Ábhair á múineadh trí Bhéarla ar Inis Oírr den chéad uair riamh cheal múinteoirí cáilithe

Deir príomhoide Choláiste Ghobnait gur deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí a fháil chun dul ag obair ar oileáin is cúis leis an scoil a bheith ag iompú ar an mBéarla in ábhair áirithe

Ábhair á múineadh trí Bhéarla ar Inis Oírr den chéad uair riamh cheal múinteoirí cáilithe

Múinfear ábhair trí Bhéarla i gColáiste Ghobnait Inis Oírr den chéad uair riamh toisc gur chinn ar an scoil Ghaeltachta teacht ar mhúinteoirí a bhí ábalta múineadh trí Ghaeilge.

Dúirt príomhoide Choláiste Ghobnait, Bríd Ní Dhonnacha, gur deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí a fháil chun dul ag obair ar oileáin is cúis leis an scoil a bheith ag iompú ar an mBéarla in ábhair áirithe.

Dúirt Ní Dhonnacha ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta inniu go raibh sé “thar am” an liúntas speisialta a bhíodh ann do mhúinteoirí ar oileáin a thabhairt ar ais. Dúirt sí gur gá é sin mar go mbíonn costas breise ar dhaoine a bhíonn ag teagasc ar oileáin agus gur minic, mar shampla, go mbíonn morgáiste ag múinteoirí ar tír mór agus cíos á íoc acu ar an oileán.

Amárach a chuirfear tús leis an scoilbhliain nua i gColáiste Ghobnait agus deir lucht na scoile nach bhfuil aon rogha acu ach ábhair áirithe á múineadh trí Bhéarla den chéad uair riamh. I measc na n-ábhar sin, tá an Mhatamaitic, an Ealaín agus an Eacnamaíocht Bhaile.

23 dalta a beidh ag freastal ar Choláiste Ghobnait i mbliana, laghdú ar an 28 dalta a bhí ann anuraidh.

Maidir leis an gceathrar múinteoirí nua a earcaíodh do Choláiste Ghobnait i mbliana, dúirt Bríd Ní Dhonncha gur gá don Roinn Oideachais tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh.

“Níl aon chóras tacaíochta ar fáil do na múinteoirí atá earcaithe againn. Tá siad toilteanach agus tá siad sásta an Ghaeilge a fhoghlaim ach níl aon struchtúr ceart i bhfeidhm,” ar sí.

Dúirt Ní Dhonncha go raibh “leatrom” á dhéanamh ar dhaltaí an oileáin agus go bhfuil na daltaí sin i dteideal “an caighdeán oideachais céanna” a fháil le gach scoláire eile sa tír.

D’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna tuarascáil i mbliana maidir le scoileanna oileáin, tuarascáil ina raibh ocht moladh.

Moladh sa tuarascáil go dtabharfaí ar ais an liúntas oileáin a d’íoctaí le múinteoirí a bhíonn ag teagasc i scoileanna oileáin, go dtabharfaí €20,000 sa bhliain do gach iarbhunscoil oileáin agus go dtabharfaí breis foirne do na scoileanna sin chun freastal ar a sainriachtanais ó thaobh an oideachais. Moladh chomh maith go bhféachfadh an tAire Oideachais ar chur le líon na scoláireachtaí atá ceadaithe do dhaltaí le tréimhsí a chaitheamh ar scoileanna na n-oileán agus go gcuirfí  deireadh leis an mbac atá ar dhaltaí Gaeltachta leas a bhaint as na scoláireachtaí sin.

Moladh chomh maith go bhforbrófaí “sainpholasaí a dhíreodh ar shainriachtanais scoileanna oileáin” agus go n-aithneofaí cás na scoileanna oileáin in aon reachtaíocht, polasaithe nó tionscnaimh de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna amach anseo.

Fág freagra ar 'Ábhair á múineadh trí Bhéarla ar Inis Oírr den chéad uair riamh cheal múinteoirí cáilithe'

  • aifeiseach

    Do-chreidte i bhfianaise an Pholasai nua don Oideachas Gaeltachta!! Ca bhfuil an tacaiocht chui ata tuillte ag daltai na Gaeltachta??

  • Pf

    Is cúis náire a bhaineann leis an scéal seo. Chuir sé sna trithí gáire mé go gcaithfidh múinteoirí íoc as morgáistí agus cíos.. Is annamh a bhuailim le múinteoir ab fhéidir dó/Di morgáiste a fháil go háirithe San oirthear de bharr an córas conarthe, gan trácht at phraghasanna tithe.

  • Mánus

    Is aisteach an caoi a caitear le hoileánaigh sna 26 condae. Thóg mé carr ar bád farantóireachta ag na hoileáin amach as Gothenburg sa tSualainn i mbliana agus bád beag eile amach go hoileán beag agus níor chosain sé pingin rua orm. Tá an costas maireachtála ar oileáin na hÉireann i bhfad níos daoire ná mar atá ar an mórthír. Ba chóir an liúntas oileán agus an liúntas don teagasc tré mheán na Gaeilge a thógaint ar ais. Is cuid de fhadbh náisiúnta í an easpa múinteoirí atá in ann teagasc tré mheán na Gaeilge. Tá líon na meánscoileanna lánGhaeilge ag méadú ar fud na tíre agus tá múinteoirí ag teagasc tré Bhéarla sna Gaelcholáistí. Ní mór coláiste oideachais lánGhaeilge a bhunú chun tabhairt faoin bhearna mór seo a líonadh.

  • Ó Merta

    Airgead an cháin-íocóra (PAYE) bocht á bhronnadh mar scoláireachtaí ag an Roinn (COG) ionas gur féidir le muintir Bhleá Cliath taisteal go hInis Oírr agus foghlaim trí mheán an BHÉARLA! Tut-tut!