Dhá bhliain tar éis reifreann an Bhreatimeachta, is soiléire ná riamh nach bhfuil sé ar chumas rialtas na Breataine tairiscint réasúnta a chur faoi bhráid an AE.
Níl droim láimhe tugtha ag Michel Barnier le páipéar bán a d’fhoilsigh rialtas Theresa May coicís ó shin. D’fháiltigh sé roimhe mar chéim chun tosaigh a d’fhéadfaí a phlé, mar a rinne an Tánaiste Simon Coveney i Londain inné.
Dála an scéil, nach bocht an scéal é go bhfuil rialtas na Breataine chomh mór faoi sháil an DUP nach in éineacht a labhair airí na Breataine agus na hÉireann a d’fhreastail ar an gcruinniú idir-rialtasach leis an bpreas ina dhiaidh. Socraíodh freisin nach dtabharfaí cead isteach do chriúnna teilifíse ag tús an chruinnithe, mar a dhéantar de ghnáth.
Ba dhóigh leat ar na srianta a chuir rialtas May ar reáchtáil an chruinnithe gur chruinniú náireach rúnda a bhí ann agus na hairí ag bualadh le daoine nach raibh meas ag mórán orthu. Sampla eile den dochar atá á dhéanamh i gcónaí don chaidreamh Angla-Éireannach ag tionchar an DUP in Westminster.
Ach fillimis ar an mBreatimeacht, agus ar leamhfháilte an AE agus an rialtais roimh pháipéar bán na Breataine. Ar ndóigh, cuidíonn sonraí a chuireann dream atá páirteach in idirbheartaíocht ar bith leis an bplé a theastaíonn sula n-aimsítear comhréiteach.
Ach ní hionann eisiúint sonraí agus mianach comhréitigh, go háirithe má tá an rialtas a d’eisigh iad ag lorg buntáistí a ghabhann le ballraíocht in eagraíocht a bhfuil siad tar éis éirí aisti.
Tá sé ráite ag airí éagsúla i Londain le deich lá anuas nach féidir leo níos mó a ghéilleadh. Dúirt an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha nua, Jeremy Hunt, mura n-athródh an tAontas Eorpach a sheasamh sna cainteanna go raibh contúirt mhór ann go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan margadh ar bith a dhéanamh.
Thug airí eile de chuid na Breataine le fios an tseachtain seo go raibh stoc-charnadh á phleanáil acu chun bia, drugaí agus cógais leighis a stóráil ar fhaitíos nach dtiocfaí ar mhargadh roimh lá an Bhreatimeachta (29 Márta 2019).
Ní foláir aird a thabhairt ar chaint mar seo. Má tá rialtas na Breataine toilteanach a rá lena muintir féin go mb’fhéidir go mbeidh anás agus anachain rompu sula fada, cá bhfios cén dochar a d’fhéadfaidís a dhéanamh sa tír seo?
Bhí súil ag ár bhformhór go mbeadh ciall i réim sa Bhreatain faoi dheireadh, agus go bhféadfaí teacht ar mhargadh réasúnta le daoine réasúnta i Londain. Faraor, cé go bhfuil Michel Barnier, Simon Coveney agus ionadaithe Eorpacha eile ag labhairt go béasach faoin Ríocht Aontaithe i gcónaí, ní féidir leo neamhaird a dhéanamh de ‘thástáil na lachan’.
Más léir dúinn neamhthoil chun réitigh sa chuid is mó de ráitis rialtas na Breataine, b’fhéidir gur chóir glacadh leis gur neamhthoil chun réitigh atá i réim sa Bhreatain. B’fhéidir gur Breatimeacht docht seachas comhréiteach a theastaíonn uathu dáiríre?
Más amhlaidh atá, ainneoin an tsocraithe a rinne Theresa May leis an Aontas Eorpach i mí na Nollag, ní dhéanfar comhréiteach faoi Thuaisceart Éireann sula bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.
Más amhlaidh a bheidh, cuirfidh an tAontas Eorpach iachall ar an rialtas teorainn an AE a chosaint ar bhealaí éagsúla, idir chrua agus bhog, ó lá an Bhreatimeachta.
Más amhlaidh an scéal, níl ach rogha amháin fágtha le géarchéim an Bhreatimeachta atá ag bagairt ar an oileán seo a sheachaint, ar feadh tamaill, ar aon nós.
Dúirt Simon Coveney i Londain inné go mbeadh an rialtas lántoilteanach tacú le hiarratas ón mBreatain go gcuirfí moill ar fheidhmiú an Bhreatimeachta. Is é sin, a dúirt sé, dá mbeadh síneadh ama “riachtanach chun teacht ar chomhréiteach ciallmhar”.
Céard is féidir le daoine ciallmhara atá i mbun idirbheartaíochta a dhéanamh go dtí go léirítear ciall ar an taobh eile den bhord?
Fíorbheagán, faraor.
Más duine thú a bhíonn ag guí, cuimhnigh ar na créatúir gan chiall taobh thall de Mhuir Éireann. Abair paidir ar a son (agus ar ár son féin).
Eoin Ó Murchú
B’fhéidir, ach is ó dhearcadh dhíograiseóir Eorpaigh atá Cathal ag scríobh. Creideann móramh na vótóiri i Sasana go bhfuil sé ciallmhar n héilithe sin a dhéanamh. Agus, tá Seehofer na Gearmáine ag rá go raibh an tAE ró-dhian sna cainteanna is tá iar oifigeach de chuid an IMF ag fógairt gurb é plean Chequers an plean is ciallmhaire don Eoraip is don Bhreatain féin ag an bpointe seo. Cá bhfágann na cora seo muide in Éirinn a chuir ár gcártai ar fad ar an Eoraip?
Córa de Paor
Beidh mé ag guí…