Ábhar grinn is ea an plean náisiúnta gan mhaith seo

Is ar éigean go raibh an dúch lenar scríobhadh é tirim ná go raibh cuid mhór den phlean forbartha náisiúnta séanta ag údair an phlean

Ábhar grinn is ea an plean náisiúnta gan mhaith seo

Eamon Ryan, Micheál Martin, Leo Varadkar agus Michael McGrath: Pictiúr: Julien Behel Photography

Go hiondúil is buaicphointe d’aon rialtas foilsiú plean náisiúnta forbartha, nó go deimhin plean náisiúnta ar bith. Ach in ainneoin na cainte uilig faoin €165 billiún atá le caitheamh ar phlean nua an Rialtais seo, bhí easnamh muiníne éigin le tabhairt faoi deara ag an searmanas (agus ba shearmanas é) ag ar seoladh an plean.

Tá dhá ghné den scéal seo ar fiú tagairt dóibh, ar ndóigh. Gné na heacnamaíochta – an éireoidh leis an bplean, an ar na rudaí cearta atá sé dírithe, an bhfeabhsóidh sé caighdeáin mhaireachtála an phobail?

Agus gné na polaitíochta – an rachaidh sé i gcion ar an bpobal, an gcothóidh sé muinín, an gcreidfidh na vótóirí a bhfuil le rá ag na polaiteoirí, an meallfaidh sé tacaíocht do pháirtithe an rialtais?

Is ar éigean gur féidir a rá gur éirigh le ceachtar gné, go dtí seo ar aon chuma.

Ar dtús, is ar éigean go raibh an dúch lenar scríobhadh é tirim ná go raibh cuid mhór den phlean séanta ag údair an phlean! Sea, foilsíodh liosta de na fiontair bhóthair atá mar chuid den phlean, is ansin d’admhaigh Eamon Ryan nach ndéanfaí roinnt díobh.

Agus tháinig Michael McGrath isteach sa díospóireacht go sollúnta, ag rá go mbeidh comórtas ann idir na fiontair éagsúla don mhaoiniú a bheidh riachtanach.

Céard is brí leis sin? Cé a dhéanfaidh stocaireacht ar son na bhfiontar éagsúil? Státseirbhísigh? Polaiteoirí? Airí Rialtais?

Samhlaigh: an ndéanfaidh an Taoiseach (reatha) Micheál Martin stocaireacht ar son feabhsú don M20 (nó N20) idir Luimneach is Corcaigh? An labhróidh Charlie McConalogue amach ar son feabhsú ar an A5 a cheanglódh Tír Chonaill le Baile Átha Cliath?
Bhí an scéal ina ábhar grinn cheana, ach ansin labhair James O’Connor, Teachta Dála de chuid

Fhianna Fáil in oirthear Chorcaí. Bhagair sé go n-éireodh sé as an bpáirtí mura bhfaigheadh sé focal sóláis maidir leis an seachbhóthar timpeall Bhaile na Martra.

Fuair sé gaoth an fhocail, is níor éirigh sé as; ach geallaim daoibh: ní fheicfidh muid an seachbhóthar céanna. Tá sé ar an liosta ach nach bhfuil sé ráite cheana ag Eamon Ryan nach bhfeicfidh roinnt dá bhfuil ar an liosta solas an lae?

Mhaígh an Taoiseach (reatha) nach mianliosta atá sa liosta seo. Ach fiú má tá an ceart aige is cur i gcéill é.

Fiú má dhéanann tú iarracht a chur ina luí ort féin gur plean dáiríre atá i gceist, chaithfeá an cheist a chur ort féin cén fáth go bhfuil a laghad ann faoi fhorbairt na tuaithe, go háirithe na ceantair is mó a bhfuil forbairt is jabanna ag teastáil uathu?

Mar shampla, tá an Comhaontas Glas ag maíomh go bhfuil siad ag cur an bhéim ar fhiontair phoiblí in ionad carranna príobháideacha, ach cén tagairt atá sa phlean d’Iarnród an Iarthair?

Níl tada ann maidir le hinfheistíocht in infreastruchtúr an Iarthair, ach plean spraoi go dtógfaí glasbhealach ar shuíomh na conaire. Sé sin le rá níl aon infheistíocht beartaithe d’eacnamaíocht an Iarthair agus ina háit tá acmhainní saoire a chur chun cinn don mheánaicme óg as Baile Átha Cliath.

Ní nach ionadh go bhfuil sé beartaithe ag Éamon Ó Cuív an scéal sin a ardú sa Dáil, agus ní nach ionadh go bhfuil teachtaí Fhianna Fáil san Iarthar ar buile faoin scéal is iad ag iarraidh cruinnithe práinneacha lena phlé.

Is beag maitheas, ceapaim, a thiocfaidh as an chruinniú, práinneach nó eile.

Agus an fiú labhairt arís faoi dhearcadh an rialtais i leith na tithíochta, is na pleananna a bhfuil teipthe orthu cheana sular tosaíodh iad? Nó cúrsaí sláinte? Nó na mílte rudaí eile ba chóir a bheith i bplean náisiúnta forbartha?

Is cén tionchar atá ag an seafóid seo ar an bpobal? I ndáiríre, sin é an t-aon léas dóchais a bhaineann leis an scéal uile – tá an plean cáinte os ard agus go forleathan.

Má theipeann ar an bplean maidir lena bhfuil ann faoi chúrsaí eacnamaíochta, teipfidh air freisin ó thaobh na polaitíochta de, mar feictear go forleathan é mar chleas chaidreamh poiblí.

Léiríonn pobalbhreith eile nach bhfuil an pobal vótála dall ar an gcleasaíocht seo. Tá Fine Gael anois deich bpointe taobh thiar de Shinn Féin. Tá an t-aos óg go láidir ar son an pháirtí sin, agus, i bhfianaise an phlean fholamh seo beidh an tacaíocht sin ag dul i méid.

Lá i ndiaidh lae tá an rialtas seo ag cruthú nach bhfuil sé ar a gcumas an jab a dhéanamh, ach tá faitíos an domhain orthu roimh olltoghchán toisc go dtuigeann siad go mbeidh siad as oifig ina dhiaidh. Agus amhail duine a bheadh á bhá san fharraige tá greim docht á choinneáil acu ar oifig, is cuma cén dochar a dhéanann siad don tír.

Ní nach ionadh go bhfuil comóradh á dhéanamh acu ar an gcríochdheighilt.

Fág freagra ar 'Ábhar grinn is ea an plean náisiúnta gan mhaith seo'

  • An Teanga Bheo

    Críocha Gafa na hÉireann