Ábhar ceiliúrtha ag an rialtas ach cad is fiú gealltanas an tSasanaigh?

AN BHREATIMEACHT: Ghéill na Sasanaigh ar gach aon phointe, ach ní bheidh aon socrú críochnúil faoi na nithe seo go dtí go mbeidh an socrú iomlán curtha i gcrích

Ábhar ceiliúrtha ag an rialtas ach cad is fiú gealltanas an tSasanaigh?

Ní nach ionadh tá an rialtas ag baint an-sult as an ngaisce atá déanta acu i i leith an Bhreatimeachta, agus geallúintí faighte nach mbeidh aon teorainn chrua ann mar choinníoll le tús a chur le cainteanna trádála. Agus cé a thógfadh orthu é?

Feicfimid ar ndóigh an féidir muinín a bheith againn as geallúintí rialtas Shasana i dtaobh na teorann, agus feicfidh an DUP leis. Cheana féin tá scéalta ann a deir nach bhfuil aon bhrí chinnte leis an margadh, go bhfuil na Sasanaigh ag rá go príobháideach nach raibh ann ach seift chun Éire a shásamh agus bealach a réiteach do na fíorchainteanna.

Agus tá sé ráite ag David Davis, príomh-idirbheartaí Shasana nach gcloífidh Sasana fiú leis na geallúintí faoin mbille imeachta mura bhfaigheann siad comhaontú sásúil trádála.

’Sea, céard is fiú focal ar bith a deir ceannairí na polaitíochta in aon tír nuair a bhíonn soiniciúlacht le feiceáil chomh hoscailte sin?

Taobh amuigh de na Sasanaigh féin, an féidir lánmhuinín a bheith againn as an Aontas Eorpach nó an é gur bhain siad leas asainn mar chuid dá n-iarracht neamhní a dhéanamh den Bhreatimeacht?

Ag éisteacht le hurlabhraithe de chuid an Aontais, agus le Michel Barnier an príomh-idirbheartaí ach go háirithe, is léir go bhfuil straitéis dhéthaobhach i gceist ag an Aontas. An Breatimeacht a dhéanamh chomh deacair is chomh costasach sin go mbeadh sé ina rabhadh ag ballstát ar bith eile gan sampla na Breataine a leanúint; nó an aon bhrí a bhaint as trí Shasana a choinneáil san Aontas Custam, nó sa Mhargadh Aonair, nó sa dá cheann.

Is í an idirbheartaíocht trádála an chuid is tábhachtaí den idirbheartaíocht ar ndóigh, agus níor thug an tAontas mórán solúbthachta do na Sasanaigh.  Bhí orthu glacadh le bille imeachta atá níos airde ná mar a bhí uathu, géilleadh mar gheall ar chearta na saoránach ón Aontas sa mBreatain agus a fhógairt nach gceadófaí teorainn chrua sa tír seo.

Ghéill na Sasanaigh ar gach aon phointe, ach ní bheidh aon socrú críochnúil faoi na nithe seo go dtí go mbeidh an socrú iomlán curtha i gcrích. Feicfimid lá na cinniúna céard is fiú a gcuid geallúintí.

Ag deireadh thiar, ar ndóigh, ní féidir socrú a chinntiú faoin teorainn in Éirinn go dtí go mbeidh a fhios againn cén socrú trádála a bheas ag an mBreatain feasta leis an AE.

Ach tá an rialtas ag maíomh go raibh bua mór acu, agus is dócha go mbreathnaíonn an pobal fré chéile ar an Aontas go han-fhabhrach anois.

Ar ndóigh, ní fhaigheann éinne rud ar bith in aisce. An an bhfuil aon cheangal idir ráiteas láidir an Aontais i dtaobh na teorann agus cinneadh na Dála páirt a ghlacadh in PESCO, an conradh nua ‘cosanta’ atá ag an Aontas le comhpholasaí míleata a chinntiú?

Tá brú mór taobh istigh den Aontas go dtapófaí deis an Bhreatimeachta le dul ar aghaidh le lárú breise a dhéanamh, mar atá molta ag uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron.

Anois tá ceannaire an SPD sa nGearmáin, Martin Schulz, i ndiaidh coinníoll a leagan síos i dtaobh an chomhrialtais nua le Angela Merkel – go mbeadh conradh nua ann a bhunódh Stáit Aontaithe na hEorpa.

Deir Schulz gur cheart go mbeadh ar aon bhallstát reatha nach nglacfadh leis an stát Eorpach nua imeacht as an Aontas Eorpach.

Cá seasann an tír seo maidir leis an gcor nua seo i bpolaitíocht na hEorpa – cor nach bhfuil luaite ná pléite sna meáin mhóra in Éirinn, beag nó mór?

’Sea, níl mórán ag cur i gcoinne comhoibriú eacnamaíochta idir stáit, nó rialacha faoi chaighdeáin is eile, ach ollstát nua?  Sin scéal eile. Agus sin é i ndáiríre an fáth gur chuir an oiread sin daoine in Éirinn in aghaidh aon Aontais Eorpaigh ón tús.

Táthar ann, cinnte, atá ag cur in aghaidh fhís (nó tromluí) Schulz is Macron.  Tá aon bhallstát déag in Oirthear na hEorpa ag comhoibriú leis an tSín i dtaobh plean nua eacnamaíochta  – plean, a deir Coimisiún na hEorpa, a thagann salach ar dhualgais an Aontais.

Arís, cá seasann an tír seo maidir leis an scéal sin? Nó an bhfuil a fhios ag ár rialtas faoi?

Tá sé tuillte ag an rialtas an gaisce a cheiliúradh, cé go bhfuil sé deacair a bheith ag éisteacht le daoine nár spéis riamh leo Náisiúnaithe an Tuaiscirt, le linn nó i ndiaidh an chogaidh, anois ag caitheamh anuas go nimhneach ar na Sasanaigh.

Ach is cóir dúinn a bheith ar an airdeall sa bhfadtéarma mar i ndáiríre níl againn faoi láthair ach gealltanas agus briathra binne. Agus ní fiú mórán gealltanas an tSasanaigh, ná gealltanas cheannairí na hEorpa ach an oiread.

Fág freagra ar 'Ábhar ceiliúrtha ag an rialtas ach cad is fiú gealltanas an tSasanaigh?'