogar Ceilteach i mbarr a mhaitheasa. Is ábhar iontais anois é fad saoil na sraithe agus an ráchairt mhór atá ar an gclár i gcónaí. ‘Celebrity architect’ atá baiste ar Dermot Bannon go coitianta agus lena chois sin tá gach mac máthar atá ag tógaint nó ag athchóiriú ag iarraidh a lorg a leanúint le fuinneoga móra, fallaí bána agus plean oscailte. Seo chugainn anois é le sraith dhá chlár ina ndéanfaidh an réalt ailtireachta athchóiriú mór groí ar a thigh féin (Room to Improve: Dermot’s House, RTÉ1, Dé Domhnaigh).

Cé nach áin le Dermot Bannon féin an téarma is pornagrafaíocht tithíochta atá i gceist le cláir thógála is athchóirithe cosúil le Room to Improve. Táthar ann a bhaineann taitneamh as an achrann is an fothragadh a bhaineann leis an aistear ó scioból go pálás, ach dar liom féin níl ón lucht féachana ach lán a gcuid súl a bhaint as tithe galánta, tithe nach mbeidh a bhformhór riamh in acmhainn iad a bheith ina seilbh. Dá bharr sin sí críoch an chláir, mar a nochtar toradh an tsaothair is an airgid, buaicphointe an chláir do mhórán.

Go deimhin táim cinnte go bhfuil daoine áirithe a fhanann go dtí na cúig nóiméad deiridh nó mar sin sula gcasann siad an clár ar siúl.

Tá daoine eile fós ann a bhaineann súp as na carúil agus slaiseanna a bhíonn á gcaitheamh ar dalladh ar na meáin shóisialta.

Pé acu scéal é is feiniméan í an tsraith seo agus níorbh aon ionadh gur thosaigh daoine ag rith le brothall ar an Domhnach. Bhí an clár ag treochtáil ar Twitter sular craoladh é agus cad é bús ar na meáin faoi, roimh agus i ndiaidh a chraolta.

Ag tús an chláir tugann Dermot, atá pósta is triúr clainne air, le fios dúinn go bhfuil a thigh i nDroim Conrach díolta aige agus seanteach eile síos an bóthar ceannaithe aige. Ní deirtear linn riamh cad a thug sé ar an dtigh sin. Tá sé i gceist aige tuairim is €350,000 a chaitheamh ar an athchóiriú, áfach.

Seo chugainn an suirbhéir cainníochta Patricia Power chun Dermot, agus an lucht féachana, a mhúscailt as a n-aislingíocht. Dar léi go gcosnódh an plean atá aige dúbailt an mhéid sin. Ní nach ionadh bhí lucht na giolcaireachta ag rith le brothall ag an bpointe seo. Níl aon oidhre ar na figiúirí seo ar uairibh ach airgead Monopoly. Cuireadh paiste cainte ó shuirbhéir cainníochta eile ón tsraith is déanaí i gcuimhne dom; í ag cur di go bródúil faoin tslí gur cloíodh leis an mbuiséad seachas an €200, 000 a caitheadh ar extras. Ba dhiail na hextras iad.

Tá bearna sa chlár seo óir nach bhfuil aon chliant ag Dermot le bheith ag comhrac leo. Ina theannta sin níl aon radharc in aon áit ar an mbean nó an chlann; rud atá saghas ait do chlár den saghas seo. Leis an easpa aighnis sin a chúiteamh tarraingíonn sé beirt ailtirí eile isteach sa chúram mar aon le Diarmaid Gavin. Deir an t-ailtire Niall McLaughlin linn gur féidir le pánaí móra gloine a bheith bagrach duairc istoíche. Bhí Dermot ansin ag sméideadh a chinn. Déarfainn go raibh gach duine a bhí i ngach ceann den dá shraith déag oiriúnach le buatais a chrústach leis an scáileán.

Ina dhiaidh sin féin beidh siadsan, agus muid, ag féachaint ar an dara gála an Domhnach seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ábhar iontais ár ndúil sa ‘Celebrity architect’ agus an phornagrafaíocht tithíochta'