Ábhar Gaeilge i measc imeachtaí Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020

Agus srianta i bhfeidhm de bharr na paindéime Covid-19, beidh meascán d’imeachtaí ar líne agus roinnt imeachtaí ag na Láithreacha Oidhreachta idir an 15-23 Lúnasa

Ábhar Gaeilge i measc imeachtaí Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020

Déanfar ceiliúradh ar fud na tíre ar an gceangal atá idir oidhreacht agus oideachas agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur tús le Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020 amárach.

Agus srianta i bhfeidhm de bharr na paindéime Covid-19, meascán d’imeachtaí ar líne agus imeachtaí ag Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí a bheidh ar siúl idir an 15-23 Lúnasa.

I measc na n-imeachtaí Gaeilge ar líne tá Siúlach scéalach – Travelling with Mícheál Ó Cléirigh 1627-1629 inar féidir turas an staraí, Micheál Ó Cléirigh, a leanúint agus é ag taisteal ar fud na hÉireann chun saothar mór a scríobh ar bheatha na Naomh.

Caitheann tionscadal eile súil siar ar na ngrianghraif a ghlac Tomás Ó Muircheartaigh, iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Gnáthdaoine atá sna grianghraif a bhí ag maireachtáil i gceantair tuaithe na hÉireann, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta, idir 1930 agus 1960.

Tá cuid mhór d’imeachtaí na seachtaine ar fáil ar líne ag www.heritageweek.ie.

Agus é ag cur fáilte dó roimh chlár na seachtaine, dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, go raibh clár iontach imeachtaí ar líne curtha le chéile ag foireann an OPW.

“Tá flúirse imeachtaí ann do chách, idir óg is aosta – mar shampla, scéalta á ríomh, comhairle faoi bhord féile a leagan, arán a dhéanamh agus dul ag foráiste. Tá súil againn go mbainfear foghlaim agus spraoi araon as na hacmhainní seo.”

Tá táillí iontrála chuig roinnt de láithreacha Oidhreachta OPW curtha ar ceal mar chuid de Phlean Spreagtha Iúil an Rialtais chun turasóireacht áitiúil a spreagadh agus tacú leis an earnáil turasóireachta.

Tá liosta iomlán de na láithreacha OPW agus an réimse táillí ar fáil ag www.heritageireland.ie.

Moltar do chuairteoirí fiosrú a dhéanamh leis na suíomhanna oidhreachta sula bhfágann siad an baile de bharr srianta COVID-19 a bheith i bhfeidhm i gcuid mhór láithreacha.

Fág freagra ar 'Ábhar Gaeilge i measc imeachtaí Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020'

  • Eoin Ó Riain

    Tá an suíomh ag Seachtain Náisiúnta Oidhreachta sa Teanga Náisiúnta ag an nasc seo: https://www.heritageweek.ie/ga/.