‘Ábhar buartha’ é a laghad Gaeilge atá á cloisteáil ag daltaí Gaelscoile le linn na géarchéime

Tá dúshlán teanga ar leith roimh roinnt mhaith daltaí Gaelscoile agus a dtuismitheoirí de bharr na paindéime

‘Ábhar buartha’ é a laghad Gaeilge atá á cloisteáil ag daltaí Gaelscoile le linn na géarchéime

Deir an saineolaí aitheanta i réimse an oideachais Pádraig Ó Duibhir gur “ábhar buartha” é a laghad Gaeilge atá á cloisteáil ag daltaí Gaelscoile atá sa bhaile le linn na géarchéime.

Deir an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go bhfuil riachtanais oideachais bhreise ag daltaí Gaelscoile agus gur ábhar buartha é “an easpa teagmhála” atá ag daltaí an Ghaeloideachais leis an Ghaeilge le linn na tréimhse seo.

“Mar chúiteamh ar an easpa teagmhála leis an teanga, is ag brath ar chumas Gaeilge na dtuismitheoirí atá siad. Is dóigh liom féin go méadaíonn sé sin an bhearna idir na daltaí a bhfuil cumas réasúnta sa Ghaeilge ag a gcuid tuismitheoirí agus na daltaí nach bhfuil,” a dúirt sé. 

Dúirt an Dr Ó Duibhir gur minic “amhras” ar thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu agus iad i mbun scoil a roghnú dá bpáistí.

“Bíonn tuismitheoirí buartha i gcónaí faoina n-easpa cumais féin sa Ghaeilge agus iad ag roghnú an Ghaeloideachais dá bpáistí. Bíonn muid ag rá le tuismitheoirí gurb ionann an obair bhaile agus daingniú agus dul siar agus nár cheart dóibh a bheith buartha faoi sin.

“Ach i láthair na huaire, is í an obair bhaile an obair scoile ar fad agus cuirfidh sé sin leis an mbuaireamh atá ar thuismitheoirí,” a dúirt sé.

Deir Pádraig Ó Duibhir, atá ina chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Gaelscoile i mBaile Átha Cliath a bhfuil stádas DEIS, banda a haon, aici, go bhfuil daltaí sa scoil sin faoi mhíbhuntáistí móra ó thaobh na teanga agus na teicneolaíochta de le linn na géarchéime.

“Tá céatadán suntasach de na daltaí sin nach bhfuil teacht acu ar ríomhairí, gléasanna nó leathanbhanda. Bíonn siad ag brath ar ghuthán amháin le rochtain a fháil ar cibé obair atá an scoil ag iarraidh a chur ar fáil dóibh.

“Tá dhá cheist ann, ceist na Gaeilge agus ceist na socheacnamaíochta agus léiríonn an ghéarchéim an ceangal mór atá idir ioncam agus stádas oideachais.”

Dúirt sé go raibh “an-iarracht” á déanamh ag múinteoirí i scoileanna faoi mhíbhuntáiste leabhair, pinn agus acmhainní crua eile a sheoladh amach chuig páistí ionas go bhféadfaidís leanúint leis an fhoghlaim.

Deir an Dr Pádraig Ó Duibhir nach bhfuil “aon réiteach simplí” ar na dúshláin teanga agus socheacnamaíochta atá roimh roinnt dhaltaí Gaelscoile agus gur trua nár craoladh clár macasamhail RTÉ Home School Hub in am trátha ar TG4. 

“Is maith ann an clár oideachais Gaeilge ar Cúla4 ach is leathuair an chloig atá ann le hais an uair an chloig atá á craoladh ar RTÉ gach lá den tseachtain. Níor thosaigh clár Cúla4 go dtí roinnt seachtainí tar éis an chláir Bhéarla ar RTÉ, mar sin fágadh bearna níos mó do thuismitheoirí nach bhfuil chomh hinniúil sin ar an Ghaeilge.

“Ba thrua nach clár uair an chloig a bheadh ann le tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí a bheadh ag brath go mór air,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Ó Duibhir go raibh gach duine thíos leis an phaindéim, ach go raibh sé “tábhachtach” nach mbeifí ag féachaint ar an Ghaeilge mar rud éigin a mbeadh “bac ag baint léi”.

I ráiteas a chuir an eagraíocht Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go rabhadar “an-fheasach” nach í an Ghaeilge teanga baile go leor de na teaghlaigh atá ag freastal ar naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Príomfheidhmeannach na heagraíochta, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go bhfuil sé “an-tábhachtach” go bhfaigheann na páistí sin nach bhfuil fáil acu ar an Ghaeilge “ionchur luachmhar teanga” agus iad sa bhaile.

“Tá sé níos deacra le linn na géarchéime seo ar theaghlaigh nach bhfuil Gaeilge acu roinnt de na scileanna cumarsáide agus idirphearsanta a chleachtadh, ach tá muid ag lorg bealaí nuálacha ar líne le gníomhaíochtaí suimiúla a dhéanann an fhoghlaim, an spraoi agus na scileanna teanga agus cumarsáide a chónascadh le chéile, a roinnt,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh tuismitheoirí aitheanta ag an eagraíocht “mar spriocghrúpa” agus iad á spreagadh le gnéithe den tumoideachas a chleachtadh sa bhaile.

Sa Bhreatain Bheag, táthar chomh buartha sin faoi thionchar na géarchéime ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna Breatnaise gur mhol Chéad-Aire na Breataine Bige, Mark Drakeford, go n-osclófaí na scoileanna Breatnaise níos luaithe ná scoileanna eile sa Bhreatain Bheag.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh sé “riachtanach” go ndéanfaí cinntí maidir le hathoscailt scoileanna bunaithe ar an “anailís eolaíochta agus leighis is déanaí” chun a chinntiú go mbeadh pobal uile na scoile “muiníneach” go bhfuil sé sábháilte filleadh ar an scoil.

Idir an dá linn, dúirt Ní Ghréacháin go mbeadh acmhainní á chur ar fáil do thuismitheoirí agus ceardlanna á reáchtáil ar líne dóibh chun cabhrú leo freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga a bpáistí.

“Leanfaidh muid freisin leis an stocaireacht atá idir lámha againn ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus an Roinn Oideachais agus eagraíochtaí stáit eile lena chinntiú go gcuirtear acmhainní ar ardchaighdeán ar fáil do pháistí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus go bhfuil na hacmhainní sin ar fáil ag an am céanna leis na hacmhainní Béarla,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin.

Fág freagra ar '‘Ábhar buartha’ é a laghad Gaeilge atá á cloisteáil ag daltaí Gaelscoile le linn na géarchéime'

  • Bríd

    Cuireadh na heagrais Ghaeilge ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do scoláirí na nGaelcholáistí? Céard eile atá siúl acu? Caint & níos mó cainte!